DiscoverFada is Fairsing
Fada is Fairsing
Claim Ownership

Fada is Fairsing

Author: teicneoir@raidionalife.ie

Subscribed: 146Played: 3,124
Share

Description

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
380 Episodes
Reverse
Ar an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil agus an feachtas atá ar siúl ag an eagraíocht, dar teideal "Is Féidir Vótáil, Taim ag Vótáil!"
AAr an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín.
Ar an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a reachtáladh le gairid i bParlaimint na hEorpa a raibh sé féin mar chathaoirleach uirthi.
Ar an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoina leabhar úr 'Gaeil agus Géibheann', a thaithí leis an nGaeilge sa phriosiún, Gaeilge i Westminster sa 19ú hAois agus go leor eile.
Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhathúna ón Little Ireland Arts Collective san Albain ag labhairt linn faoin imeachtaí Sheachtain na Gaeilge san Albain! Chomh maith leis sin chualamar cuid de cheol cara le Deirdre, Máire McCarthy an ghrúpa.
Ar an gclár seo bhí Pádraig Mac Brádaigh ó Choláiste na Tríonóide ag labhairt linn faoina feachtasaíochta don chéad ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn san ollscoil agus faoi Éigse na Tríonóide le gairid. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Ríocht Aontaithe ach ina cónaí sa Nua-Shéalainn anois ag caint linn faoi cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge sa tír le craobh Chonradh na Gaeilge Aotearoa ar sheachtain Lá le Pádraig.
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag labhairt linn faoina turas chuig na Stáit Aontaithe le gairid, ag labhairt le mic léinn Ollscoil Harvard faoi Chonradh na Gaeilge agus a chuid feachtas; Ardfheis Chonradh na Gaeilge agus na craobhacha CNAG a bheas ag freastal air ó áiteanna ar fud na cruinne; agus faoi chúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15, a ceantar féin!
Ar an gclár seo bhí Barra Ó hÉireamhóin ag labhairt linn faoin tionscnamh iontach atá ar siúl aige le grúpa cairde ar fud na cruinne chun airgead a bhailiú do chatharnachtaí a oibríonn ar chúrsaí meabharshláinte. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le píosa a rinne Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC linn faoi Scoil Samhraidh COBÁC a bhíonn ar siúl gach samhradh san Ollscoil le héagsúlacht imeachtaí mar chuid de!
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor agus Lena Krochmann linn ó Ériú Leipzig, grúpa mac léinn a oibríonn ar mhionteangacha sa Ghearmáin, linn le labhairt- trí mheascán de Ghaeilge agus Ghaidhlig (Gaeilge na hAlban!) - faoina ngrúpa agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin bhí Ruth Ó Laoide Kelly linn ón mBruiséil le labhairt linn faoi imeachtaí atá ar siúl ag Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge do Lá le Bríde.
Ar an gclár seo bhí Seathrún Sardina ag insint dúinn faoin bpop up Gaeltacht agus faoina thuras chun na Stáit Aontaithe ag comhdhálacha taighde. Chomh maith leis sin bhí Mags, bainisteoir Ciorcal Comhrá Stutgartt ag labhairt linn faoin ngrúpa Gael atá acu sa chathair Ghearmánach agus a gcuid imeachtaí!
Ar an gclár seo bhí Oisín O'Mahony, Oifigeach Gaeilge agus iar-Chathaoirleach na Cologne Celtics, club Cumann Luthchleas Gael Cologne, ag labhairt linn ó Bonn na Gearmáine faoin gclub agus a shaol ansin! Chomh maith leis sin bhí Diarmaid Ó Maolagáin ó Manotick, Ceanada, Tánaiste Ghaeltacht an Oileáin Úir, ag labhairt linn faoi Fhéile na Sneachta agus Tiomsheachtain Gaeilge atá á eagrú ag an ngrúpa!
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Muiris agus Dónal Ó Ceallaigh linn le labhairt faoi Phreab-Ghaeltacht Frankfurt na Gearmáine ar siúl sa chathair go míosúil. Chomh maith leis sin chualamar amhrán Gaeilge de chuid Danny féin!
Ar an gclár seo bhí Tomás Mac Seáin as na Stáit Aontaithe ag labhairt linn faoina chuid staidéir ar an nGaeilge agus a ainmniúchán do dhuais Ollscoil na hÉireann. Chomh maith leis sin bhí Gearóid Ó Drisceoil ag labhairt linn faoina thuras dochreidte ag dreapadh an tsléibhe Kalo Yala sna Himaléithe.
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Ceallaigh, ball de Chairde na Pailaistíne Bhéal Feirste, ag labhairt linn faoin ngrúpa agus a gcuid oibre, cad atá de dhíth ó shaoránaigh agus ó cheannairí don Phailistín agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Ríoghnach Hyland ag labhairt linn faoi sheoladh Craobh na Bruiséile de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus an pobal Gaelach sa chathair.
Ar an gclár seo bhí Peadar Devlin agus Pádraig Mac Brádaigh, beirt mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, ag labhairt linn faoina n-óige sa Ghearmáin agus sna Stáit Aontaithe, a gcuid staidéir agus go leor eile!
Ar an gclár seo bhí Niamh Ní Bhroin ar Ollamh Comhalta í in Ollscoil Agder san Iorua ag labhairt linn faoina saol agus a cuid oibre ansin! Chomh maith leis sin bhí Alex Nic Philibín ag labhairt linn ón Spáinn faoina cuid oibre ar chúrsaí Catalónacha, Bascacha agus Gailíseacha.
Ar an gclár seo beidh Ellen Corbett ag labhairt linn faoin bPop Up Gàidhealtachd (popup Gaeilge na hAlban) a bhí aici ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin linn le labhairt faoi laoch na nGael, Dineen Grow a cailleadh le gairid, an éacht a rinne sí thar na blianta do phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus go leor eile.
Ar an gclár seo ar Oíche Shamhna chualamar ó Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire. Chomh maith leis sin chualamar ó Sara McNamara a d'inis dúinn faoina cuid taistil go Maspalomas, Gran Canaria le gairid, an t-ilteangachas ann, an sos intinne a fuair sí agus go leor eile.
Ar an gclár seo chualamar ó Robert Henneberg ó Ambasáid na Gearmáine linn faoi Mhalartán Cultúrtha a bhí ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin leis an teangeolaí Sorbaise, craoltóir raidió, grianghrafadóir agus ceoltóir Matej Dzislawk agus an t-ealaíontóir agus acadóir Éireannach, Eoin Mc Evoy. Chualamar cuid de cheol Sorbach Matej ar an gclár freisin.
Ar an gclár seo chualamar ó Dhiarmaid Breathnach ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín faoi láthair, léirsithe in Éirinn agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí an Dr Eoghan Mac Conaill Óig, Ollamh Cúnta le Gnó in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, linn le labhairt faoin Máistreacht sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach atá fógartha acu san ollscoil le gairid, deiseanna ó thaobh ilteangachais de, taisteal thar sáile leis na scileanna ón máistreacht seo agus go leor eile.
loading
Comments 
loading
Download from Google Play
Download from App Store