DiscoverScrathóg
Scrathóg
Claim Ownership

Scrathóg

Author: Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Subscribed: 2Played: 1
Share

Description

Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh. Le fáil ar 106.4FM gach Déardaoin ag 2 i.n. agus i ngach áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.
43 Episodes
Reverse
...Tá! Ach beidh ort tiúnáil isteach an tseachtain seo le fáil amach cé hiad. Plé faoi an mbeidh na Chiefs in ann na playoffs a bhaint amach, bhfuil na Broncos comh maith leis an gcéad áit san AFC, agus cé a bheidh ar bharr an NFC North faoi dheireadh na bliana san eagrán seo.
Tá spriocdháta na trádala don NFL druidte linn agus cúpla ainmneacha móra ag athrú foirne go tobann! Beidh Sauce Gardener ag dul ó na Jets go na Colts, agus fear eile ón bhfoireann chosanta na Jets, Quinnen Williams, imithe go na Cowboys. Labhróimid futhu siúd, Eagles @ Packers agus Rams @ 49ers comh maith.
Scrathoóg S3E08

Scrathoóg S3E08

2025-10-2941:17

Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.
'Bíonn bye week ag foireann Scrathóg?' a deir tú. 'Ar ndóigh!', a deirfimid. Bhuel, táimid ar ais ón mbriseadh beag le gortú amháin le tuairisciú, agus an t-Uasal Ó Flatharta amach ar feadh seachtain amháin ar a laghad. An mbeidh Conchúr agus Naoise in ann podchraoladh iomlán a chur le chéile le James in easnamh? Nó an dtitfidh an podchraoladh as a chéile? Tabharaigí bhur mbreithiúnas féin! Bucs-Lions, Giants-Broncos, Packers-Steelers agus Chiefs-Commanders go léir san eagrán seo.
Bhí an chéad sos ag roinnt foirne an tseachtain seo. In ainneon sin, bhí an-chuid torthaí móra ón deireadh seachtain, ach cén ceann a chur an méid is mó ionadh ar na leaids?
Plé ag na leaids an tseachtain seo ar cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh, an chéad comhscór san NFL feadh beagnach trí bliain, agus cé hiad na foirne atá *dáríre* in ann na playoffs a bhaint amach agus muid ag teannadh le Seachtain a Cúig.
Seachtain speisialta don NFL agus é in Éirinn don chéad uair ariamh, áit a dtabharfaidh na Pittsburgh Steelers aghaidh ar na Minnesota Vikings i bPáirc an Chrócaigh. Cé acu a bheidh an t-ádh leo? Cé acu is mó atá bua ag teastáil uathu idir na Ravens agus na Chiefs? Agus an bhfuil na Cowboys in ann díoltas a fháil ar na Packers?
Pléann James agus Naoise na scéalta is mó ón NFL i seachtain a dó. An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?
Déanann Naoise agus James plé a na torthaí ó seachtain a 1 chomh maith le súil a chaitheamh ar rematch don Super Bowl a bhfuil ar bun I seachtain 2 idir na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles.
Leis an séasúr nua ag tosú déanann James, Naoise agus Conchúr a gcuid tuairimí a phlé maidir le na forne a mbeidh sna playoffs, buaiteoirí an SuperBowl, an MVP chomh maith le labhairt faoi Micah Parsons ag fáil baile nua i Green Bay.
Nuacht i ndomhain an NFL gurb iad na Minnesota Vikings a bheidh ag imirt i mBaile Átha Cliath i gcoinne na Pittsburgh Steelers ar an 28 Meán Fomhair. Plé ag James agus Conchúr ar an nuacht seo, agus na cluichí idirnáisiúnta eile a bheidh ar siúl i mbliana.
Philadelphia Eagles ina seampíní tar éis bua suntasach i gcoinne na Kansas City Chiefs. Cad at a i ndán anois do na foirne eile timpeall an NFL don bhliain seo chugainn? Agus cé a bheidh ag teacht go Bhaile Átha Cliath in éineacht le na Pittsburgh Steelers?
Tá na Kansas City Chiefs ag cuartú 3 bua Superbowl as a chéile - rud nach bhfuil déanta i ré an chomórtais. Ag seasamh sa bhealach, tá Saquon Barkley agus na Philadelphia Eagles. Cé acu a bheidh an bua in New Orleans?
Táimid buailte ag cluiche ceannais an AFC agus an NFC. Beidh na Bills ar ais in Arrowhead arís agus iad ag iarraidh an Super Bowl a bhaint amach don chéad uair ó 1993, nuair a chailleadar i gcluiche cheannais an Super Bowl don ceathrú uair ó a bhí 1990 ann. Ar thaobh an NFC, beidh cath an NFC East againn in Philadelphia, tar éis bua mór do na Commanders i gcoinne na Detroit Lions. Beidh súil ag na Eagles dul ar ais chuig an Super Bowl le Jalen Hurts agus toradh difriúil a fháil ar an méid a tharla i 2023.
Beidh na Kansas City Chiefs agus na Detroit Lions ar ais linn don Babhta Divisional tar éis an sos acu an tseachtain seo chaite. Beidh Patrick Mahomes ag tabhairt aghaidh ar cosaint na Heuston Texans, agus na Lions ag imirt i gcoinne Jayden Daniels agus na Washington Commanders. An leanfaidh séasur dochreidte na Philadelphia Eagles ar aghaidh i gcoinne na LA Rams, agus cé a bheidh an bua acu i gcluiche na MVPs: Jackson agus na Ravens, nó Allen agus na Bills?
Táimid buailte ag an babhta Wildcard faoi dheireadh! Cé acu a bheidh ag leanúint ar aghaidh chuig an chéad babhta eile, agus cé a bheidh ag bualadh bóthair?
Tá bronntanas deas faighte againn i mbliana agus dhá cluiche ar súil ar Lá Nollag. Cé go bhfuil ach coicís fágtha, tá an-chuid le dhéanamh faoi cá háit a bheidh na foirne ar fad faoi dheireadh na bliana, agus cluichí iontach tábachtach ag tarlú ag an deireadh seachtaine.
Tá an-chuid gortuithe ag na Detroit Lions faoi láthair, comh maith le amhras ag na Kansas City Chiefs faoi Patrick Mahomes agus é gortuithe i gcoinne na Browns. Ar cheart dó imirt i gcoinne na Texans dé Sathairn? Agus an mbeidh aon athrú idir anois agus deireadh na bliana ar na foirne sna playoffs?
Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Bengals ar an Luain, ní bheidh na Cowboys sna playoffs i mbliana. Ach cé a bheidh? Tá iomaíocht géarr chun na playoffs a bhaint amach, agus ach ceithre seachtain fágtha den gnáth-séasúr.
An iad Saqoun Barkley agus Josh Allen an beirt fágtha sa rás don MVP? An gcosnóidh fadhbanna Justin Tucker cluiche do na Ravens sna playoffs? An bhfuil na Packers in ann bua ollmhór a fháil ar na Lions?
loading
Comments 
loading