Discover
Tús Áite
1218 Episodes
Reverse
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Clare Ní Mharcaigh (Ionadaí le hAontas Múinteoirí Éireann); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Fiachna Ó Braonáin (Craoltóir agus Ball de na Hothouse Flowers)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá maraon leis an Iar-Thaidhleoir Antóin Mac Unfraidh a bhí linn don Painéal Idirnáisiúnta. An Ungáir agus an mheánoirthear a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Fiachna Ó Braonáin linn faoi oidhreacht Máire Ní Bhraonáin atá imithe ar shlí na fírinne.See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’éiligh ionadaithe ó cheardchumainn múinteoireachta dara leibhéal go dtabharfaí ar ais an bonnleibhéal do Ghaeilge an Teastas Sóisirigh agus go leagfaí níos mó béime ar an nGaeilge labhartha. Labhair Clare Ní Mharcaigh Ionadaí le hAontas Múinteoirí Éireann linn faoi seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na GaeltachtaSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Ben Ó Floinn (Abhcóide); Brídóg Ní Bhuachalla (Léiritheoir Cúrsaí Reatha agus Prime Time); Eoin Ó Catháin (Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann); Míchéal Ó Cinnéide (Iar-Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ceannaire nua na hUngáire, é Péter Magyar in dhiaidh vóta na deireadh seachtaine. Tá sé tugtha le fios ag Peter Maygar nach gcuirfidh Ungáire bac níos mó le iasacht €90bn ón Aontas Eorpach don Úcráin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Meiriceá le tosú ag cur bac ar loingseoireacht isteach agus amach sa calafoirt na hIaráine, rud a chuirfidh bac ar tuairim is dhá mhilliún barraile d’ola na hIaráine in aghaidh an lae, rud a chuirfidh brú breise ar an soláthar ola idirnáisiúnta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt an Pápa Leo nach bhfuil aon eagla air roimh roimh rialtas Donald Trump agus go leanfaidh sé air ag labhairt amach faoi theachtaireacht an tsoiscéil mar a dúirt sé fhéin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí bacainní fós ag cur isteach ar thrácht ar bhóithre ar fud na tíre inniu in ainneoin gur fhógair an rialtas pacáiste tacaíocht dar luach €505 milliúin d’fheirmeoiróagus do chomhlachtaí lastais.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhuaigh an galfaire as Co an Dúin Rory McElroy comórtas na Maistrí i Georgia Meiriceá don tarna bhliain as a chéile. Is é an chéad galfaire ón Eoraip a bhain é seo amach riamh agus an níl ann ach an ceathrú galfaire riamh chun seo a bhaint amach.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Dan Mulhall (Iar-Thaidhleoir agus iar-Ambasadóir na hÉireann in Washington); Dónall Ó Néill (Tráchtaire i Búdapéist); Marc Ó Cathasaigh (Bun-Mhúinteoir agus iar-Theachta Dála an Chomhaontas Glas); Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Súil Siar na Seachtaine le Marc Ó Cathasaigh, bun-mhúinteoir agus iar-Theachta Dála an Chomhaontas Glas; agus Frank Reidy, Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Dan Mulhall, Iar-Thaidhleoir agus iar-Ambasadóir na hÉireann in Washington linn faoin scéal is déanaí sa mhéanoirthear.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Dónall Ó Néill, tráchtaire i Búdapéist le Cearbhall Ó Síocháin, faoi Olltoghchán na hUngáire a bheas ar siúl Dé Domhnaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag an Tráchtaire Polaitíochta Áine Ní Chiaráin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cearbhall Ó Síocháin; Pól Ó hÍomhair Mac Léinn Coláiste na Trionóide; Máiréad Farrell TD Shinn Féin; Shane Curley Seanadóir le Fianna Fáil; Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta; Piaras Mac Éinrí Léachtóir i Coláiste na hOllscoile Corcaigh; Joseph Mac Aoidh; Emma Ní BhroinSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair ár dtuairisceoir Cearbhall Ó Síocháin agus Pól Ó hÍomhair, Mac Léinn i gColáiste na Trionóide linn beo ó lár na cathrach agus iad ag cur síos ar na hagóidí breosla atá ag tarlú sa chathair le trí lá anuas.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt Uachtaráin na hIaráine Masoud Pezenshkian gur sárú gan náire ar an sos cogaidh iad ionsaithe Iosrael ar an Liobáin agus nach mbeadh ciall ar bith le cainteanna síochána má leanann siad ar aghaidh. Phléamar an scéal seo le Piaras Mac Éinrí, Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta Coláiste na hOllscoile Corcaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Inniu an triú lá d’agóidí breosla. Cuireadh bac ar scaglanna ola i gCorcaigh agus i Luimneach agus ní raibh artola ar bith ar fáil i roinnt stáisiún bhreosla i ndeisceart agus iarthar na tíre. Labhair Mairéad Farrell, Urlabharaí ar Caiteachas Phoiblí agus Athchóiriú Shinn Féin, Teachta Dála Gaillimh Thiar agus Shane Curley, Seanadóir le Fianna FáilSee omnystudio.com/listener for privacy information.




















