DiscoverLearn Irish with daily podcasts
Learn Irish with daily podcasts
Claim Ownership

Learn Irish with daily podcasts

Author: V H

Subscribed: 160Played: 11,956
Share

Description

Short sentences with English translations
533 Episodes
Reverse
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26lsnkv7 Contact: irishlingos@gmail.com Egypt worries that Palestinians will be pushed across the border. Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann. The Egyptian Government says it has no intention of allowing the Palestinian Israelis living in the southern Gaza city of Rafah to be pushed across the border when the Israeli Army makes a major invasion of the city as they have promised. Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu. The Israelis have said many times that they have vowed to launch an all-out invasion of Rafah and have been retaliating against it for several weeks. Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí. International leaders have asked the Israelis just as often not to go ahead with the invasion because of the damage that will certainly be done to the public. Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin. Not to mention the million people who lived in Rafah before the Israelis started waging war on Gaza last autumn, their refugee sauce has also been wedged into it since then. Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin. Despite what the Egyptians said today, they also indicated that they would have to cooperate with the Israeli military forces in terms of security since Rafah is located on the border with Egypt. In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt. It cannot be said, they said, that they will support the invasion. Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh. As per the Israeli plan to do so, it is reported that they have bought 40,000 tents with room for twelve in each, with the hope of housing civilians who will be evacuated from Rafah before the invasion. Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu. It seems that some of the tents have already been erected in the city of Khan Younis, five kilometers north of Rafah. Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah. If this is the case, the Israelis are determined to get as many civilians as possible out of Rafah before the invasion, it is estimated that they will not have made all their preparations for at least a month. Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28hzobfb Contact: irishlingos@gmail.com Israelis have started a new campaign of force in northern Gaza. Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza. It appears that Israeli military forces have begun a fresh campaign of violence in Gaza after they heavily bombarded various parts of the Palestinian enclave yesterday. Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné. In that, the Israeli Army ordered civilians in four places in the city of Beit Lahiya in northern Gaza to leave their homes again because they were "in a dangerous war zone". Ina cheann sin, d'ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad "i gceantar cogaíochta contúirteach". The Israelis had previously pulled troops out of northern Gaza after, they said, defeating Hamas militants. Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas. In a statement, the Israeli Army said it intended to "confront – with the utmost force – terrorist infrastructure and insurgent gangs" in the area. I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu "aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach" sa cheantar. The statement also claimed that "the Israeli Army abides by international law and does its best to mitigate the harm caused to civilians (in war)". Maíodh sa ráiteas freisin "go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh (i gcogadh) a mhaolú". In addition to the fresh campaign in northern Gaza, Israeli forces reportedly fired missiles from jet planes and shells from tanks at centers in central and southern Gaza yesterday. Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné. According to people in those places the bombardment lasted almost twenty-four hours. Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche. It is also reported that no one was injured when the Palestinian Islamic Jihad group fired a rocket salvo from northern Gaza at two towns in southern Israel. Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael. Since the failure of talks held by international diplomats in Qatar and Egypt there is no more talk of a ceasefire in Gaza. Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza. It is indeed believed that the Israelis are preparing for a major invasion of the city of Rafah in the southern Gaza Strip after international leaders have asked them not to go ahead with it. Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis. Over 34,000 people have been killed and 77,000 people have been injured in Gaza since the Israelis started waging war on the place six and a half months ago. Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin. That is without taking into account the bodies hidden by the debris of the buildings demolished by the bombing. É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh d...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjb8gg2 Contact: irishlingos@gmail.com "Intimidation of politicians harms democracy". "Déanann imeaglú ar pholaiteoirí dochar don daonlathas". Threats and intimidation aimed at elected representatives are damaging to democracy, said the Minister for Integration, Roderic O'Gorman today, after a group of protestors gathered outside his home last night. Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O'Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir. They were wearing face coverings and carrying anti-immigration signs. Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith- inimirce á n-iompar acu. The Gardaí from Blancheir attended the scene, of which no one was arrested. D'fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine. "I want to thank the Gardai", Minister O'Gorman said today. "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí", a dúirt an tAire O'Gorman inniu. "We have a strong tradition of democracy in this country. "Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo. Representatives are accountable to the public they serve. Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air. It's easy to contact us and give us feedback. Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn. There are debates and disagreements between us, sometimes. Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta. But respect is always shown. Ach léirítear meas i gcónaí. We place a high value on respect in this country; it is particularly valued by politicians. Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air. But intimidation of elected representatives will damage that relationship between representatives and their communities. Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail. And democracy will be damaged as a result." Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr." The Taoiseach, Simon Harris, indicated earlier today that he feels "uneasy" about the incident in front of Roderic O'Gorman's house yesterday. Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé "míshuaimneach" faoin eachtra os comhair theach Roderic O'Gorman inné. He said it was a frightening incident, one that would demoralize an elected representative. Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa. Justice Minister Helen McEntee said she had spoken to the Garda Commissioner about the "appalling" incident. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra "uafásach". In a statement on social media, she said the minister's "privacy and property rights" had been violated, "in a way that would shock anyone." I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh "sárú ar chearta príobháideachais agus maoine" an aire, "ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine."
