DiscoverAN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Claim Ownership

AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal

Author: Tuairisc

Subscribed: 2Played: 2
Share

Description

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.
13 Episodes
Reverse
Is iad Ciarraí seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus linn chun labhairt ar ghaisce na Ríochta tá aoi speisialta, duine de mheitheal bainistíochta na foirne buacaí, Aodán Mac Gearailt.Labhair Aodán ar an aistear a rinne Ciarraí ón lá gur chaill siad in aghaidh chontae na Mí sa Tulach Mhór i lár mhí an Mheithimh go dtí Dé Domhnaigh seo caite. Mar a deir sé féin, is minic gur fearr cic sa tóin ná aon rud eile.Ina ról mar roghnóir, ba mhinic d’Aodán aiseolas a thabhairt d’imreoirí faoi céard a bhí á dhéanamh go maith acu agus céard nach raibh ag dul go maith dóibh. Insíonn sé dúinn faoi conas a bhraitheann sé a bheith ag cur comhairle ar David Clifford agus faoin ‘easpa cacamais’ a bhaineann le David agus a dheartháir, Paudie.Bhí Aodán agus Dara Ó Cinnéide ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2000, foireann a ndearnadh ceiliúradh uirthi ag an deireadh seachtaine roimh chluiche ceannais na hÉireann. Thagair Aodán don spreagadh a thug na himreoirí sin d’fhoireann an lae inniu roimh an gcluiche ceannais agus labhair Dara faoin tábhacht a bhaineann leis an gceangal sin idir peileadóirí agus iarpheileadóirí i gCiarraí.Labhraíonn an bheirt freisin ar bhainisteoir na foirne, Jack O’Connor, a bhfuil Craobh Shinsir na hÉireann anois buaite cúig huaire aige le foireann Chiarraí. Chuir Aodán béim ar an gcaidreamh atá aige leis na himreoirí agus deir sé gurb é a dtuairim siúd is mó a shocróidh an dtabharfaidh an Conchúireach faoi bhliain eile i gceannas ar an gcontae.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. In this episode Kerry selector Aodán Mac Gearailt reflects on his county’s victory against Donegal in this year’s All Ireland Final.
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maidin an chluiche ceannais an bhliain sin. Deir Dara Ó Cinnéide linn go mbíon package milseán aige maidin an All-Ireland ach go bhfágfadh sé cúpla ceann ar leith ina dhiaidh...Agus pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a mbeidh tábhacht leo Dé Domhnaigh. An coimhlint stíleanna a bheidh ann dáiríre? An féidir David Clifford agus Seanie O’Shea a choimeád ciúin. Cad is féidir a dhéanamh le Michael Murphy ? An féidir le Ciarraí na tinte go léir a mhúchadh? Cic amach millteach Shaun Patton. Jim McGuinness agus Jack O’Connor. An ceangal Gaeltachta agus ‘Na fadúdas (fádtaobhde) in aghaidh na n’fheadars’. Agus ar deireadh thiar, pléitear an cheist is tábhachtaí acu go léir: cé a bhuafaidh an meaits?Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu. Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais na hÉireann. Pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a shocróidh an mbeidh deireadh leis an bhfanacht fada cois Laoi ar an 31ú craobh na hÉireann nó an mbeidh Tiobraid Árann ag ceiliúradh a gcéad cheann ó 2019 agus a 29ú ceann ar fad. Déantar plé ar conas is fearr an brú a bhaineann leis an gcarnabhal cois Laoi a ionramháil. Insíonn Paul dúinn faoin gcomhrá a bhí aige le Tony Kelly cúpla lá roimh chluiche ceannais na bliana seo caite agus míníonn John dúinn cén fáth nach bhfuil Corcaigh chomh maith is a cheapann daoine.Agus déanann Pádraic cur síos dúinn ar an obair dhian ullmhúcháin a bhíonn le déanamh ag an iriseoir spóirt seachtain an chluiche ceannais…Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann.An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó contae na Mí tuisle a bhaint astu? Féachtar ar chuid de na laigí a d’fhéadfadh a bheith ag Ciarraí agus Dún na nGall i gcónaí agus ar an dóigh go bhféadfadh Tír Eoghain agus contae na Mí buntáiste a bhaint as na laigí sin. Deir Dara linn cén teachtaireacht a bheidh ag bainisteoir na Ríochta, Jack O’Connor an tseachtain seo. Insíonn iarchaptaen Chiarraí dúinn chomh maith cad a bhí á thaifeadadh aige ar an bhfón póca agus é amuigh ar an bpáirc sa Tulach Mhór i ndiaidh do chontae na Mí an ceann is fearr a fháil ar a chontae an mhí seo caite. Agus míníonn sé dúinn cad ina thaobh go mba bhreá lena chroí dá mbeadh an lá le Luimneach in aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Chorn Tailteann.
