DiscoverAN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Claim Ownership

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Author: Tuairisc

Subscribed: 36Played: 1,114
Share

Description

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
81 Episodes
Reverse
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta.Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. 
Pádraig Ó Macháin ón Lios Mór sna Déise atá i dteannta Helen an tseachtain seo. Scoláire é Pádraig a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige ag póirseáil i lámhscríbhinní ársa na hÉireann. Deir an tOllamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh go rachadh sé aon áit ar domhan dá bhfaigheadh sé gaoth an fhocail go raibh lámhscríbhinn tagtha ar barra ann. Gabha ceárta ab ea athair Phádraig a raibh spéis ar leith aige I ngeataí agus thugadh sé Pádraig ar fud na dúiche chun geataí a thaispeáint dó agus chun cur síos dá mhac ar an gceardaíocht agus stair a bhain leo. Deir Pádraig gurbh é a athair a mhúscail ann an fhiosracht a thug air tabhairt faoi staidéar na lámhscríbhinní ina dhiaidh sin.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh.An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann.Labhair sí le Helen faoin tionchar a bhí ag an ealaín ar a hóige, na healaíontóirí i measc a muintire agus a bheith ag cur isteach ar chomórtais san Irish Press agus í ina gasúr.Tá tréimhsí caite ag Róisín mar ealaíontóir cónaithe in ionad Chill Rialaig suas an bóthar uaithi i mBaile an Sceilg agus sa Díseart sa Daingean chomh maith agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhíonn le ciúnas agus tearmann don ealaíontóir agus tábhacht na healaíne don phobal.Labhair Róisín chomh maith faoi na dúshláin a bhaineann le saol an ealaíontóra agus faoi na fadhbanna sláinte a bhí aici féin le blianta beaga anuas.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialtas, faoin bhfreasúra agus faoi bhorradh na heite clé. Pléitear an tionchar a bheidh ag an nGaeilge ar an toradh i nGaillimh Thiar agus cé leis a bheidh an lá.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá ár gcolúnaí Alex Hijmans linn an tseachtain seo agus tús curtha aige ar thuras traenach fada timpeall na hEorpa. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar an easaontas san Aontas Eorpach, ar chúrsaí taistil, ar an ‘taisteal glas’ agus ar chaighdeán na seirbhíse a bhíonn ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta taistil acu.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir. Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portaigh is é ina bhuachaill óg. Ar thóir stair, seanchas, dinnseanchas agus muintir na háite diamhaire seo a bhíonn na cuairteoirí. Ag bun Bhaile an Lochaigh a bhuail Helen lena treoraí. Seo linn mar sin an cóngar isteach leo go dtí Com an Lochaigh… Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá lán an tí de Thuairisceoirí le Bridget an tseachtain seo agus Maitiú agus Pádraic léi chun slán á fhágáil le Seachtain na Gaeilge agus plé a dhéanamh ar thorthaí chomórtas conspóideach AI a reáchtáil Údarás na Gaeilge. Pléitear chomh maith cuairt an Taoisigh ar an Trumpach. Faoin am go mbeidh An Pod Gaeilge ar ais Dé hAoine seo chugainn, beidh a fhios againn an mbeidh foireann sacair na hÉireann fós san iomaíocht d’áit ag Corn an Domhain an samhradh seo. Caitear súil chun cinn ar na gcluiche mór in aghaidh Phoblacht na Seice agus tugtar cluas le héisteacht ‘Seo linn go Meiriceá’, amhrán sacair i nGaeilge a bhuaigh comórtas a d’eagraigh Bord na Gaeilge roimh Chorn na Domhain 1994 i Stáit Aontaithe Mheiriceá.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile, le cúrsaí iascaireachta.Bhuail Helen leis sa Ghaillimh le déanaí, mar ar phléigh siad conas a d'imigh an t-iascach in Éirinn ón bhflúirse go dtí an meath.Deir sé anois go bhfuil sé chomh maith agat a rá go bhfuil deireadh tagtha le tionscal an iascaigh sa tír seo agus go mbeidh na báid mhóra á ndíol ceann ar cheann. ‘Bhí daoine suas go dtína mbásta i dtroisc, ní fhéadfá trosc amháin a fháil anois ann. Sin é a mharaigh é,’ a deir Beartla. Níl aon cheist ach gur ar an stát atá an milleán, a deir sé. Deir sé go raibh an damáiste déanta ag an stát faoin am gur thosaigh siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach. ‘Mura bhfuil an t-iasc in ann sceitheadh, ní bheidh aon iasc ann,’ a deir Beartla. Labhrann Beartla leis ar an slad a rinneadh ar éisc na hÉireann, slad a d’fhág gur ar éigean go bhfuil ‘aon iasc fágtha ar chósta na tíre seo’. Pléann siad chomh maith an t-athrú aeráide agus an lorg atá fágtha aige ar an iascach, agus cén fáth go mb’fhéidir gur dóchas amú atá ann a bheith ag brath ar thionscal na muilte gaoithe amach ó chósta na tíre.Bhain Beartla sásamh agus tairbhe as na blianta atá caite aige ag plé leis an iascach. Dírionn sé sa phaiste cainte seo le Helen ar an méid a thug an t-ascach dúinn, ar an méid a cailleadh, ar conas a cailleadh é agus ar cad é atá romhainn.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, agus céard a d’fhéadfadh tarlú.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine.Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an ngloine is mó a mheallann í, a deir Róisín.Cultúr, oidhreacht, nádúr agus muintir na hÉireann an spreagadh a bhíonn aici ina cuid oibre, a deir sí. Labhraíonn siad chomh maith faoi obair thraidisiúnta na lásadóireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i measc an phobail.Pléann Róisín chomh maith an imní atá uirthi go bhfuil an cheardaíocht thraidisiúnta – amhail an séideadh gloine – i mbaol. Deir sí freisin go bhfuil na healaíona agus an cheardaíocht in Éirinn rómhór ina gcuid de scéal eacnamaíochta na tíre seachas ina gcuid de scéal cultúrtha na tíre.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. 
Tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn in éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus saibhreas.Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúpla focal’. Pléitear san eagrán seo meon ‘an chúpla focal’ agus cén fath nach leor i gcónaí an lag-iarracht, go háirithe ón stát.Pléitear freisin ‘Gaeilge an charbhait’, céard is cúis le Gaeilge dhothuigthe an tsaoil phoiblí, na dúshláin atá ann d’aistritheoirí agus an doicheall a bhíonn ann go minic roimh an nGaeilge nádúrtha.Caitear súil chomh maith ar chás na Gaeilge agus céard atá i ndán dár ‘bpéistíní beaga’ amachsmach anseo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é.Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An American Mór.Tá cuimhní geala ag John féin ar an aistear ó dheas i 1987. Chuaigh Helen go dtí an Cheathrú Rua chun paiste cainte a dhéanamh leis faoin rás sin, faoin dúil a bhí aige i mbáid ó rugadh é i mbéal na farraige ar Inis Mhic Cionaith.Labhraíonn siad faoi thraidisiún agus faoi cheard na mbád seoil, faoin bpléisiúr atá bainte ag John astu. Labhraíonn siad chomh maith faoi na blianta a chaith sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá agus go leor eile.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cinneadh Chonradh na Gaeilge go mbeidh an eagraíocht ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’ feasta. An é an cinneadh ceart é?In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn. Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.An é an cinneadh ceart é? Tá plé bríomhar againn faoin gceist sin agus faoi na himpleachtaí a bhaineann leis don eagraíocht ársa teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill.Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí.Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois nuair a chuir Gael Linn amach i 1971 albam léi féin, a deirfiúr Tríona, a ndeartháir Mícheál agus Dáithí Sproule. Tá trácht fós ar an mbuíon cheoil sin – Skara Brae. Níor thaitin sé le daoine áirithe gur chuir siad tionlacan ceoil le hamhráin thraidisiúnta ach níor chuir sé sin aon bhac orthu agus maireann a gcáil inniu mar cheannródaithe. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí? Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis na cluichí atá beartaithe idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún sa bhfómhar agus caitheann siad súil freisin ar a raibh le rá ag an Taoiseach agus é faoi agallamh ag Máirín ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraíCothrom an ama seo seacht mbliana ó shin a thuirling an teangeolaí ón Rúis, Victor Bayda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le post nua mar phleanálaí teanga. Bhí mórán daoine meallta ag an scéal faoin Rúiseach a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gCiarraí. Conas atá ag éirí leis ó shin agus cad é a léamh ar chás na teanga agus ar an gcóras pleanála teanga anois? Chuaigh Helen chun caite leis don eagrán is déanaí de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé...Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn.Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in amhráin agus i bhfilíocht na nGael - an briseadh croí, an grá leatromach, agus suáilcí an ghrá san áireamh. San eagrán seo de An Pod Gaeilge, cíorann an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair, agus an t-ollamh emeritus Alan Titley téama an ghrá i litríocht, i bhfilíocht, agus in amhránaíocht na nGael le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais. Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram féin ar gach aon cheann acu. An mó ceann acu a fhaigimid ónár dtuismitheoirí? Cad iad na tréithe a iompraíonn siad, agus cén rian a fhágann siad orainn? An raibh an ceart ag an seandream a dúirt, ‘ó, tá sé sa bhfuil aige’ nó an fíor an seanfhocal gur treise dúchas ná oiliúint?  Níl ansin ach cuid de na ceisteanna atá faoi chaibidil againn ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú? Déanann Bridget Bhreathnach an cheist sin agus cuid de scéalta eile na seachtaine a phlé le Muireann Ní Mhóráin, iar-phríomhfheidhmeannach COGG, agus le Maitiú Ó Coimín, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Chuaigh Helen Ní Shé go dtí Béal Feirste mar ar dhein sí paiste cumhachtach cainte le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ildánach. Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar.Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirste Louise agus faoi cad ina thaobh go bhfuil sí chomh sásta ag cur fúithi sa chathair sin. Pléann sí an traidisiún drámaíochta i gCorca Dhuibhne agus a cuid oibre le TG4 ó laethanta luatha an stáisiúin. Labhraíonn Louise faoin draíocht a bhaineann le hobair mheithle scannáin, faoi chaidreamh an stiúrthóra leis an aisteoir agus faoi scannán faisnéise a dhéanamh a bhaineann le do phobal féin. Labhraíonn sí óna croí chomh maith faoina cinneadh 19 bliain ó shin cúl a thabhairt leis an ól agus ar an tsaoirse a lean an cinneadh sin.Ar deireadh thiar tráchtann sí ar mhisneach Kneecap agus ar na hathruithe sna meáin ó thosaigh sí féin ag plé le TG4 30 bliain ó shin.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
loading
Comments 
loading