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29nmgwao Contact: irishlingos@gmail.com Over 200 food businesses closed since the start of the year - new report. Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua. Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association. Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann. The report claims that the country's economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business. Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá. Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report. Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála. In that one, it is said, 22 people lose their job on average. Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán. According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average. De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán. On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges. Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce. Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime. Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn. In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital. I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair. The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again. Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís. However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year. Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát. On the contrary, the association believes that the Department of Finance's saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes. Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia. The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers' rights. Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe. The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone changes to sick pay given the difficulty they are having to keep their businesses going . Tá sé ráite ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris go bhfuil sé báúil le lucht gnó sa mhéid sin ...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar55r8m Contact: irishlingos@gmail.com Israel to sue for revenge for Iran's attacks. Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine. Israel's military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night. Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche. The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country. Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír. The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets. D'éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach. However, some managed to go head-to-head and cause damage. Mar sin féin d'éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh. It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl. Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d'aois ina measc. Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it. Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne. 'Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago' says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei. 'Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin' a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei. Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible. Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach. The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel. Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d'Iosrael. The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks. Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d'Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin. The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis. Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29fafkmd Contact: irishlingos@gmail.com €3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way. €3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin. Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland. Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann. That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014. Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014. As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project's success so far. Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo. The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork. 2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí. Some of the country's most important heritage sites are included along the way - including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór. Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc. The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism 'fair' which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow. Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag 'aonach' turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach. Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies. Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cvbjnhn Contact: irishlingos@gmail.com Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today. Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu. Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today. Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu. Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach. Tá Simon Harris 37 bliain d'aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh. He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago. Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d'fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as. Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign. Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig. In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion. Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún. It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs. Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc. Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him. Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon. After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach. Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach. It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards. Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25ghr2pc Contact: irishlingos@gmail.com Meg Connery: liquid revealed at her grave in Knocán Jaróm. Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm. She lived poor at the end of her life. Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil. She had no children and her brothers and sisters left for America. Ní raibh leanaí aici agus d'imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá. Meg and her husband, Con, were buried in a grave without liquid in Cnoncán Iaróm Cemetery in Crois Araild in the fifties. Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnoncán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí. But today, her name was up again. Ach inniu, bhí a hainm in airde arís. Her cousins and cousins came together from Meerceá in Knoncán Jaróm to reveal a liquid at her grave. Tháinig a garneachtanna agus garnianna tagtha le chéile ó Mheirceá i gCnoncán Iaróm chun leacht a nochtadh ag a huaigh. The money was collected by the Meg Connery Memorial Committee, which has been working for several years to draw attention to the important work she did. Bhí an t-airgead bailithe ag Coiste Cuimhneacháin Meg Connery, atá tar éis a bheith i mbun oibre le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach a rinne sí. "She was a brave and courageous woman", Micheál Casey from the Memorial Committee told us today. "Bean chróga mhisniúil a bhí inti", a dúirt Micheál Casey ón gCoiste Cuimhneacháin linn inniu. "She was tiny. "Bhí sí beag bídeach. But she stood strong. Ach sheas sí an fód go láidir. She went on hunger strike twice. Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó. She spent many periods in prison. Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún. Reports from that period show that her nose was broken while in prison." Léiríonn tuairiscí ón tréimhse sin gur briseadh a srón agus í istigh sa phríosún." Micheline Sheehy Skeffington, granddaughter of Hanna Sheehy Skeffington, was present at the event today. Bhí Micheline Sheehy Skeffington, gariníon le Hanna Sheehy Skeffington, i láthair ag an ócáid inniu. Together with Meg Connery, Lisa Schneckenburger, composed a song specially to commemorate the occasion. Chum garneacht le Meg Connery, Lisa Schneckenburger, amhrán go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b8gqr2e Contact: irishlingos@gmail.com ASTI meeting in Wexford. ASTI le chéile i Loch Garman. Artificial intelligence, online gravitas and teacher shortages; these are all being discussed and more at the Association of Middle Teachers Ireland (ASTI) trade union meeting which started in Wexford this morning. Intleacht shaorga,tromaíocht ar líne agus ganntan múinteoirí;tá siad sin uilig á bplé agus tuilleadh ag cruinniú cheardchumann Chumann na Meánmhúinteoirí Éire (ASTI) ar cuireadh tús leis i Loch Garman ar maidin inniu. Education Minister Norma Foley was present at the organization's big annual event. Bhí an tAire Oideachais Norma Foley i láthair ag ócáid mhór bhliantúil na heagraíochta. She launched a new road safety scheme aimed at intermediate year students. Sheol sise scéim nua sábháilteachta bóithre a bheidh dírithe ar dhaltaí idirbhliana. This is a pilot scheme and will come into effect next school year. Scéim phíolótach í seo agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an scoilbhliain seo chugainn. Minister Foley also addressed the scene promising to look into the teacher shortage crisis. Thug an tAire Foley aitheasc freisin ar an láthair ag gealladh go mbreathnófaí ar an ghéarchéim maidir le ganntan múinteoirí. It is said that more than 80 resolutions will be discussed at this conference which will last for another 2 days. Deirtear go bpléifear breis is 80 rún ag an gcomhdháil seo a mhairfidh 2 lá eile. As with the TUI union, the ASTI is not blind to the shortage of teachers and the large migration abroad in search of better remuneration. Ach an oiread le ceardchumann an TUI níl an ASTI dall ach oiread ar an ghanntan múinteoirí agus an imirce mhór thar lear ag lorg luach saothair níos fearr. Artificial intelligence and the impact it could have on the High Certificate in the case of proposals and other work related to specific subjects during the school year is also a big issue. Is mór i gceist