DiscoverGuthanna Gaelphobal
Guthanna Gaelphobal
Claim Ownership

Guthanna Gaelphobal

Author: Gaelphobal

Subscribed: 2Played: 8
Share

Description

Caitheann Guthanna Gaelphobal solas ar an obair atá ar bun ag grúpaí pleanála teanga fud fad na tíre lasmuigh den Ghaeltacht.

Guthanna Gaelphobal (Gaelphobal Voices) takes a look at the work being done by language planning communities across the country, outisde of the Gaeltacht.

Facebook: https://www.facebook.com/gaelphobal.fnag
Twitter: https://twitter.com/Gaelphobal_fnag
Instagram: https://www.instagram.com/gaelphobal.fnag/
LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/gaelphobal
8 Episodes
Reverse
San eagrán seo labhraíonn Áine Ní Bhreisleáin le Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn. Pléitear an obair atá ar siúl ag Líonra Leitir Ceanainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an lucht gnó i Leitir Ceanainn agus an tionchar atá ag an obair seo ar fheiceálacht agus ar úsáid na Gaeilge sa bhaile.    In this episode, Áine Ní Bhreisleáin speaks to Bairbre Uí Chathail, Language Planning Co-ordinator for Líonra Leitir Ceanainn. The discuss the work that Líonra Leitir Ceanainn has done in promoting the Irish language among businesses in Letterkenny and the impact that this is having on the visibility and the use of the language in the town.   Tuilleadh eolais ar Líonra Leitir Cenainn:  Suíomh: https://lionralc.ie/  Facebook: https://www.facebook.com/LIONRALC/  Instagram: https://www.instagram.com/lionra_leitir_ceanainn/ 
Sa chlár seo labhraíonn Áine Ní Bhreisleáin le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Cathaoirleach ar an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge.    Pléitear an próiseas pleanála teanga in Iarthar Bhéal Feirste atá aitheanta mar Líonra Gaeilge agus ceisteanna eile a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge. 
San eagrán seo labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Hannah Ní Dhoimhín, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta. Labhraíonn Hannah faoin phróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaeltachta agus faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Déantar plé ar na cosúlachtaí a bhaineann leis an phleanáil teanga i gceantair Ghaeltachta agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta nó i líonraí Gaeilge agus faoi na míreanna ar leith a bhaineann le pleanáil teanga i Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.  Tuilleadh eolais: https://udaras.ie/ 
San eagrán seo labhraíonn Ursula Ní Shabhaois leis an Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste. Aithníodh Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge, chomh maith le 4 ghrúpa eile fud fad na tíre (Cluain Dolcáin, Carn Tóchair, Inis agus Baile Locha Riach). Labhraíonn Pádraig faoin taithí a bhí ag an choiste agus iad i mbun pleanála teanga sa cheantar agus an comhoibriú a tharla idir na heagraíochtaí ar fad in iarthar Bhéal Feirste le plean teanga cuimsitheach a chur le chéile don cheantar.  Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/irish-lang-networks/west-belfast/?lang=ga 
San eagrán seo, labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn. Ba í Leitir Ceanainn an chéad baile lasmuigh den Ghaeltacht le stádas a bhaint amach mar bhaile seirbhíse Gaeltacht agus labhraíonn Bairbre faoin phróiseas pleanála a tharla sa bhaile, na tosaíochtaí a bhí ag an choiste stiúrtha pleanála teanga agus faoin eispéireas atá acu go dtí seo maidir leis an phlean teanga a chur i bhfeidhm.  Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/gaeltacht-towns/letterkenny/?lang=ga  Suíomh na heagraíochta: https://www.lionralc.ie/  Facebook: https://www.facebook.com/LIONRALC/  Twitter: https://twitter.com/LionraLC  Instagram: https://www.instagram.com/lionra_leitir_ceanainn/   
In this episode, Ursula Ní Shabhaois speaks with Colm Ó Baoill, Higher Executive Officer with Foras na Gaeilge, about the language planning process outside of the Gaeltacht that takes place in Gaeltacht service towns and Irish language networks across the country. He explains the background to the current language planning process, the steps involved in preparing and implementing a language plan, and the challenges and opportunities associated with the language planning process.  More information: https://gaelphobal.ie/ 
San eagrán seo, labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Colm Ó Baoill, Ardoifigeach Feidhmiúcháin le Foras na Gaeilge, maidir leis an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht a tharlaíonn i mbailte seirbhíse Gaeltacht agus i líonraí Gaeilge fud fad na tíre. Míníonn sé an cúlra leis an phróiseas reatha, na céimeanna atá i gceist le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú, agus na dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an phróiseas seo.  Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/ 
Chuaigh Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív faoi agallamh ag Oireachtas na Samhna 2025 le Comhordaitheoir Pleanála Teanga Fhoras na Gaeilge Ursula Ní Shabhaois. Ba é Éamon Ó Cuív a bhí mar ailtire ar an chóras pleanála teanga mar atá faoi láthair agus achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012 le linn an tréimhse a chaith sé mar Aire Gaeltachta. Le linn an agallaimh, labhair Éamon Ó Cuív ar an chúlra a bhí leis an phróiseas pleanála teanga agus faoin fhís a bhí aige nuair a cruthaíodh na struchtúir atá á chur i bhfeidhm faoi láthair.   Is féidir tuilleadh eolais faoin phróiseas pleanála teanga a aimsiú ar www.gaelphobal.ie 
Comments