AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma - 'Tá mé ar mo seachtú nó ochtú súil, tá cúpla ceann acu fós sa tarraiceán'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta.Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. 

09-11
53:40

‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’

Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean? Pléitear chomh maith mórshiúl mór millteach na Gaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus cás cúirte Mo Chara ó Kneecap in Westminster. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. 

09-25
46:05

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’

Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí. Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta agus polaitíochta.Pléann siad chomh maith cúrsaí oideachais agus an mheánscoil a bhunaigh athair Phádraig i nDroichead na Bandan i 1940, Ardscoil Uí Urmoltaigh, nó Hamilton High, scoil atá sa chóras saoroideachais ach atá fós i seilbh mhuintir Hamilton.Déanann siad paiste cainte chomh maith faoin ngean atá ag Pádraig ar Naomh Carlo Acutis.Seo an t-eagrán deireanach sa chéad sraith de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’, sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Beidh Helen ar ais leis an dara sraith go luath!Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. 

09-25
43:45

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann.Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun tabhairt faoin léann, ar an ngá le hathbheochan a dhéanamh ar aisling na hollscolaíochta Gaeilge agus ar a chairdeas le Micheál D Ó hUigínn. Pléann siad chomh maith ceisteanna móra geopholaitíochta na linne, an cinedhíothú in Gaza, Donald Trump, Valdimir Putin agus na fáthanna go bhfuil an lámh in uachtar ag an lámh láidir faoi láthair sa domhan.Déanann siad paiste cainte chomh maith faoi dhaonlathú na staire agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann leis.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

09-18
01:04:19

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Eamon O Siochrú - 'Níor cheart sin á thógáil as an Liobáin, tá imní orm gur Gaza eile a bheidh ann'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008.Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein na Náisiúin Aontaithe le déanaí deireadh a chur in 2027 le misean síochána fadbhunaithe arm na hÉireann sa Liobáin.Labhraíonn siad faoi cheist an Mheánoirthir, faoi léamh Éamoin ar chás na Palaistíne agus a bhfuil i ndán do mhuintir na Palaistíne. Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

09-04
49:48

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Jack O’Connor - 'Bainfidh mé triail amháin eile as...beidh galar na caide go deo orm'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc.Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae.Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin, faoin dúil mhínádúrtha atá aige sa pheil, faoi cad a choimeádann ag imeacht é os cionn 20 bliain ó bhuaigh sé a chéad chraobh na hÉireann mar bhainisteoir.Labhraíonn sé faoin gcáineadh a deineadh ar Chiarraí i gcaitheamh na craoibhe seo agus faoi cad ina thaobh gur ghoill cáineadh áirithe níos mó ná aon cháineadh eile. Féachann sé siar ar chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall agus ar na laethanta maithe agus na drochlaethanta a bhí aige le Ciarraí. Déanann sé cur síos ar an dtábhacht ina shaol a bhaineann lena áit dhúchais – An Dromaid – agus lena mhuintir agus déanann sé cur síos ar na gnéithe den pheil agus den bhainistíocht a thugann sásamh dó. Tráchtann sé chomh maith ar an easpa 'ego' agus 'vaimpírí fuinnimh' i seomra feistis sheaimpíní na hÉireann 2025.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’ Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

08-26
59:37

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAndrea Palandri – ‘Bhí Gaoluinn agus ceol agam — bhí ‘camouflage’ maith orm!’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca DhuibhneSan eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Ghaeltacht.Labhraíonn sé faoi oidhreacht bheo na teanga, faoi shaol na Gaeltachta agus muintir Chorca Dhuibhne agus faoina dhúchas san Iodáil. Déanann sé cur síos ar an taitneamh a bhaineann sé as a bheith ag foghlaim faoi conas a labhraíonn daoine agus cad ina thaobh gur mar sin a labhraíonn siad. Ar deireadh pléann siad a bhfuil i ndán don teanga.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