freisin intleacht shaorga agus an tionchar a d'fhéadfadh sé imirt ar an Ardteistiméaracht i gcás thograí agus obair eile bainteach le cúrsaí ábhair ar leith i rith na scoilbhliana. Another resolution being discussed relates to online bullying and harassment and the need to introduce stricter legislation in this regard. Rún eile atá á phlé baineann sé le bulaíocht agus cur isteach ar líne agus an gá atá anois ann le reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach ina thaobh. In a survey by the ASTI almost 20% of those questioned indicated that they had suffered from comments online. I suirbhé de chuid an ASTI léirigh beagnach 20 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh gur fhulaing siad ó ráitis ar líne. Of course, matters of pay, standards and working conditions in general were also dragged down. Ar ndóigh, tarraingíodh anuas freisin cúrsaí pá, caighdeáin agus coinníolacha oibre go ginearálta. Artificial intelligence is a subject of the ASTI in Wexford Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bnr4n2e Contact: irishlingos@gmail.com Gaza and Ukraine on the tip of his beak by the Pope in the Urbi et Orbi. Gaza agus an Úcráin ar bharr a ghoib ag an bPápa san Urbi et Orbi. Pope Francis did not gloss over the Gaza and Ukraine crisis in his annual Urbi et Orbi Easter message today. Níor scaoil an Pápa Proinsias géarchéim Gaza ná na hÚcráine thairis ina theachtaireacht bhliantúil Cásca Urbi et Orbi inniu. In an address given by the Pope to thousands of people gathered in Peter's Square in Rome and broadcast around the world, he asked for a ceasefire in Gaza and for Hamas to release all its hostages. In aitheasc a thug an Pápa do na mílte duine a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Róimh agus a craoladh ar fud an domhain d'iarr sé sos cogaidh i Gaza agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla ar fad atá aige. He also asked that Russia and Ukraine release any prisoners of war they have because of the war that has been going on there for over 2 years now. D'iarr sé freisin go scaoilfeadh an Rúis agus an Úcráin saor aon phríosúnach cogaidh atá acu a bhuíochas don chogadh atá ar bun ansin le breis is 2 bhliain anois. Before that the Pope celebrated Mass on Easter Sunday. Roimhe sin cheiliúraigh an Pápa Aifreann Dhomhnach Cásca. The Pope came to the event in a wheelchair. Is i gcathaoir rotha a tháinig an Pápa chuig an ócáid. He is now 87 years old. 87 bliain d'aois atá sé anois. Concerns have been expressed for some time about his health. Tá imní léirithe le tamall faoina shláinte. and how much longer he will be the main guide of the up to 1.3 billion Catholics in the world. agus cé chomh fada eile a bheidh sé ina phríomhthreoraí ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain. Be that as it is reported that the Pope gave his 10 minute message in the Italian language without too much difficulty today. Bíodh sin mar atá tuairiscítear gur thug an Pápa a theachtaireacht 10 nóiméad uaidh i dteanga na hIodáilise gan aon ró- dheacracht inniu. It was shown that he was not sad either during the two hour ceremony or indeed afterwards when meeting people and blessing them. Léiríodh nach raibh mairg air ach oiread i gcaitheamh an tsearmanais dhá uair a chloig ná go deimhin ina dhiaidh sin ag casadh le daoine agus á mbeannú. It is said that he will also participate this evening in the Way of the Cross, an event that he was not present at on Good Friday thanks to health issues. Deirtear go mbeidh sé páirteach freisin tráthnóna i dTuras Bhealach na Croise,ócáid nach raibh sé i láthair aici ar Aoine an Chéasta a bhuíochas do chúrsaí sláinte. Pope Francis giving the Easter blessing An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22k3vort Contact: irishlingos@gmail.com Four people are being questioned about a fire in a hotel in Connemara. Ceathrar á gceistiú faoi dhóiteán in óstán i gConamara. Gardaí have arrested four people in connection with a fire in a hotel in Co Galway a week before Christmas last year. Tá ceathrar gafa ag na Gardaí maidir le dóiteán a bhí in óstán i gCo na Gaillimhe seachtain roimh an Nollaig anuraidh. 70 asylum seekers were to be accommodated in the Loch An Ross House Hotel in Roscathill in north-east Connemara and the Gardai believe the place was set alight. Bhí 70 iarrthóir tearmainn le cur a chónaí in Óstán Theach Loch an Rois i Ros Cathail in oirthuaisceart Chonamara agus creideann na Gardaí gur lasadh an áit in aon turas. There are two men and two women in the four who are being questioned by the Gardaí about the situation. Beirt fhear agus bheirt bhan atá sa cheathrar atá á gceistiú ag na Gardaí faoin scéal. One of the men and one of the women are in their forties and the other two are in their fifties. Tá duine de na fir agus duine de na mná sna daichidí agus tá an bheirt eile sna caogaidí. Gardaí say the four are being held at a Garda station in the north west region. Deir na Gardaí go bhfuil an ceathrar á gcoinneáil i stáisiún Gardaí i réigiún an iarthuaiscirt. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b787dm4 Contact: irishlingos@gmail.com Mayo triumphantly in the Allianz Football League. Maigh Eo buacach go drámatúil i Sraith Allianz na Peile. 