DiscoverClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Claim Ownership

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Author: ClubLeabhar.com

Subscribed: 30Played: 284
Share

Description

[English version below]
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.

Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór.

Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.

Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn!

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.

Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith.

Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge).

[Leagan Gaeilge thuas]

The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country.

ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee.

It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee.

A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier.

It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print.

If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us!

There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage people to start new clubs, not only in Ireland but in countries such as the United States and Australia where Irish speakers are actively involved in promoting the language. Gaelchultúr provides advice and support in the Start a Club section of this site to those interested in establishing their own book club.

The books discussed on ClubLeabhar.com can be bought at siopa.ie. On that site, you can buy one book or a bundle of the books being discussed in each series.

Clubleabhar.com is supported by Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) .
143 Episodes
Reverse
[English version below] Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Éamonn Ó Dónaill [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holmes by Arthur Conan Doyle. Updated edition by Éamonn Ó Dónaill. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Éamonn Ó Dónaill
[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author’s column ‘Crobhingne’ in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe’ is a longer story about Jesus’ childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less
[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil
[English version below] Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás. Chuige sin, tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge. Tá sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Micheál Ó Conghaile [Leagan Gaeilge thuas] The mother and child homes scandal has been the subject of intense discussion in recent years. Now, writers and artists are beginning to confront the painful realities. This book offers a fresh perspective from an author known for his willingness to explore Ireland’s darker aspects and bring them to light. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Micheál Ó Conghaile
[English version below] Tá a fhios ag Nick go bhfuil Charlie aerach, agus creideann Charlie nach bhfuil Nick! Ach, is scéal casta é an grá agus tá Nick ag foghlaim go leor rudaí faoina chuid cairde, a chlann… agus faoi féin! Díríonn Heartstopper ar an gcairdeas, dílseacht agus meabhairghalar. Díríonn sé ar na nithe beaga i saol Nick agus Charlie, na nithe beaga a dhéanann suas na rudaí móra tábhachtacha, a bhaineann linn ar fad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Joe Simpson [Leagan Gaeilge thuas] Nick and Charlie are best friends. Nick knows Charlie’s gay, and Charlie is sure that Nick isn’t. But love works in surprising ways, and Nick is discovering all kinds of things about his friends, his family … and himself. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Joe Simpson
[English version below] Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] In the summer of 1969, on the beaches of west Cork. three young people are brought together, three people whose lives are fundamentally changed when a fourth person, the grandson of the General, joins them. Ten years later, the story ends with the General on his deathbed. This is a story of love and tragedy set in a parallel world, not very different to our own. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Réaltán Ní Leannáin
[English version below] Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta seo dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Éilis Neary [Leagan Gaeilge thuas] The fragility of life, the enduring love of parents for their children, the journey of young people into adulthood, and the irrevocable impact of decisions made in the blink of an eye are profound themes explored in this initial collection of short stories by Majella Ní Dhomhnaill. In these narratives, Majella Ní Dhomhnaill adeptly and powerfully addresses a spectrum of themes connected to the challenges and marvels of contemporary life. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Éilis Neary
[English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Zoya Everard [Leagan Gaeilge thuas] In this exciting adventure, a teenager escapes on board a ship and goes across the western seas to the mysterious land of gold in search of El Dorado. Once again, Titley proves his excellent storytelling ability, and hoists the sails on his imagination to take us to secret islands — where we encounter monsters and much more besides! This is a story full of humanity, drama, tension and wisdom. This is a novel for teenagers … and for those of us who will always remain teenagers at heart! Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ola Majekodunmi and Zoya Everard
[English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéalta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á insint acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dúchais le fáil sa leabhar seo. Díríonn an scéalaí ar éagsúlacht scéalta a chur ar fáil, agus faightear sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín [Leagan Gaeilge thuas] This is Michelle Nic Pháidín's first collection of short stories. The authors brings the read on many a journey in these stories, some of which are in the author's imagination; others which are rooted in the author's locality; whilst the reader also gets a taster of life by the sea. The voice of the narrator is expressed in these stories in a very diverse way. These stories are told through the perspective of men, women and children, all of whom recount stories of love, revenge, heritage among many others. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Dáibhidh Ó Luinín
[English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] Caithréim agus Tóir – Poetry collection by Eithne Ní Ghallchobhair. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh
[English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Antain Mac Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Critically acclaimed and award-winning Tír Bheag (Petit Pays) is set in Burundi in 1992 and for ten-year-old Gabriel, life is happy and carefree with bike rides through the streets, swimming in the river, sneaking cigarettes and stealing mangoes with his friends. But storm clouds gather when neighbouring Rwanda is hit by civil war and genocide, and the spillover into Burundi means life for young Gaby is about to change. A stunning, heart-wrenching look through the eyes of a child at a country caught in the maelstrom of history. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Antain Mac Lochlainn