08-21
51:21

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire - ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan.Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann Colm cur síos ar an míshuaimhneas a tháinig air an tráth sin agus an tuiscint a fuair sé go raibh sé in am aige léim ón mbus.Labhraíonn Colm chomh maith faoin tumadh a fuair sé sa gceol agus sa nGaeilge sa mbaile, faoin taithí a fuair sé ó bheith ag seinm ar shráideanna na príomhchathrach le linn a óige agus faoin gceangal a bhíonn idir an ceoltóir agus a uirlis - fidil 250 bliain d’aois a bhíonn á seinm aige.Ar deireadh, déanann Helen agus Colm paiste cainte faoin Phalaistín, áit ar thug Colm cuairt uirthi in 2019, agus faoin tionchar gur féidir le ceoltóirí a imirt ar chúrsaí idirnáisiúnta mar sin.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

08-14
51:29

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.  Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas atá aici ar a saothar.Ar deireadh déanann Helen agus Bríd paiste cainte faoin thuas seal thíos seal a bhaineann le bheith i d'aisteoir, faoin dúshlán a bhaineann le guth na mban a chur in iúl i saol na haisteoireachta, faoin misneach a thagann le haois agus faoina bheith mórtasach as gan 'aon tóin a líochán riamh'.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

08-07
01:02:41

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hÁine Uí Fhoghlú – ‘Bhí léachtóirí ann nár chreid go raibh an Ghaelainn fós againn sa Rinn’

Eagrán #6:San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di. Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an seal a thug sí ag obair do Shinn Féin sna 1980idí nuair a bunaíodh Roinn an Chultúir sa pháirtí agus nuair a bhíodh ‘súil an stáit’ uirthi féin tráth a raibh an ‘phóilíneacht pholaitiúil’ sa treis. Pléann siad na cúiseanna eile a gcuireann Áine suim iontu, cás mhuintir Gaza go háirithe. Ar deireadh déanann Helen agus Áine páiste cainte faoi fheidhm na filíochta, faoi na saothair ealaíne atá le feiceáil i dtigh Áine agus faoi oidhreacht an fhoilsitheora Pádraig Ó Snodaigh a bhásaigh i mbliana.

07-31
59:18

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Máirín Ceárnaigh

Eagrán #6: ‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oileáin’.Labhraíonn siad faoin imirce, faoin saol a bhí ag muintir Mháirín ar an oileáin, ar an mórthír agus i Meiriceá.Insíonn Máirin dúinn scéal grá faoi chailín óg ón oileán agus duine de na scoláirí móra a bhí meallta ag an mBlascaod.Insíonn Máirín leis dúinn faoin ngrá millteach atá aici don Ghaoluinn agus faoina comharsana béaldorais agus í ag fás aníos i mBaile an Bhiocáire – Peig Sayers agus Maidhc File.Ar deireadh déanann Helen agus Máirín páiste cainte faoi shaol Mháirín mar mhúinteoir agus faoi conas Gaelscoil a dhéanamh de scoil Bhéarla. Deir Máirín leis go bhfuil dualgas ann a chur in iúl don dream óg sa Ghaeltacht go bhfuil a dteanga agus a gcultúr féin acu gur fiú iad a thabhairt slán. Údar náire é, a deir Máirín, go mbeadh duine óg i siopa Gaeltachta á freagairt I mBéarla.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

07-24
48:57

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’

Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí.Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar na stailc ocrais.Labhraíonn sé faoin tsíocháin, faoin difríocht idir na sé chontae ar fhás sé aníos iontu agus na sé chontae inniu agus faoin easpa tuisceana atá ag muintir an Tuaiscirt agus muintir an deiscirt ar a chéile.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

07-17
51:41

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Angela Bourke – ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’

Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin.In 1895 d’imigh Bridget Cleary, a bhí 26 bliain d’aois, gan tásc gan tuairisc óna baile. Maíodh ar dtús gurbh amhlaidh go raibh sí imithe sna púcaí agus í tugtha leo acu go dtí a lios in aice láimhe. Dúradh go bhfillfeadh sí ar mhuin capall bán. Ach nuair a fuarthas a corp loiscthe go cnámh gabhadh a fear céile, a hathair, a haintín agus ceathrar col ceathracha léi. Tharraing an eachtra uafásach go leor cainte ag an am agus tá gnéithe den scéal ábhartha inniu féin. Labhraíonn Helen le Angela Bourke faoina tuiscint ar an scéal breis is 25 bliain ó foilsíodh a sárshaothar The Burning of Bridget Cleary: A True Story, faoin mbéaloideas agus na rudaí ar féidir leis agus nach féidir leis a mhíniú, faoin mbruidiúlacht agus an chos ar bholg in aghaidh na mban, faoi theacht an nualiobrálachais agus na tíoránaigh a insíonn dúinn go mbíonn aon fhreagra amháin ar cheisteanna móra an tsaoil. Ar deireadh thiar pléann Angela an ceacht is mó a d’fhoghlaim sí óna cuid taighde – an tábhacht atá leis an gcaidreamh idir daoine.

07-10
46:36

An Spailpín, an seanchas agus an spórt

Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne. Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuine acu, Séamus Ó Muircheartaigh nó ‘An Spailpín Fánach’ mar is fearr aithne air, a chum an t-amhrán ‘Oileán Dhún an Óir’ agus tuilleadh nach é. Labhraíonn sé chomh maith faoin ‘éirí amach’ atá ag teastáil maidir le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht. Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

07-03
58:44

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Ó Lionáird, fear ‘Folláin’

Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, faoin nGaeltacht agus stair a bhaile dúchais, faoin obair sheodóireachta atá ar bun anois aige agus faoin bhfiosracht atá go smior ann agus a fhágann go mbíonn sé de shíor ag fiafraí – ‘canathaobh agus conas?’.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

06-26
45:31

'Scéal maith, ní bhuafadh faic é’ –podchraoladh ag Helen Ní Shé agus ‘Mo chara’ sa chúirt i Londain

Tá an craoltóir Helen Ní Shé agus an t-abhcóide agus ceoltóir Méabh Smyth i dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun labhairt faoi shraith nua agallamh Helen do Tuairisc, ‘Paiste Cainte…’ agus cás cúirte Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap i gCúirt Dúiche Westminster i Londain. Ar deireadh, agus criú ‘An Pod Gaeilge’ ag tógáil sos samhraidh, is ábhar iontais dóibh gur éirigh leo 19 eagrán a chur amach go dtí seo…Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

06-19
42:49

An Pod Gaeilge – ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Seán Mac an tSíthigh…

Eagrán #1 – ‘Ag cur Gaeilge ar na réalta…’ Tá áthas ar ‘An Pod Gaeilge’ le Tuairisc tús a chur le ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, sraith nua agallmah ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Sa chéad eagrán déanann Helen paiste cainte leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh. Tá scéal diamhair álainn le hinsint ag Seán do Helen faoina shuim sa seanchas agus i réalta na spéire agus faoi thuras bleachtaireachta a dhein sé chun réalt ar leith a aimsiú. Sraith speisialta agallamh í ‘Paiste Cainte’ ó ‘An Pod Gaeilge’, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

06-19
53:24

An difríocht idir Béarla is Gaeilge na hArdteiste, díol Arramara agus an státseirbhíseach macánta

Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé.Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag admháil gur deineadh botún. Pléitear leis géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an deacracht a bhaineann le freagra díreach a fháil ón státchóras.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

06-13
56:39

Fliuch báite ag déanamh na hArdteiste, geáitsí Geert Wilders agus ciste fhógraí RnaG

I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír.Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dár bhfoghraíocht Ísiltírise. Pléitear leis an scéala nach gá go bhfaigheadh Raidió na Gaeltachta an teacht isteach ó na fógraí tráchtála atá á gcraoladh ar an stáisiún le tamall.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

06-05
56:42

Ag gáirí faoi chaint Mháirtín Uí Chadhain ar an WhatsApp agus ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge. Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir na Palaistíne agus ar an gcor is déanaí i scéal ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap. Tugtar ómós leis d’Aogán Ó Muircheartaigh, an sárscríbhneoir agus craoltóir a d’éag an tseachtain seo.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

05-29
43:35

Recommend Channels