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarimreoir agus iarbhainisteoir Chorcaí, John Allen, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Áth Cliath agus idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.Meastar go bhfuil an-seans anois ag Corcaigh Craobh na hÉireann a bhaint ach deir John nach bhfuil Áth Cliath gan seans, chomh fada is go n-éiríonn leo dhá thaispeántas maith i ndiaidh a chéile a thabhairt.Pléitear chomh maith cluiche mór an Domhnaigh agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann le haghaidh a thabhairt ar a chéile. Tá tosaithe na dTiobraid Árannach i mbarr a réime arís ach b’fhéidir nach bhfuil dream níos fearr chun srian a chur leo ná cosantóirí na gCat.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar fhéasta peile bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann – Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin, Áth Cliath in aghaidh Thír Eoghain, An Ghaillimh in aghaidh chontae na Mí agus Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha. Labhraíonn Dara ar an aithne atá aige ar Jack O’Connor mar bhainisteoir agus ar an gcúis nár cheart go deo beag is fiú a dhéanamh dá chumas agus dá thiarnúlacht. Pléitear na cluichí móra go léir agus déantar trácht chomh maith ar neamhbhailbhe Phádraic Joyce, ar dhánaíocht Mhuineacháin agus ar bhóthar fada Dhún na nGall.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar réamhbhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann agus ar na cluichí móra eile a bheidh againn an deireadh seachtaine seo.Bás nó beatha a bheidh i ndán d'fhoirne as seo amach agus labhraíonn muid faoin scóip chun iontais atá i gcontae an Dúin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh. Is ag snámh in aghaidh easa a bheidh Corcaigh chomh maith agus iad ag taisteal go Páirc an Chrócaigh ach maítear go bhfuil an t-armlóin acu chun tabhairt faoi Áth Cliath.Pléitear chomh maith iarrachtaí Jim McGuinness meon léigir a chruthú i nDún na nGall agus an gá atá le freagra ó Chiarraí ón scóladh atá faighte acu sa mbaile i ndiaidh an chliseadh i gcoinne na Mí. Is beag seans atá á thabhairt don Chabhán roimh an chluiche i gCill Airne ach, mar a deir Dara, níl ag teastáil ach sméaróidín beag dóchais.Caitear súil chun cinn freisin ar na chluichí leathcheannais i gCorn Tailteann agus ar na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Iomána na hÉireann.
Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Peile na hÉireann agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na coimhlintí agus chun na ceisteanna móra a phlé.Labhraíonn muid ar dtús faoi na cluichí i nGrúpa 4 agus Doire, Áth Cliath agus Gaillimh i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh. Deir Dara gurb í foireann Dhoire an ceann is dainséaraí sa gcraobh agus agus go mbeidh thiar ar Átha Cliath a má bhíonn a dtaispeántas chomh breac le botúin is a bhí in aghaidh Ard Mhacha. Pléitear chomh maith cás na Gaillimhe agus a mbeidh i ndán do Phádraic Joyce mura n-éiríonn leo an beart a dhéanamh i gcoinne sheaimpíní na hÉireann.Bás nó beatha atá i ndán do pheileadóirí Chorcaí Dé Sathairn agus cluiche mór acu in aghaidh Ros Comáin. Deir Dara nach leor a bheith ar bior do chluichí in aghaidh Chiarraí amháin agus go bhfuil sé in am ag na Corcaígh a mianach a léiriú.Pléadh chomh maith na cluichí móra i nGrúpa 1 agus an baol ann go mbeidh rás Mhaigh Eo rite tráthnóna Dé Domhnaigh mura n-éiríonn leo Dún na nGall a shárú. Caitear súil ar na cluichí eile a bheidh againn i rith an deireadh seachtaine freisin chomh maith le beagán plé ar chluichí ceannais na gcúigí san iomáint an deireadh seachtaine seo caite
