DiscoverTús Áite
Tús Áite
Claim Ownership

Tús Áite

Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Subscribed: 32Played: 2,380
Share

Description

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
1907 Episodes
Reverse
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla, á gcur i láthair ag Conall Mac Dhonnagáin, Saor-léiritheoir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá leabhar foilsithe ag Shaun "WithAFada" Harte - Book of Irish Puns - atá lán d’imeartas focal, agus de scéalta grinn atá bunaithe ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla. Labhair Jack Basquille faoi ar an gclár. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Raidió Rí Rá ag áiteamh ar an bpobal ríomhphostanna a sheoladh go Coimisiún na Meán ag tacú lena n-éileamh go mbunófaí stáisiún ar FM dírithe ar an aos óg. Níl stáisiún FM Gaeilge don aos óg i measc na moltaí atá déanta i gcáipéis plé faoi sheirbhísí craoltóireachta atá foilsithe ag an gCoimisiún áfach. Labhair muid le Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuirfear isteach go mór ar dhaoine ag taisteal agus ag obair i gcathair Bhaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá an tseachtain seo chugainn nuair a chuirfear an beartas póilíneachta ii mó i stair an Stáit i bhfeidhm mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.  Mícheál Mac Donncha, Comhairleoir le Sinn Féin ar Chomhairle Chathrach Átha Cliath agus iar-Ardmhéara na Cathrach. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá neart tráchtaireachta i nuachtáin na Rúise inniu gur droch scéal iad torthaí toghchán méantéarma Mheiriceá don Rúis agus d’iarractaí teacht ar réiteach idir Meiriceá agus an Rúis faoi cheist na hÚcráine a bheadh fabhrach don Rúis. Nadia Dobrianska, Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
loading
Comments