Discover
Nuacht Mhall
329 Episodes
Reverse
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei. I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir. Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d’aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISCaolas Hormuz - the Strait of Hormuzgeilleagar an domhain - the global economyd'aon ghnó - on purposeSeirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Serviceeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationArd-Mhaor - Grand Marshal
Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d’ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith.Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISMurascaill na Peirse - the Persian Gulfsibhialtach - civilianbunáiteanna míleata - military basesbithiúnach - villainsléacht - slaughterrití páirce - park runs
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte.Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche.Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScríochdheighilt - partitionrún - resolutionbaol dícháilithe - risk of disqualificationar fionraí - suspendedleathbhádóir - partnereagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an iarphrionsa á gcuardach ag na póilíní, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc. Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaitear a sheol Mountbatten-Windsor agus ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i measc cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid. Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin. Chomh maith leis an líomhain sin, tá sé tugtha le fios ag póilíní Ghleann na Tamaise go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh. Is é Mountbatten-Windsor an t-ochtú duine i líne chomharbais na Breataine.Tá Rialtas na hÉireann aontaithe go foirmiúil go n-oibreoidh siad go gníomhach le ballstáit an Aontais Eorpaigh chun roghanna a iniúchadh le srianta aoise a thabhairt isteach ar úsáid na meán sóisialta, ag díriú go háirithe ar dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois. Beidh Éire ag abhcóideacht go láidir anois ar son cinneadh maidir le haois úsáide na meán sóisialta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach tá sé ráite fosta go ngníomhóidh sí go náisiúnta más gá. Tá 'Straitéis Dhigiteach agus Intleacht Shaorga' nua á plé ag airí an Rialtais. Cuirfidh an plean seo béim láidir ar shábháilteacht ar líne agus féachfaidh sé ar shrianadh a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine óga trí fhíorú aoise. Mar sin féin, tá rabhaidh ann go gcaithfear é seo a dhéanamh le stáit eile an AE chun a sheachaint go gcuirfidh na cúirteanna deireadh leis. Tuigtear go bhfuil Éire aontaithe leis an Fhrainc ar an cheist seo, agus go bhfuil sé mar phlean acu reachtaíocht a thabhairt isteach ar dtús agus an córas fíoraithe aoise á fhorbairt amach anseo. Ní hé seo ach ceann amháin de 90 beart sa straitéis nua a bhfuil sé mar aidhm aici mol digiteach idirnáisiúnta a dhéanamh d'Éirinn le coimircí rialála láidre.Tá An Post ag déanamh ceiliúradh ar gheansaithe cáiliúla Árann agus stampaí nua seolta acu an tseachtain seo caite. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an mhaisitheoir Sally Caulwell orthu. Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil. Deir An Post go dtugtar “léargas ar an cheird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”. “Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht. Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin atá inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post. “Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh earraí cniotála traidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Milano agus Cortina faoi láthair. “Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí eile ó An Post.Póilíní Ghleann na Tamaise - Thames Valley Policemianta collaí - sexual desireslíne chomharbais - line of successionfíorú aoise - age verificationbioráin chniotála - knitting needlesolann - wool
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISeachtra lámhaigh - shooting incidentan duine a bhí faoi amhras - the suspectIoruach - Norwegianfeall - betrayaliasacht - loansibhialtaigh - civilians
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe.Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha. Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas". *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmaoinitheoir - financierfaisnéis íogair - sensitive informationcolúnaí fadtréimhseach - longterm columnistfiúntas ealaíonta - artistic worthceann scríbe - destinationmíleatachas - militarism