4 minutes into injury time Mayo scored the winning point in this match tonight in the Allianz Football League in Castlebar. 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe a scóráil Maigh Eo pointe an bhua sa chluiche seo anocht i Sraith Allianz na Peile i gCaisleán an Bharraigh. The visitors were the All-Ireland champions, Dublin. B'iad seaimpiní Uile-Éireann,Baile Átha Cliath, na cuairteoirí. Fergal Boland's name will be on the lips of the Mayo community for a while now; he was the one who scored the winning goal within 50 seconds of the end of the game. Beidh ainm Fergal Boland i mbéal phobal Mhaigh Eo go ceann tamaill anois;b'eisean a fuair cúilín an bhua i bhfoisceacht 50 soicind do dheireadh na himeartha. A pass crossed to him from a free-kick, Boland studied straight in front of goal just over 20 meters out and kicked the ball between the posts. Pas a cuireadh trasna chuige ó chic saor, rinne Boland staidéar díreach os comhair an chúil beagán le cois 20 méadar amach agus chiceáil an liathróid idir na cuaillí. Mayo 1-12, Dublin 0-14 the final score. Maigh Eo 1-12,Baile Átha Cliath 0-14 an scór deiridh. That leaves Mayo on full league points after 2 games, Dublin still with nothing. Fágann sin Maigh Eo ar lán phointí sraithe i ndiaidh 2 chluiche, gan tada go fóill ag Baile Átha Cliath.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dh83ehw Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com Two men arrested in the Craoslaigh tragedy. Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh. Two men in their fifties have been arrested in connection with the Garda Síochána's investigation into the Craoslaigh tragedy in County Donegal almost a year and a half ago. Tá beirt fhear sna caogaidí gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh i gContaeDhún na nGall beagnach bliain go leith ó shin. The men were arrested this morning. Gabhadh na fir ar maidin inniu. They are being questioned in 2 separate garda barracks under Section 4 of the Criminal Justice Act 1984. Tá siad á gceistiú i 2 bheairic gardaí ar leith faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984. Guards can hold them 24 hours. Is féidir le gardaí iad a choinneáil 24 uair a chloig. Ten people died in an explosion that occurred at the Applegreen petrol station and in a flat next to it in Craoslach on 7 October 2022. Bhásaigh deichniúr i bpléasc a tharla i stáisiún peitril Applegreen agus in árasán taobh leis sa Chraoslach ar an 7Deireadh Fómhair 2022.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22u2yjuk Contact: irishlingos@gmail.com Ciarán Cannon to retire from politics Ciarán Cannon le n-éirí as an bpolaitíocht 'de bharr dhrochíde'. Dáil Deputy Ciarán Cannon from Fine Gael has announced that he will not put his name forward in the next general election because of how harmful politics is to these lives, as he said. Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Ciarán Cannon ó Fhine Gael nach gcuirfidh sé a ainm chun cinn sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar chomh nimhneach agus atá an pholaitíocht ar na saolta seo, mar a dúirt sé. Ciarán Cannon is a Dála in East Galway and is Fine Gael's media, arts and culture spokesperson. Teachta Dála i nGaillimh Thoir is ea Ciarán Cannon agus is é urlabhraí meán, ealaíon agus cultúir Fhine Gael é. In a statement, he said that there was a roughness and narcissism in politics today that did not exist decades ago. I ráiteas, dúirt sé go raibh gairbhe agus nimhneas sa pholaitíocht sa lá atá inniu ann nach mbíodh ann scór blianta ó shin. "None of us wants to be made a little god of us, we just want to be treated civilly and respectfully, just as people in other jobs are treated", he said. "Níl aon duine dínn ag iarraidh go ndéanfaí dia beag dínn, ní theastaíonn uainn ach go gcaithfí linn go sibhialta agus go measúil, díreach mar a chaitear le daoine i bpoist eile", arsa sé. He accepts, he said, that the public's eyes are on politicians, but he thinks that it is a minor interference at the moment. Glacann sé leis, ar sé, go mbíonn súil ghéar an phobail ar pholaiteoirí ach dar leis gur cur isteach as miosúr atá ann i láthair na huaire. According to a recent survey carried out by 7LÁ, around 80% of Dála MPs have been consulted online in the past year. De réir suirbhé a rinne 7LÁ le gairid, tugadh íde ar líne do thart ar 80 faoin gcéad de Theachtaí Dála le bliain. The leader of Fine Gael, Taoiseach Leo Varadkar, indicated that Ciarán Cannon was one of the most enthusiastic Dáil Deputies in Dáil Éireann and said that his friends and colleagues would miss him. Thug ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, le fios go raibh Ciarán Cannon ar dhuine de na Teachtaí Dála ba dhíograisí i nDáil Éireann agus dúirt go n-aireodh a chairde agus a chomhghleacaithe uathu é. Nine other Fine Gael Deputies previously announced that they would not be contesting the next general election. D'fhógair naonúr Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael roimhe seo nach mbeidís féin san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. They are Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O'Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton and John Paul Phelan. Sin iad Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O'Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton agus John Paul Phelan. