DiscoverDúchas
Dúchas
Claim Ownership

Dúchas

Author: Cúán de Búrca ⁊ Cían Mac Coisteala

Subscribed: 5Played: 24
Share

Description

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!
17 Episodes
Reverse
San eagrán seo tugann na buachaillí a n-aghaidh ar na mairbh a mhaireann: idir sprideanna, ainsprideanna, thaisí agus thaibhsí. Insíonn Cúán scéalta faoi longa taibhsiúla, lámh dhíchollaithe agus thaisce faoi cheilt. Pléann Cian an chaoi ar athraigh íomhá an taibhse le himeacht ama, agus é dár dtabhairt ar aistear ó shaothar Shakespeare chomh fada leis an ré Victeoiriach...​ Imfeld, Z.L. (2016) The Victorian ghost story and theology: from Le Fanu to James. Cham: Palgrave Macmillan.​Imfeld, Z.L. (2023) ‘Visualizing the unseen in the Victorian ghost story’, in Kern-Stähler, A. and Robertson, E. (eds.) Literature and the senses. Oxford: Oxford University Press, pp. 49–63. https://doi.org/10.1093/oso/9780192843777.003.0003. ​Leeder, M. (ed.) (2015) Cinematic ghosts: haunting and spectrality from silent cinema to the digital era. New York: Bloomsbury Academic. ​Marsh, J. (2013) ‘Dickensian “dissolving views”: the magic lantern, visual story-telling and the Victorian technological imagination’, in Geiger, J. and Littau, K. (eds.) Cinematicity in media history. Edinburgh: Edinburgh University Press, pp. 21–34.​Owens, S. (2017) The ghost: a cultural history. London: Tate Publishing.​Seymour, S.J.D. and Neligan, H.L. (comps.) (1914) True Irish ghost stories. Dublin: Hodges, Figgis & Co.​Shubert, A. (2020) ‘“A bright continuous flow”: phantasmagoria and history in A Tale of Two Cities’, Victorian Literature and Culture, 48(4), pp. 693–720. https://doi.org/10.1017/S1060150319000226.​Smith, A. (2010) The ghost story, 1840–1920: a cultural history. Manchester: Manchester University Press.​Spence, C. (2022) ‘The phantasmagoria: from ghostly apparitions to multisensory fairground entertainment’, Frontiers in Communication, 7, article 894078. https://doi.org/10.3389/fcomm.2022.894078.​Spinner, C. (2023) ‘19th-century spirit photography’, Oxford Research Encyclopedia of Literature. Oxford: Oxford University Press. https://doi.org/10.1093/acrefore/9780190201098.013.138.​Thurston, L. (2012) Literary ghosts from the Victorians to modernism: the haunting interval. New York: Routledge.​Waskul, D. and Eaton, M. (eds.) (2018) The supernatural in society, culture, and history. Philadelphia, PA: Temple University Press.
Cuirimid tús le sraith a dó de ‘Dúchas’ le splanceagrán taibhsiúil a chuirfidh cáithníní ar do chraiceann! Buailtear le capall a bhfuil bua na cainte aici, bean a labhraíonn in ainneoin a báis, agus buachaill báire bastallach amuigh ag ragairne spórt. Samhain shona daoibh go léir… is go maire na mairbh!Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na haisteoirí gutha ar fad a ghlac páirt san eagrán seo. Thug sibh beocht do na carachtair agus chuir sibh go mór leis an scéal. Táimid fíorbhuíoch as bhur gcuid ama, bhur gcuid tallainne agus bhur gcuid oibre.Emer Nic Róibín — Máthair CholmáinJason Ó Nialláin — ColmánSaoirse Nic Aogáin — An Capall CainteachÓrnaith Ní Fhearghail — An Corpán Ceanndána Eoin P. Ó Murchú — Fear na ReiligeGo raibh míle maith agaibh as ucht bhur rannpháirtíochta agus as cabhrú linn an scéal seo a thabhairt chun beatha.Ní bheadh a mhacasamhail indéanta gan sibh!
Tá siad ar ais! San eagrán féiltiúil féastach seo — taifeadta go beo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach — insíonn na leaids scéalta taibhsí faoi mhuintir Cosby agus an tSráidbhaile fadó, pléann siad féilte agus nósanna ólacháin na nGael mar a bhí sa chianaimsir, agus dáileann siad cannaí Smirnoff Ice go fial ar lucht a n-éisteachta. Ár mbuíochas le hOllscoil na Gaillimhe as urraíocht a dhéanamh ar an eagrán seo! :)
Beo ó Nás na Ríogh

Beo ó Nás na Ríogh

2026-03-0449:29

Thriail na buachaillí báire chomh fada le Nás na Ríogh ar na mallaibh chun eagrán Dúchas a thaifead go beo ós comhair a lucht leanúna dhílis. Phléigh siad Bríd, banéarlamh Chontae Chill Dara. Ar bhean rialta is banab í nó bandia breabhsánta? Cé na cleachtais agus na deasghnácha a bhain le Lá ‘le Bríde (nó Imbolg, más págánach salach thú ar nós an Choistealaigh)? Cén saghas tagairtí atá i lámhscríbhinní ár sinsear ar an mbandia? É sin uilig agus i bhfad eile san eagrán bríd-mhar beoga seo.
Na Normannaigh

Na Normannaigh

2026-01-2748:13

Caisleáin, cathanna agus coiníní: is iomaí lorg a d'fhág na Normannaigh ar fhód Bhanba, ach cérbh iad na heachtránaithe caithréimeacha seo an chéad lá ariamh? Pléann na buachaillí na fáthanna a tháinig na Normannaigh go hÉireann agus cuid den diabhlaíocht a bhí ar bonn acu anseo.
loading
Comments