[English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] A new edition of the acclaimed short story collection by Seosamh Mac Grianna. This edition is based on the first edition first published in 1929. An Grá agus an Ghruaim is Seosamh Mac Grianna’s second collection of short stories. In this edition the spelling and orthography is brought up to date with a precedence given to the natural speech and rythm of the author. The story “An Bhean Lán de Stuaim” that had been omitted from previous editions, is restored here, and “Bíonn Súil le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh”, the story that had been put in its place, is retained in this edition. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill and Dubhán Ó Longáin
[English version below] Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin [Leagan Gaeilge thuas] A criminal gang whose crimes have come to the attention of An Garda Síochána are not best pleased when a young Garda, Seán Mac Gearailt, begins to pry into their affairs and their access to classified information. They send him packing however, delivering his dead body in a sealed trunk to his house. This gruesome act carries a clear message from the criminal gang agree Seán’s boss, Malcolm, and Malcolm’s best friend Réics Carló – Stop the investigation! Now! Turning a deaf ear to the chilling message of the gang Réics and his assistant Brian Ó Ruairc plot and plan the downfall of these enemies of the State. But what chance have they when it seems the gang have friends in high places? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Louisa Ní Éideáin and Conall Mac Dhonnagáin
[English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Ghilín agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] Pagans and Christians at each other’s throats We are immersed in the uncertain life of the sixth century, a time when great changes were coming to people’s lives; a time when ambitious kings were at each other’s throats; a time when the old world of paganism was yielding to Christianity. A glimpse of Colmcille the person Flaitheas is a story that gives us a glimpse of the human Colmcille, a person who had his own weaknesses and had many obstacles to overcome. The story of each one of us Flaitheas tells the story of a person who is trying to make sense of changes in his life, the story of a person struggling with fate, the story of a person who makes mistakes but tries his best to do the right thing for himself and for the people around him. The story of each of us. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Ghilín and Dubhán Ó Longáin
[English version below] Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] Charlie and Nick are in the same school, but they’ve never met… until one day when they’re made to sit together. They quickly become friends, and soon Charlie is falling hard for Nick, even though he doesn’t think he has a chance. But love works in surprising ways, and Nick is more interested in Charlie than either of them realised. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eoin McEvoy
[English version below] Úrscéal nua-aimseartha suite sa tSairdín i lár an chéid seo a chuaigh thart. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar 'Accabadora' le Michela Murgia. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Hannah Rice agus Stiofán Ó Briain [Leagan Gaeilge thuas] A modern novel set in Sardinia in the middle of the last century. Translation from the Italian of the book Accabadora by Michela Murgia. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Hannah Rice and Stiofán Ó Briain
[English version below] A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan [Leagan Gaeilge thuas] What a life! After spending the day working as a hostess at conferences and trade shows, all that awaits Zoé at home is a rude and lazy boyfriend who sleeps in his socks! Until she meets Tomás, a writer who is running out of inspiration... Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Katie Whelan
[English version below] In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: LAonghus Ó hAlmhain agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] The novel’s protagonists are two young Gaelic speakers from Cloich Cheann Fhaola in north west Donegal who believe they are going on a glorious adventure without any real notion of the horrific realities they would encounter as infantrymen on the western front. Saighdiúir is an immensely moving book that evokes the horror and the terror of that dreadful conflict. It gives vivid heart-rending descriptions of the tragic waste of brief young lives fed into the voracious jaws of war. It is a harrowing corrective to the myth of a just war. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aonghus Ó hAlmhain and Liam Mac Amhlaigh
[English version below] Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol. Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Bríd-Treasa Ní Ghaoithín [Leagan Gaeilge thuas] A glamorous woman meets an old lady on the train, but not all is as it seems. A young girl goes shopping, but no one knows the extent of her troubles. A woman feels cornerned in the hospital, but when her husband comes to visit her, they can’t seem to find the right words. This collection comprises of thirty four flash fiction stories, all of them under 1,000 words. The look at a wide range of themes in women’s lives, from sadness to love, from lonliness to hope. They are short snappy tales that have a beginning, a middle and an end – although they often start in the middle of the action or finish early. This book is overflowing with empathetic characters, as they get a flash of new insight into life. You are invited to come and play for a while in the world of flash fiction. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Bríd-Treasa Ní Ghaoithín
[English version below] Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é 'Sa Pholl Báite' a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] Emer Uí Ghríofa has gone missing without a trace. Garda Réamonn Seoighe finds her body in a lonely corner on the banks of the Liffey. Her son, Dan, is devastated by her death, but why is he reluctant to talk to the guards? Colmán Ó Gríofa, her estranged husband, is in his holiday home on the Béarra peninsula that same weekend, separated from Emer but still devoted to her. His neighbour Aoife Nic Diarmada supports him as she becomes involved in the case. Together with the authorities, they sift through a mosaic of substantial clues and fabricated evidence. The night witnesses a covert surveillance operation as time inches relentlessly forward. Will the perpetrator be unveiled before another life is claimed? “'Sa Pholl Báite' captivates readers with its exploration of societal discord, shining a penetrating light on the hidden poisons lurking within the human soul.” This work won a prize in the Oireachtas Literary Competitions in 2022 and was shortlisted for the Foras na Gaeilge Irish Fiction Book of the Year Award in the An Post Irish Book Awards in 2023. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caomhán Ó hÓgáin
loading
Comments