Cluichí ceannais na gcúigí san iománaíocht atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo agus John Allen, iarimreoir le Corcaigh agus iarbhainisteoir ar Chorcaigh, inár dteannta chun na ceisteanna móra a phlé roimh Chluiche Ceannais Chraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh agus Cluiche Ceannais Chraobh Laighean idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Labhraíonn John linn chomh maith faoi chluiche ceannais na Mumhan in 2013 nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Luimnigh a fuair an ceann is fearr ar a chontae dúchais lá stairiúil i bPáirc na nGael. Pléitear chomh maith a gcaithfidh Corcaigh a dhéanamh más leo an bhearna mhór 16 pointe a bhí idir iad féin agus Luimneach an mhí seo caite a iamh.Caitear súil freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh ó thús na craoibhe, má tá. An leanfaidh tréimhse fhada forlámhais Chill Chainnigh agus Luimnigh ar aghaidh nó an mbainfear tuisle astu? Agus, Dia idir sinn agus gach olc, an í an pheil seachas an iománaíocht atá anois ar an gcluiche is fearr ar domhan?
Tá Dara Ó Cinnéideinár dteannta ar ‘An Pod Spórt’ an tseachtain seo chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine seo agus ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Pléitear deacrachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe, righneas Thír Eoghain, Maigh Eo na mioniontas, canathaobh nach bhfuil aon chomhairle ag Dara do Chorcaigh roimh an gcluiche is déanaí acu in aghaidh Chiarraí agus mianach chontae na Mí.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal, caitheann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha súil siar ar chluichí ceannais Uladh agus Laighean agus iad i dteannta iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide. Déantar plé chomh maith ar an gcéad bhabhta eile de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann. An bhfuil cluichí ceannais an deireadh seachtaine tar éis craobhacha na gcúigí a tharrtháil? An bhfaca muid an dá fhoireann is fearr sa tír i gCluain Eois? Céard atá romhainn sa gcéad chuid eile den chraobh? Pléitear na ceisteanna sin agus a thuilleadh agus caitear súil freisin ar dheireadh seachtaine mór i gCraobh Iomána na Mumhan. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá an t-iar-imreoiragus iarbhainisteoir John Allen agus an craoltóir agus colúnaí Mártan Ó Ciardha linn chun plé a dhéanamh ar chraobh iománaíochta na hÉireann. An mbeifear ag ceiliúradh cois Laoi ag deireadh an tsamhraidh? An bhfuilLuimneach chomh maith is a bhí? Céard atá mícheart le Gaillimh? Pléitear na ceisteanna sin agus a thuilleadh chomh maith le gaisce drámatúil Rory McIlroy ag an US Masters in Augusta Georgia.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraithpodchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhaircuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, thenational Irish language online news service.
Sa chéad eagrán de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann SeánTadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha Craobh Peile na hÉireann, a bheidh agtosú an deireadh seachtaine seo, a phlé le hiarchaptaen Chiarraí, Dara ÓCinnéide. An bhfuil ‘máistirphlean’ ag Jim McGuinness, draoi Dhún na nGall? Nóan é Jack O’Connor na gcéadta cath agus foireann na Ríochta a bheidh ag ceiliúradharís? Nó an amhlaidh go mbeidh an tríú huair sona ag Pádraic Joyce agusGaillimh? Pléitear ar ‘An Pod Spórt’ na ceisteanna sin agus go leor eile. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraithpodchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhaircuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, thenational Irish language online news service.
Comments