An Spota Dubh

Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.

Scarlett Herron agus cluiche mór na hÉireann

Bhí imreoir Hibernian Scarlett Herron ag caint le Cárthach faoi cluiche mór na mBan i gcoinne na Beilge ar an Aoine agus an club nua atá aici anois in Albain.

10-22
16:00

Seanchairde in aghaidh a chéile sa URC

Bhí Jeff Neville linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche mór idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag an deireadh seachtaine.

10-15
22:48

NFL go BÁC

Cluiche NFL don chéad uair in Éirinn agus na Steelers ag imirt i gcoinne na Vikings. Ócáid stairiúil agus bhí Naoise agus James linn chun an cluiche a phlé chomh maith leis na scéalta móra eile ón NFL.

09-25
29:50

Ryder Cup 2025

Bhí an t-imreoir gailf Séamus Ó Fátharta ag caint le Cárthach faoin Ryder Cup ata le bheith ar chúrsa Bethpage i New York an deireadh seachtaine seo.

09-24
22:26

Cluiche Ceannais le Paul Flanagan

Bhí iar-imreoir Condae an Chláir Paul Flanagan ag caint le Cárthach faoi cluiche ceannais na hiomána idir Corcaigh agus Thiobraid Árann ar an Domhnach.

07-19
21:00

Craobh na hÉireann trí shúile na dTiobraideach

Labhair muid le Paudie Ó Néill agus muid ag breathnú ar an gcluiche mór ar an Domhnach chun tuairimí na dtiobraideach a fháil agus na cathanna móra á bplé againn.

07-17
26:48

Tom Kenny agus Corcaigh

Bhí iar-laoch Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoi chluiche ceannais na hÉireann agus seans Chorcaigh Liam a thabhairt cois laoi don chéad uair le bliainta.

07-17
19:46

An Mhí v Dún na nGall

Bhí Ciarán Ó Gallachóir fear as Dún na nGall ach ag imirt le foireann sinsir Wolfe Tone i gcontae na Mí a bhí le Cárthach ag plé Cluiche 1/2 Cheannais na hÉireann.

07-11
20:36

Ciarraí v Tír Eoghan

Bhí Mark Harte agus Dara Ó Cinnéide ag caint le Cárthach faoi chluiche 1/2 cheannais na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghan ar an Satharn.

07-09
29:59

Leathchraobh Iomána na hÉireann

Dhá chluiche iontacha i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine nuair a rachaidh Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun páirce i gcluichí leathchraobh na hÉireann. Bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú ar an dá chluiche.

07-02
27:29

Cluichí 1/4 Ceannais Peile

Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.

06-25
30:37

Cluichí móra do sheaimpíní na gcúigí

Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.

06-19
33:24

Cluichí 1/4 Ceannais Iomána

Bhí Conor 0`Shea ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. Tiobraid Arainn agus Gaillimh ar dtús agus Luimneach agus Baile Átha Cliath théis sin.

06-19
19:35

Babhta cinniúnach i gCraobh Peile na hÉireann

An babhta cinniúnach tagtha agus gach foireann ag iarraidh rud éigin a bhaint as na cluichí an deireadh seachtaine seo agus mar sin neart le plé. Labhair muid le Kevin Cassidy agus Rónán Ó Beoláin agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.

06-12
31:34

Blathú Iomáint Chill Dara

Bhí iar-iománaithe Chill Dara Tony Murphy agus Fiachra Ó Muineacháin ag caint le Cárthach faoi chluiche mór i stair iomáint i gCill Dara ar an Domhnach.

06-03
29:57

Babhta 2 i gCraobh na hÉireann

Deireadh seachtaine mór i ndán dúinn agus ocht gcluiche ar bun i Craobh na hÉireann agus roinnt cluichí an-tábhachtach go deo. Bhí ár gcara Gary Brennan linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí go léir.

05-29
37:22

Tuilleadh cluichí móra ó Chúige Uladh

An chuid eile do chluichí ó bhabhta a haon i gCraobh na hÉireann againn an satharn seo agus ceithre chluice iontacha i ndán dúinn. Labhair muid le Conall Ó Máirtín faoi na mórscéalta ar fad.

05-22
36:10

Cruth anois ar Chraobh na Mumhan agus Laighean

Bhí Tony Murphy ag caint le Cárthach faoi chluichí i graobh na Mumhan, cluichí i Laighean agus bua mór Chill Dara.

05-19
26:04

Cluiche mór peile i Stad an Phiarsaigh agus go leor eile

Beidh tús spleodrach le Craobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche mhóra ar bun ó bhabta a haon. Bhí Gary Sice, iarimreoir na Gaillimhe, linn agus muid ag breathnú ar na cluiché ar fad.

05-15
20:34

Conspóid Camogaíochta agus Cluichí Iomána

Bhí Aoife O'Connor ag caint le Cárthach faoin conspóid Camogaíochta an tseachtain seo , agus na cluichí móra i gcúige laighean agus cluiche ollmhór i gcuige Mumhan.

05-08
23:34

padraic mac giolla bhride

👌👌👌

07-05 Reply

Recommend Channels