Discover
Barrscéalta
Barrscéalta
Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta
Subscribed: 118Played: 18,461Subscribe
Share
© 2026 RTÉ Raidió na Gaeltachta
Description
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
1084 Episodes
Reverse
Chuala muid inniu Buaiteoir na Naíonraí, Gracelee Nic Giolla Chomhaill, Buaiteoir na Naíonáin Bheaga, Bláithín Ní Dhónaill, Buaiteoir na Naíonáin Mhóra, Louis Mac Cionnaith agus Buaiteoir Rang 1, Fionnuala Nic Fhionnghaile.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag cur síos ar pharáid Lá Fhéile Phádraig i nGaoth Dobhair i mbliana, an tábhacht a bhaineann le daoine a bheas ag glacadh páirt sa pharáid clárú leis an Chrannóg ar mhaithe le cúrsaí aráchais agus ar imeachtaí eile a bheas ar siúl acu le linn na míosa seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá ráiteas eisithe ag Comhlachas Tarlú Bóthar na hÉireann nó an Irish Road Haulage Association maidin inniu agus iad ag iarraidh go gcuirfí tacaíochtaí éigeandála ar fáil do chomhlachtaí iompar mar gheall ar luach an bhreosla a bheith ag ardú.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Áine Ní Churráin i mbun cainte le Owenie Ó Duibhir a rugadh i nGabhla ag caint ar an leictreachas agus an uisce reatha a beith ar fail ar an Oileán agus ansin píosa gairid le fear eile de bhunadh an oileáin, a bhí sa bhaile as Londain, Freddy Mac Aoidh nó Freddy Ned.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí an grúpa feachtasaíochta ‘TINTEÁN’ i mbun agóidíochta taobh amuigh de Theach Laighean inné agus bhí cruinniú ag na hOifigigh Pleanála Teanga leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary Dé Luain.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh an banna ceoil cáiliúil, The Corona’s ar an ardán ag deireadh mhí na Bealtaine sa Social i nGaoth Dobhair agus ag caint faoi fhorbairtí atá le déanamh sa Social le cur le na haiseanna ansin agus ag caint ar imeachtaí eile a bheas a n-eagrú aige sna míonna amach romhainn.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag caint faoin imní atá orthu faoin mhéid atá ag tarlú sa Mheán Oirthear agus faoin mhéid atá cloiste acu maidir le mar atá rudaí i Doha agus Dubai faoi láthair.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mír rialta le ball de na Gardaí sa chontae le heolas agus comhairle don phobal. Eolas inniu faoi ionsaithe a rinne madaidh ar chaoraigh i gceantar Chloich Cheann Fhaola, faoin fhiosrúcháin maidir leis an taisme a tharla i mBaile Suingean ar an Mháirt seo a chuaigh thart agus faoi eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le tamall.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó GallachóirSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá mí-shuaimhneas arís sa Mheán Oirthear áit ar tharla ionsaithe arís ag an deireadh seachtaine idir Meiriceá agus Iosrael agus an Iaráin agus tá an UAE sáite ina lár áit a bhfuil na mílte Éireannach ag cur futhu.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuirfear tús le Seachtain Fiontar Áitúil Dhún na nGall anocht agus beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl sa chontae ar feadh na seachtaine dírithe ar chúrsaí fiontraíochta . Beidh roinnt ócáidí ar siúl ag Údaras na Gaeltachta fosta le linn na seachtaine.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag caitheamh súil siar ar chluichí peile an deireadh seachtaine.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh sé ceithre scór bliain ar an bhliain seo chugainn 2027 ó d’aistrigh teaghlaigh ó Ghaeltacht Thír Chonaill go Baile Ghib i gContae na Mí áit ar bunaíodh Gaeltacht úr ag an am. Tá sé beartaithe comóradh a dhéanamh ar an chlochmhíle seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh agóid ar siúl ag an ghrúpa feachtasaíochta tithíochta, Tinteán amárach taobh amuigh de Theach Laighean le haird a tharraingt ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Labhair sé fosta faoin Tionól Pleanála Teanga a bhí ar siúl inniu leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary inniu i gCaisleán an Bharraigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Máire Ní Chasaide, Cathaoirleach an Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, Mairéad Uí Fhíoruisce atá mar bhall den bhord, bainisteoir an Chomhar Creidmheasa, Anne Marie Uí Cholla, Treasa Mhic Suibhne agus Maireád Ní Ghallchóir baill foirne sa Chomhar Creidmheasa.See omnystudio.com/listener for privacy information.





















