DiscoverRaidió Rí-Rá
Raidió Rí-Rá
Claim Ownership

Raidió Rí-Rá

Author: Raidió Rí-Rá

Subscribed: 6Played: 85
Share

Description

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.

Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
68 Episodes
Reverse
Labhair Aisling le Jack O'Donovan Trá ar eagrán an lae inniu, oifigeach cumarsáide le Fair Seas. Phléigh siad limistéir mhuirí faoi chosaint, an tionchar atá ag athrú aeráide ar fharraigí na hÉireann agus an tábhacht a bhaineann le farraigí sláintiúla don saol trí chéile. Is féidir gach eolas faoin bhfeachtas atá acu ar Limistéir Mhuirí faoi chosaint a fháil ar www.fairseas.ie   Is féidir Raidió Rí-Rá a leanúint ar na meáin shóisialta ag @raidiorira
Tá na mná ar fad sa stúideó an tseachtain seo le breith suas ar na rudaí cultúrtha a sheas amach dóibh le cúpla seachtain anuas idir drámaíocht, albaim agus na grammys!
D’fhág Aisling slán leis an stúideó chun an t-eagrán seo a thaifead ar churrach le labhairt le Tomás Ó Madaoin atá ag obair leis an ionad uisce HQ20 i mBaile Átha Cliath. Tá Tomás ag iomradh agus ag rámhaíocht currachaí le breis is dhá bhliain déag agus tá sé i gceist aige cúrsaí trí Ghaeilge a thosnú i dteannta le BÁC le Gaeilge an bhliain seo chugainn. Thóg Tomás Aisling amach ar an Life ar churrach álainn darb ainm an Chailleach Dhubh le labhairt faoi bhéaloideas agus saibhreas na Life, chomh maith le stair cuid de na droichid agus foirgnimh atá le feiceáil ón abhainn. Níl anseo ach blaiseadh den turas a dhéanann Tomás, mar sin má thaitníonn sé seo libh mholfainn go mór súil a chaitheamh ar na himeachtaí agus cúrsaí a bhíonn ar bun ag H2QO.
Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir ábhair Conleth Ó Mealláin faoin nGlas Triarach. Cad é? Cén fáth go bhfuil an oiread cainte air? Agus cén fáth go bhfuil an rialtas ag iarraidh é a bhaint?   Is féidir Conleith a leanúint ar na meáin shóisialta @conlethomeallain 
Labhair Aisling le Rob Fell ón eagraíocht Hometree, atá ag iarraidh €1,000,000 a bhailiú laisitgh de mhí chun athdhúlrú a dhéanamh ar chuid mhaith d'Iarthar na hÉireann. Is féidir tacú leis an bhfeachtas tríd www.hometree.ie/fundraiser
loading
Comments