Discover
Splanc
Splanc
Author: Newstalk
Subscribed: 62Played: 4,498Subscribe
Share
© Splanc
Description
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
554 Episodes
Reverse
Labhraíonn Garry Mac Donncha le Cuán faoina shaol agus a shaothar, a hóige i gConamara, an méid atá bainte amach aige ó thosaigh sé sna meáin siar i 1996, buaicphointí móra go dtí seo agus neart eile.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha - neart amhráin iontacha, leabhair, áiteanna le dul, rudaí Éireannacha agus Lá Fhéile Pádraig beagnach linn, agus neart eile.
Labhraíonn Siobhán Ní Chíobháin le Cuán faoin taisteal atá déanta aici ar fud na cruinne agus faoi na moltaí is mó a bheadh aici d'éinne atá ag iarraidh dul ag backpackáil agus ag turasóireacht thar lear.
Labhraíonn an file agus scríbhneoir Áine Durkin le Cuán faoi dhánta agus amhráin a chumadh, a albam 'Amhráin Áine' agus go leor eile.
Labhraíonn Kate McDaid le Cuán faoi chothú do mhná sa spórt, an tionchar a bhíonn ag miostrú ar rannpháirtíocht sa spórt agus conas tacú le mná fanacht sa spórt agus dul chun cinn a dhéanamh.
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Cuán faoi roinnt de na laochra ban atá aici, an tábhacht a bhaineann le féilte mar seo, cairdeas idir mhná, an tábhacht a bhaineann le spreagadh, agus go leor eile.
Tá moltaí iontacha ó Chuán, agus téama speisialta 'Lá Idirnáisiúnta na mBan' i moltaí leabhair, cláir, scannáin, ceoil agus eile.
Labhraíonn Katie Whelan faoi cad é mar atá sé do mhná in Éirinn i 2026. Cad iad na dúshláin atá ansin fós, agus an bhfuil dul chun cinn déanta?
Labhraíonn Máire Zepf le Cuán faoi 'Rita agus an tEachtrán', atá roghnaithe mar cheann de leabhair 'Lá Domhanda na Leabhar'. Labhraíonn sí faoin tsraith Rita, a saothar scríbhneoireachta agus léitheoireacht a chothú do pháistí.
Labhraíonn Louise Ní Mhuircheartaigh le Cuán faoina saol agus a saothar, Laochra Gaeil, peil na mban agus cad é mar atá spórt na mban i 2026.
Labhraíonn Ursula Savage le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine.
50 bliain ó bhain Abba barr na cairte amach le Mamma Mia, labhraíonn Louisa Ní Éideán agus Cuán faoi ABBA Gold - ceann de na halbaim is rathúla riamh.
Tá Cuán ar ais le moltaí den scoth agus mí Márta ag druidim linn.
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Cuán faoin méid a bheidh ar siúl aidci do Sheachtain na Gaeilge, cúrsaí cruthaíochta agus an t-imeacht 'Bí Aireach Ar Do Theanga'.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir faoi rugbaí na hÉireann, an smaoineamh fad a chur leis an séasúr, Éire V An Iosrael agus neart eile.
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine.
Tugann Cuán moltaí iontacha dúinn don tseachtain amach romhainn, idir leabhair, scannáin, ceol agus eile.
Labhraíonn Róisín Seoighe le Cuán faoina ról mar ambasadóir le Seachtain na Gaeilge 2026, agus faoina saothar ceoil.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, agus neart comhrá acu faoi chúrsáí rugair, Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh, curling agus neart eile.
Labhraíonn Caoimhe Nic Giollarnáith le Cuán faoina saothar agus an obair atá idir lámha aici i Nua Eabhrac, agus chloisimid faoin bhféile Fís Nua agus pobal na nGael i Nua Eabhrac.