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/235hepw8 Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com The Great Festival being celebrated here and globally. An Fhéile Mhór á ceiliúradh anseo agus go domhanda. Thousands of people are taking to the streets across the country and around the world for parades and other events celebrating St. Patrick's Day. Tá na mílte duine ag tabhairt sráideanna orthu féin ar fud na tíre agus ar fud an domhain do pharáideanna agus imeachtaí eile ag ceiliúradh Lá le Pádraig. Here in Ireland the biggest parade was held in Dublin. Anseo in Éirinn bhí an pharáid ba mhó á reachtáil i mBaile Átha Cliath. The schlep then began at noon. Cuireadh tús leis an scléip ansin ag meánlae. It is said to have been the biggest St. Patrick's Day event ever in the capital. Deirtear go raibh sé ar an ócáid Lá le Pádraig ba mhó riamh sa phríomhchathair. The presenter of the 'Late Late Show' television program Patrick Kielty was the leader of the parade. Ba é láithreoir chlár teilifíse an 'Late Late Show' Patrick Kielty a bhí ina cheann feadhna ar an bparáid. The parade, in which over 4,000 participated, was broadcast live on the RTÉ One television station. Bhí an pharáid, ina raibh breis is 4,000 rannpháirteach, á craoladh beo ar stáisiún teilifíse RTÉ a hAon. The theme of the parade this year is 'Spark'. 'Spréach' téama na paráide i mbliana. Up to 14 bands were seen in total, some of which came from the United States and France. Chonacthas suas le 14 banna ar fad, cuid díobh a tháinig óna Stáit Aontaithe agus ón Fhrainc. Public transport services operate on a Sunday timetable today. Is ar amchlár an Domhnaigh atá feidhm le seirbhís iompar phoiblí inniu. The big day of our patron saint is of course not only recognized in Ireland and the crowds will also be seen in cities around the world. Ní in Éirinn amháin a thugtar aitheantas do lá mór ár bpátrún naofa ar ndóigh agus feicfear na sluaite amuigh freisin i gcathracha ar fud na cruinne. It is also a day when government leaders from this country are seen in Washington meeting the American President. Is lá é freisin a bhfeictear ceannairí rialtais ón tír seo i Washington ag bualadh le Uachtarán Mheiriceá. That is the case this year as Taoiseach Leo Varadkar is to present President Joe Biden with a shamrock bowl at the White House later today. Tá sin amhlaidh i mbliana agus an Taoiseach Leo Varadkar le babhla seamróige a bhronnadh ar an Uachtarán Joe Biden sa Teach Bán níos deireanaí inniu. The crowds at the Great Parade in DAC Na sluaite ag an Pharáid Mhór i mBÁC
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284uohsp Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com Measles on an airplane passenger, the third case in the State. Bruitíneach ar phaisinéir eitleáin, an tríú cás sa Stát. The Health Service Executive has confirmed that there is a third case of measles in the State. Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an tríú cás den bhruitíneach sa Stát. It was revealed this afternoon that one of the passengers on a plane that arrived at Dublin Airport last Saturday morning had the disease. Tugadh le fios tráthnóna go raibh an galar ar dhuine de na paisinéirí a bhí ar eitleán a tháinig go hAerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin Dé Sathairn seo caite. It was an Etihad airline plane that came from Abu Dhabi. Eitleán le haerlíne Etihad a tháinig ó Abú Daibí a bhí i gceist. The Executive is now asking some of the passengers who were on that plane to contact the health authorities without delay. Tá an Fheidhmeannacht anois ag iarraidh ar roinnt de na paisinéirí a bhí ar an eitleán sin teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sláinte gan mhoill. Passengers who are expecting a child, who is under twelve months old or who have another serious illness are the most worried about them. Paisinéirí atá ag súil le páiste, atá faoi dhá mhí dhéag nó a bhfuil drochthinneas eile orthu is mó a a bhfuiltear buartha fúthu. It was announced at the beginning of this month that a measles vaccine was to be offered to more than 300,000 people in the State. Fógraíodh i dtús na míosa seo go rabhthas le vacsaín in aghaidh na bruitíní a thairiscint do bhreis agus 300,000 duine sa Stát. It is expected that there will be an outbreak of measles in the country, especially since it was confirmed at the beginning of February that an adult died of the disease in the province of Leinster. Táthar faiteach go mbeidh ráig bhruitiní sa tír, go háirithe ó deimhníodh i dtús mhí Feabhra gur bhásaigh duine fásta leis an ngalar i gCúige Laighean. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ad7cczw Contact: irishlingos@gmail.com The First Minister of the North has apologized for what is happening in Kenova. Leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt faoina bhfuil i Kenova. The First Minister of the North, Michelle O'Neill, has apologized to all the families whose family members were killed during the troubles because they were thought to be spies. Tá leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dtrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. The IRA were responsible for these murders and Michelle O'Neill said today that she felt sorry for everyone who suffered from the troubles in the north. B'iad an tIRA a bhí freagrach as na dúnmharuithe seo agus dúirt Michelle O'Neill inniu go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na trioblóidí ó thuaidh. Michelle O'Neill was speaking and the report of Operation Kenova was published. Bhí Michelle O'Neill ag labhairt agus tuairisc Oibríocht Kenova foilsithe. It told about the way the British Army used detectors at the time and the relationship the army had with the agent, Freddie Scappatacci. Insíodh ann faoin mbealach ar úsáid Arm na Breataine brathadóirí ag an am agus an caidreamh a bhí ag an arm leis an ghníomhaire,Freddie Scappatacci. She admitted that the way the IRA dealt with those they suspected of espionage was wrong. D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht. Michelle O'Neill said she was determined to heal all the wounds people had suffered as a result of the troubles. Dúirt Michelle O'Neill go raibh sí meáite ar na créachtaí ar fad a d'fhulaing daoine de bharr na dtrioblóidí a chneasú. The Tánaiste, Michael Martin, said that Sinn Féin should now say clearly that the war waged by the IRA in the North was wrong. Dúirt an Tánaiste,Micheál Martin gur cheart do Shinn Féin a rá amach go soiléir anois go raibh an cogadh a bhí ar bun ag an IRA sa Tuaisceart mí-cheart.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys3zlg8b Contact: irishlingos@gmail.com Gaza: Americans demand an immediate ceasefire. Gaza: Meiriceánaigh ag éileamh sos comhraic láithreach. US Vice President Kamala Harris has said that a cease-fire should be implemented in Gaza immediately and that the Israelis should allow more relief supplies into the Palestinian enclave without further delay. Tá sé ráite ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris gur chóir sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza láithreach agus gur chóir do na hIosraelaigh níos mó soláthairtí fóirithinte a ligean isteach san iamhchríoch Phalaistíneach gan a thuilleadh moille. Kamala Harris said that I agreed with the reason because people in Gaza were suffering from famine and the life of the community there was terribly hard. Dúirt Kamala Harris go raibh téirim leis an gcúis mar go raibh daoine in Gaza ar an ngorta agus go raibh saol an phobail ann uafásach crua. There was also a term, which did not exist before, to depend on the speech of the Vice-President and it is understood that the coming of Ramadan will calm him down. Bhí téirim freisin, nach raibh ann cheana, le brath ar chaint an Leas- Uachtaráin agus tuigtear gurb é teacht Ramadan is siocair leis. Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar, a time when Muslims fast from dawn to dusk and will begin at sundown next Sunday. Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh ó mhaidin go faoithin agus a gcuirfear tús leis le dul faoi na gréine Dé Domhnaigh seo chugainn. It is reported that representatives from the United States and Qatar are still trying to persuade Hamas to accept the ceasefire proposed by those countries. Tuairiscítear go bhfuil ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar fós ag iarraidh a chur i bhfáth ar Hamas glacadh le comha an tsosa comhraic atá molta ag na tíortha sin. It is understood that the Israelis have already accepted what the diplomats proposed, for the most part. Tuigtear go bhfuil glactha cheana féin ag na hIosraelaigh lenar chuir na taidhleoirí faoina mbráid, ar an gcuid is mó de. According to the deal that hasn't been made yet, the Israelis would loosen their grip on Gaza a bit and let more relief supplies in. De réir a bhfuil sa mhargadh nach bhfuil déanta fós, bhogfadh na hIosraelaigh beagán an greim atá acu ar Gaza agus ligfidís tuilleadh soláthairtí fóirithinte isteach ann. In that case, Hamas would allow the withdrawal of the Israeli hostages they are holding in Gaza and the Israelis would free the Palestinian hostages they themselves are holding in various prisons. Ina cheann sin, ligfeadh Hamas an scoir leis na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza agus shaorfadh na hIosraelaigh géibheannaigh Phalaistíneacha atá siad féin a choinneáil i bpríosúin éagsúla. It seems that this is not enough for Hamas since all the groundwork has been left to the Palestinians and it is reported that they are demanding that the Israelis withdraw completely from Gaza. Dealraíonn sé nach leor do Hamas an méid sin ó tá an treampán bunáite ar fad fágtha ar na Palaistínigh agus tuairiscítear go bhfuil siad ag éileamh ar na hIosraelaigh tarraingt amach go hiomlán as Gaza. The United States and other countries have been dropping food supplies from planes for the people of Gaza in recent days after what some aid organizations have called a weak and ineffective policy. Tá na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ag ligean anuas soláthairtí bia as eitleáin le haghaidh mhuintir Gaza le cúpla lá tar éis go bhfuil sé ráite ag roinnt eagraíochtaí fóirithinte gur polasaí lag agus neamhéifeachtúil atá ann. It would be much better, according to those organizations, for the Israelis to fulfill their own duties towards the ...