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar saoire ó shin. Mar sin féin, leanann an marú roinnt maruithe agus gabhálacha eile ag na gníomhairí agus spreag sé agóidí sa stát. Gabhadh roinnt léirsitheoirí ag na hagóidí seo ansin. Bhí ionsaí ann freisin ar ionadaí Daonlathach in Minnesota, Ilhan Omar, a bhí ag labhairt ar an ábhar deireadh a chur le ICE, chomh maith le coimhlintí poiblí idir Donald Trump agus méara Minnesota. Dúirt an méara gurb é jab na bpóilíní daoine a choinneáil slán, ní dlíthe inimirce feidearálacha a fhorfheidhmiú.Tá Matt Damon, réalta an scannáin The Rip, tar éis trácht a dhéanamh in agallamh le déanaí ar chur chuige Netflix i leith déanamh scannán. Dúirt an t-aisteoir go bhfuil Netflix ag déanamh rudaí níos simplí ionas gur féidir iad a thuiscint agus lucht féachana ag scrolláil ag an am céanna ar a bhfóin phóca. De réir an aisteora, déantar plotaí a athmhíniú trí nó ceithre huaire anois, tar éis brú ón gcraoltóir. Dúirt sé freisin go raibh brú ann chun cuid de na príomhradhairc aicsin a chur níos luaithe sa scannán chun aird lucht féachana a ghabháil níos luaithe sa scannán. Beidh Damon le feiceáil sa leagan nua de sheaneipic na Gréige An Odaisé níos déanaí i mbliana, ach níorbh iad Netflix a léirigh an scannán seo.Fuair suirbhé amach go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach. Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo. Ó eisíodh an suirbhé, tá an Taoiseach tar éis cáineadh a dhéanamh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt. Idir an dá linn, tá feachtas conspóideach ar siúl chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, atá ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgníomhairí - agentsionadaí - representativetrácht - commentcraoltóir - broadcasteran t-uileloscadh - the holocaustáibhéalach - exaggerated
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d’fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis.Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é.Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d’astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhghuaillithe - alliesna línte tosaigh - the frontlinestreaspás - trespassingdífhostú - dismissaltimthriall - cyclegrianbhladhm - solar flarecáithníní luchtaithe - charged particlesna Gealáin Thuaidh - the Northern Lightsan Corn - Cornwall
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí le leanúint leis an agóidíocht agus gheall sé go mbeadh cabhair ag teacht go luath, ach níor thug sé sonraí cruinne faoin gcabhair san. Dúirt sé ar dtús go mb’fhéidir go mbeadh cainteanna idir ionadaithe ó na Stáit Aonaithe agus ón Iaráin, ach chuir sé na cainteanna san ar ceal go dtí go mbeadhdeireadh curtha leis an slad sa tír. Cuireadh athlá ar shearmanas oifigiúil in Áras an Uachtaráin Dé Máirt ina mbronnfaí a chuid litreacha creidiúna ar ambasadóir nuacheaptha na Iaráine. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachrachta gur dheineadar an cinneadh toisc go mbeadh sé “míthráthúil” an searmanas a óstáil agus an cíorthuathail ar siúl san Iaráin fé láthair. Tá X, an t-ardán meán sóisialta de chuid Elon Musk, tar éis conspóid mhór a tharraingt le déanaí maidir lena aip intleachta saorga, Grok, toisc go bhfuil daoine ábalta é a úsáid chun íomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de linbh san áireamh. Dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth, atá freagach as cúrsaí a bhaineann le hintleacht shaorga, go mbeadh sí sásta cosc iomlán a chur ar Grok mura gcuirfidís stop ar an ngné so den aip. Ansan, maidin Déardaoin, d’fhógair Xnach mbeadh daoine ábalta na híomhánna graosta so a chruthú níos mó i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach. Tá imní fós ann, áfach, go mbeadh daoine in ann an geobhac so a sharú le VPN. Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh, Seán Ó Sé, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt, trí lá roimh a bhreithlá. Bheadh sé 90 bliain d’aois. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an amhrán Gaelach, ‘An Poc ar Buile’, amhrán faoi phoc a thugann rabhadh do mhuintir Chill Orglan nuair a fheiceann sé fórsaí Cromwell ag teacht idtreo an bhaile. Thaifead Seán an t-amhrán in 1962 agus bhí iontas air nuair a bhí ana-ráchairt ar an amhrán. Fuair sé an leasainm, ‘An Pocar’, dá bharr. Bhí sé páirteach sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann – faoi cheannas Sheáin Uí Riada – snaseascaidí agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain le Gael Linn agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISleirsitheoirí - demonstratorslitreacha creidiúna - credentialsíomhánna graosta - lewd imagesgeobhac - geoblockpoc - billy goatráchairt - demand
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d’oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d’Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine. Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d’Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfiosrú - investigationíospartach - victimcraoltaí - broadcastsaitheasc - address (speech)boilsciú - inflationdíluacháil - devaluation
Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh.Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra.Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas.Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi bhun an reophointe - below freezingsaorlimistéar eacnamaíochta - economic free zonemurlach - lagoonstua - arceachtraí mícháiliúla - infamous eventscoimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d’aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d’aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D’éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d’eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d’Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d’fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d’ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d’fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d’éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d’aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScoir chogaidh - war crimemairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailorsbulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullyingd'aon ghnó - on purposeoidhreacht mhuirí - maritime heritagean Chlochaois - the Stone Age
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha.Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d’fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll.Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d’fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhraiceoirí dóiteáin - firefightersfaillíoch - negligenteasáitithe - displaceduaireadóir póca - pocket watchceant - auctionpaisinéir sa chéad ghrád - first class passenger
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey.Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an Rúis agus an tSín, a staon ón vóta, vótáil na tíortha eile go léir i bhfabhar an rúin. Dhiúltaigh Hamas dó, áfach, iad ag rá go gcruthaíonn sé páirtí eile sa choinbhleacht agus go bhforchuireann sé caomhnóireacht ar Stráice Gaza. Cruthaíodh comhlacht ar a dtugtar an Bord Síochána freisin, a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla. Dúirt Trump gur “stairiúil” vóta na Comhairle Slándála agus meastar go mbeidh sé ina chathaoirleach ar an mBord Síochána.Chonacthas long spiaireachta Rúiseach amach ó chósta na hAlban an tseachtain seo, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann, agus geallann an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Is cosúil go bhfuil an long, ar a dtugtar an Yantar, in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann roimhe seo freisin, nuair a bhí long chabhlaigh agus aerárthach Éireannach á leanúint. Meastar an uair seo mar ardú céime, áfach, mar a fuarthas amach go raibh an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Ar an láimh eile, tá ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe tar éis cúiseamh a thabhairt do rialtas na Breataine as histéire mhíleata a chothú.Tá an tionscal ceoil ag agóidíocht níos mó i gcoinne na hintleachta saorga de réir mar a mhéadaíonn a húsáid sna meáin phríomhshrutha. Shroich rian na hintleachta saorga, walk my walk, uimhir a haon i gcairt díolacháin dhigiteacha fógraí sna Stáit Aontaithe. Fuair an t-ardán sruthaithe Deezer amach freisin go ngineann an intleacht shaorga thart ar tríocha a ceathair faoin gcéad d’uaslódálacha laethúla. Tá Paul McCartney ar dhuine de na ceoltóirí is déanaí atá ag teacht amach i mbun agóide agus rian beagnach go hiomlán ciúin eisithe aige. Tá sé seo mar chuid d'fheachtas níos leithne chun cosc a chur ar algartaim a oiliúint ar cheol atá ann cheana féin gan aon dleachtanna a íoc. I measc na gceoltóirí eile atá páirteach cheana féin tá Kate Bush agus na Pet Shop Boys.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISFórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta - International Stabilisation Forcecaomhnóireacht - guardianshiplong spiaireachta - spy shiphistéire mhíleata - military hysteriasna meáin phríomhshrutha - in the mainstream mediadleachtanna - royalties
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d’achan íospartach. Dúirt ‘máthair bhaistí’ na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsaoránach - citizenéigeandáil - emergencycalaois - fraudailse - cancermáthair bhaistí - godmotherintleacht shaorga - artificial intelligence
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le tríseachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D’éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítearcomórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d’oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas agtarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISspéirling - hurricaneMuir Chairib - the Carribean Seaionsaithe buamála - bombing attackssíocháin leochaileach - fragile peacetaibhealaíona - performing artsUachtarán tofa - President-elect





