Discover
An Spota Dubh
351 Episodes
Reverse
Pléann na lads agus Paddy Desmond na mór-rásaí go léir a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana agus san athbhliain. Tugann Paddy cúpla moladh maidir le cén capall ar féidir leat do chuid airgid a chur air.
Bhí an dornálaí Christina Desmond ag caint le Cárthach faoi an dá throid profisiúnta atá buaite aici go dtí seo agus an plean atá aici do 2026.
Sraith na Samhna ag teacht chun críche ag an deireadh seachtaine agus labhair Cian le Hugh O'Sullivan agus Colm de Buitleir chun na mór scéalta a phlé.
Bhí imreoir Hibernian Scarlett Herron ag caint le Cárthach faoi cluiche mór na mBan i gcoinne na Beilge ar an Aoine agus an club nua atá aici anois in Albain.
Bhí Jeff Neville linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche mór idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag an deireadh seachtaine.
Cluiche NFL don chéad uair in Éirinn agus na Steelers ag imirt i gcoinne na Vikings. Ócáid stairiúil agus bhí Naoise agus James linn chun an cluiche a phlé chomh maith leis na scéalta móra eile ón NFL.
Bhí an t-imreoir gailf Séamus Ó Fátharta ag caint le Cárthach faoin Ryder Cup ata le bheith ar chúrsa Bethpage i New York an deireadh seachtaine seo.
Bhí iar-imreoir Condae an Chláir Paul Flanagan ag caint le Cárthach faoi cluiche ceannais na hiomána idir Corcaigh agus Thiobraid Árann ar an Domhnach.
Labhair muid le Paudie Ó Néill agus muid ag breathnú ar an gcluiche mór ar an Domhnach chun tuairimí na dtiobraideach a fháil agus na cathanna móra á bplé againn.
Bhí iar-laoch Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoi chluiche ceannais na hÉireann agus seans Chorcaigh Liam a thabhairt cois laoi don chéad uair le bliainta.
Bhí Ciarán Ó Gallachóir fear as Dún na nGall ach ag imirt le foireann sinsir Wolfe Tone i gcontae na Mí a bhí le Cárthach ag plé Cluiche 1/2 Cheannais na hÉireann.
Bhí Mark Harte agus Dara Ó Cinnéide ag caint le Cárthach faoi chluiche 1/2 cheannais na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghan ar an Satharn.
Dhá chluiche iontacha i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine nuair a rachaidh Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun páirce i gcluichí leathchraobh na hÉireann. Bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú ar an dá chluiche.
Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.
Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Bhí Conor 0`Shea ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. Tiobraid Arainn agus Gaillimh ar dtús agus Luimneach agus Baile Átha Cliath théis sin.
An babhta cinniúnach tagtha agus gach foireann ag iarraidh rud éigin a bhaint as na cluichí an deireadh seachtaine seo agus mar sin neart le plé. Labhair muid le Kevin Cassidy agus Rónán Ó Beoláin agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Bhí iar-iománaithe Chill Dara Tony Murphy agus Fiachra Ó Muineacháin ag caint le Cárthach faoi chluiche mór i stair iomáint i gCill Dara ar an Domhnach.
Deireadh seachtaine mór i ndán dúinn agus ocht gcluiche ar bun i Craobh na hÉireann agus roinnt cluichí an-tábhachtach go deo. Bhí ár gcara Gary Brennan linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí go léir.
An chuid eile do chluichí ó bhabhta a haon i gCraobh na hÉireann againn an satharn seo agus ceithre chluice iontacha i ndán dúinn. Labhair muid le Conall Ó Máirtín faoi na mórscéalta ar fad.




👌👌👌