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yk93av9n Contact: irishlingos@gmail.com Pressure coming to Israel after yesterday's incident. Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné. The Israeli government has come under particular pressure in connection with the death of more than a hundred Palestinians in Gaza City in the north of the strip yesterday. Tá brú ar leith tagtha ar rialtas Iosrael i dtaca le bás bhreis is céad Pailistíneach lámh le Cathair Gaza i dtuaisceart an stráice inné. It is reported that up to 112 Palestinians were killed and hundreds more injured when Israeli soldiers opened fire on a large crowd of people who had gathered around trucks full of aid lunches. Tuairiscítear gur maraíodh suas le 112 Palaistíneach agus gur gortaíodh na céadta eile nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach. A number of countries have now demanded the United Nations to set up an inquiry into what happened. Tá éileamh déanta anois ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla. It is because the soldiers believed that they were 'in danger from the crowd' that they began to release, said the Israelis. Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad 'i gcontúirt ón slua' a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh. The Israelis had previously revealed that people were injured when they trampled on each other in the skid steer that was the subject of the lorries. Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh roimhe sin gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe. It was later that they admitted that soldiers fired bullets. Ba ina dhiaidh sin a d'admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir. Hamas has warned that the latest escalation could derail ceasefire talks in Gaza. Tá foláireamh tugtha ag Hamas go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith. The President of America, Joe Biden, had every hope that a ceasefire would be in effect in Gaza by next Monday, but yesterday's incident could change the situation. Bhí chuile shúil ag Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm i Gaza faoin Luan seo chugainn, ach d'fhéadfadh eachtra an lae inné cor nua a chur sa scéal. An author of hope, if you read in Gaza these days, is that the European Union will finance the United Nations Relief and Works Agency for the Palestinian Territories (UNRWA) again from the next year onwards. Údar dóchais, más ann dá léithid i Gaza na laethanta seo, is ea go maoineoidh an tAontas Eorpach Eagras Fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna Críocha Pailistíneacha (UNRWA) arís ón tseachain seo chugainn amach. An arrangement has been made to keep extremists from the organization. Tá socrú déanta chun antoiscigh a choinneáil ón eagras. UNRWA drew a big controversy in January when the Government of Israel accused the organization of having some people working for it who participated in the attack by Hamas on the 7th of October. Tarraingíodh conspóid mhór faoi UNRWA i mí Eanáir nuair a chuir Rialtas Iosrael i leith na heagraíochta go raibh daoine áirithe ag obair dó a bhí rannpháirteach san ionsaí a rinne Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair. Funding from UNRWA has since been maintained. Coinníodh maoiniú ó UNRWA ó shin. A major crisis in the Gaza Strip Géarchéim mhór i Stráice Gaza
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2d8qdsh7 Contact: irishlingos@gmail.com John O John O'Shea ina bhainisteoir eatramhach ar fhoireann na hÉireann. John O'Shea has been appointed as interim manager of the Republic of Ireland soccer team for the two challenge games against Belgium and Switzerland next month. Tá John O'Shea ceaptha mar bhainisteoir eatramhach ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann don dá chluiche dúshláin in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise an mhí seo chugainn. His official job title is interim head coach. Príomh-chóitseálaí eatramhach teideal oifigiúil a phoist. In a statement, the Football Association of Ireland (FAI) indicated that a permanent manager would be appointed in early April. I ráiteas, thug Cumann Peile na hÉireann (FAI) le fios go gceapfaí bainisteoir buan i dtús an Aibreáin. John O'Shea was one of the coaches who worked with the last manager Stephen Kenny who was sacked last November. Bhí John O'Shea ar dhuine de na cóitseálaithe a bhí ag obair leis an mbainisteoir deireanach Stephen Kenny a briseadh as a phost i mí na Samhna seo caite. He also recently spent a spell working as a coach with Birmingham City. Chaith sé seal le gairid freisin ag obair mar chóitseálaí le Birmingham City. Paddy McCarthy – coach at Crystal Palace – will be John O'Shea's assistant manager. Is é Paddy McCarthy – cóitseálaí le Crystal Palace – a bheas mar leasbhainisteoir ag John O'Shea. John O'Shea is originally from Waterford. Is as Port Láirge John O'Shea ó dhúchas. He was a defender with Manchester United and Sunderland and played for Ireland 118 times. Cosantóir le Manchester United agus le Sunderland a bhí ann agus d'imir sé d'Éirinn 118 uair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store