DiscoverGaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua
Gaeilge na hArdteistiméireachta -  Siollabas Nua
Claim Ownership

Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua

Author: Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Subscribed: 86Played: 535
Share

Description

Beidh deis ag daltaí na hArdteiste 2012 guth na bhfilí agus na n-údar eile atá ar an gcúrsa Gaeilge a chloisint ar Raidió na Life 106.4 FM sna seachtainí agus míosa amach romhainn.
Sa chéad chlár den sraith nua seo, beidh cur síos ar an gcúrsa Gaeilge trí chéile.
Leanfar idir seo agus saoire na Nollag le plé agus díospóireacht ag painéal múinteoirí ar ábhar an chúrsa litríochta.
San athbhliain, beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail agus clár amháin ag cur treorach agus eolais ar fáil do dhaltaí ar an gCluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.
20 Episodes
Reverse
Clár 20. Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht. Múinteoir: Ciarán Ó Duinneacha.
Clár 19. Béaltriall. Cómhrá: Fadhbanna sóisialta, cúrsaí imirce, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha. Múinteoir: Reuben Ó Conluain. Daltaí: Clíodhna Ní Chéileachair agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 18. Béaltriail. Cómhrá: Cúrsaí Oibre. Gramadach: An Módh Coinníollach. Múinteoir: Reuben Ó Conluain. Daltaí: Clíodhna Ní Chéileachair agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 17. Béaltriail. Cómhrá: Laethanta saoire, taisteal agus teangacha agus An Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Múinteoir: Reuben Ó Conluain. Daltaí: Cathy Ní Néill agus Barra Ó Séanán.
Clár 16. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "An tEarrach Thiar" le Máirtín Ó Direáin. Cómhrá: "Na meáin chumarsáide agus an t-idirlíon". Múinteoir: Reuben Ó Conluain. Daltaí: Cathy Ní Néill agus Barra Ó Séanán.
Clár 15. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "An tEarrach Thiar" le Máirtín Ó Direáin. Cómhrá: "Caitheamh aimsire 2: ceol agus cluichí ríomhaire". Múinteoir: Lorcán Ó Treasaigh. Daltaí:Gráinne Ní Lorcáin agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 14. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Mo Ghrása idir Lúibíní" le Nuala Ní Dhomhnaill. Cómhrá: "Caitheamh aimsire1: spórt agus aclaíocht". Múinteoir: Lorcán Ó Treasaigh. Daltaí:Gráinne Ní Lorcáin agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 13. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Colscaradh" le Pádraig Mac Suibhne. Cómhrá: "An scoil agus cúrsaí oideachais". Múinteoir: Lorcán Ó Treasaigh. Daltaí:Gráinne Ní Lorcáin agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 12. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Géibheann" le Caitlín Maude. Cómhrá: "Cúlra agus Áit Chónaithe" agus "An Teaghlach". Múinteoir: Lorcán Ó Treasaigh. Daltaí:Gráinne Ní Lorcáin agus Seán Mac Dhonnagáin.
Clár 11. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama. "An Gnáth Rud" Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth an údair agus í ag léamh sleachta as a scéal agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar an gcúlra. "Canary Wharf" Gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Beidh Orna ag léamh sleachta as an scéal Canary Wharf agus ag cur síos ar an gcnuasach.
Clár 10. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille."Oisín i dTír na nÓg" Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill.Tá scéal Óisín curtha le ceoil ag Colm Mac Séalaigh agus beidh leagan álainn le chloisint ar an gclár á chanadh agus á sheinnt ag Na Fíréin. Ar Lipéid Gael-Linn"Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne" Nessa Ní Shé a chuir in eagar. Plé.
Clár 9. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha agus Bernadine Nic Giolla Phádraig."Cáca Milis" le Brian Lynch.Sliocht as an gearrscannán le cead Igloo Films.Plé ar an scannaíocht mar mhódh múinte. "Gafa": An túdar Ré Ó Laighléis ag cur síos ar a úrscéal agus ag léamh sleachta as.
Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama."An Lasair Choille" Dráma le Caitlín Maude i bpáirt le Mícheál Ó hAirtnéide."Seal i Neipeal" Sliocht as a leabhar taistil, á léamh ag Cathal Ó Searcaigh agus cuntas uaidh ar chúlra na sleachta áirithe seo.
Clár 7. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha agus Bernadine Nic Giolla Phádraig."Hurlamaboc" Cloisfear sliocht as an úrscéal á léamh ag an údar Éilís Ní Dhuibhne agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an scéal seo a scríobh."Dís" Gearrscéal i bhfoirm comhrá le Siobhán Ní Shúilleabháin.
Clár 6. Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín. "Colscaradh" le Pádraig Mac Suibhne. File Ultach eile ag léamh agus ag cur síos ar a dhán. "A Chlann" á léamh ag an bhfile Máire Áine Nic Gearailt agus cur síos ar cad a spreag í chun an dán a scríobh.
Clár 5. Painéal: Mícheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn."Colmáin" Beidh guth an fhile Chathal Uí Shearcaigh le cloisint ar an gclár seo ag léamh agus ag cur síos ar chúlra an dáin. "Géibheann" le Cailín Maude á léamh ag Treasa Ní Chonghaile.
Clár 4. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille. "Mo Ghrása idir Lúibíní" á léamh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus cur síos uaithi ar chúlra an dáin. "Caoineadh Airt Úi Laoghaire" le Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Sliocht á léamh ag an aisteoir Audery Ní Fhearaíl.
Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín. "Eiceolaí" le Biddy Jenkinson, á léamh aici féin agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an dán a scríobh. An Spailpín Fánach. Ní fios cé a chum. An t-aisteoir Tadhg Ó Bric ag léamh roinnt véarsaí i bhfoirm fileata agus cúpla véarsa á gcanadh ag John Spillane ón ndlúthdhiosca "More Irish Songs We Learned at School" atá ar lipéad EMI.
Painéal: Micheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn "Fill Arís" le Seán Ó Ríordáin. "An tEarrach Thiar" le Máirtín Ó Direáin". Cloisfear na filí ag léamh a gcuid dánta, a bhuíochas san do Ghael-Linn agus na dlúthdhioscaí atá eisithe acu leis na mbeirt shár fhile ag léamh a saothar féin.
Láithreoir: Máiréad Uí Dhomhnaill. Script: Gaelchultúr. Sa chéad chlár féachfaimíd ar chúrsa Gaeilge na hArdteiste trí chéile. Cad iad na codanna den chúrsa atá athraithe agus cad iad na codanna atá díreach mar a bhí?
Comments 
loading
Download from Google Play
Download from App Store