Is í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach.
Is í Suzanne Uí Ghallchóir atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Díoltas na Coilleadh' le Seanán Mac Aoidh. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.
Tá scéal cumhachtach ó Phroinsias Mac a’ Bhaird againn daoibh an mhí seo, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill agus á chur i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.Sa scéal seo, déanann iascaire óg a dhícheall a theacht chun réitigh le heachtraí tromchúiseacha a thiteann amach ina shaol, eachtraí b’fhéidir a tharla de bharr a chuid aicsin nó a easpa aicsin féin.
Éist le léamh tuisceanach Charmel Ní Bhriain ar an scéal “Sámhnas Shábha” le Máire Dinny Wren agus a comhrá bríomhar le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.Scéal é seo a thugann léargas mothálach ar shaol mná i ndeireadh a laetha i lár na paindéime, a léiríonn cuid den tragóid phearsanta a d’fhulaing teaghlaigh go ciúin i rith na tréimhse suaithí seo.
Tógann an scéal físiúil seo le Seán Ó Dúrois siar muid go dtí an Ré Dhorcha, áit a bhfuil ard-ealaín agus ard-cheardaíocht ag maireachtáil taobh le taobh leis an bhrúidiúlacht mharfach. Coinníonn an scéalaí ar fionraí muid tríd an scéal ... an bhfuil muid ar thuras i dtreo an tsolais nó an gcaitear siar níos faide muid sa dorchadas? Á léamh ag an aisteoir agus scríbhneoir clúiteach Niall Mac Eachmharcaigh le comhrá bríomhar faoin scéal ina dhiaidh.
Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé.
Bean stuama céillí í Eibhlinn Nic Ruairí ach cuireann geáitsí místuama a comharsa brú ar an fhoighde fhadfhulangach atá aici nuair a thagann sí ’na bhaile le peata úr. Sa scéal éadromchroíoch seo ó Mháire Zepf, atá léite dúinn ag Deirdre Learmont, feictear bean i ndeireadh na péice ag seasamh go docht in aghaidh na seafóide – ach an dtéann sí rófhada leis?
Scéal thar a bheith tráthúil agus réadúil é seo le Máire Burns ina nochtar an t-uaigneas agus an eagla a mhothaigh go leor daoine i rith na paindéime. Ach in ainneoin na himní, cuidíonn an phríomhcharachtair sa scéal seo linn an gáire agus blaisín maith den áiféis a aimsiú sa domhan úr ina maireann muid. Arna léamh ag an tAthair Brian Ó Fearraigh agus curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.
Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.
Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.
Téann carachtair an scéil seo ar thuras go hoileán mara sa tóir ar rudaí faoi leith a shamhlaíonn sé a bheith ann don turasóir tuisceanach, ach b’fhéidir gur i ngan fhios dó féin a fhaigheann sé rud éigin nach raibh sé ag súil leis. Tá an scéal Uibheacha Cásca le Séamas Mac Annaidh á léamh anseo ag Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art
Beo ón Chultúrlann i mBéal FeirsteTaifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair. Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.
Sa scéal chaolchúiseach seo le Pádraig Ó Gallchóir, tugtar spléachadh dúinn ar shaol atá ar thairseach. Teilgtear isteach i saol scoite tuaithe muid mar a theilgtear an domhan mór isteach cois teallaigh sa scéal féin. Déanann Mícheál Ó Domhnaill an scéal a léamh dúinn anseo agus ina dhiaidh tugann sé léargas breise dúinn air i gcomhrá le Réaltán Ní Leannáin.
Tá domhan Fatima scriosta ag an choimhlint agus na hionsaithe sheasta a bhíonn uirthi a fhulaingt thar na blianta, ach ní bheadh a fhios sin agat óna méin agus óna stuaim agus ón dóigh dhiongbháilte a chaitheann sí a saol. Sa scéal chumhachtach seo tugann Danny Brown muid isteach go croí na coimhlinte agus aimsíonn sé dúinn an croí dhaonna. Arna léamh anseo ag Siuán Ní Mhaonaigh.
Bíonn mistéir neamhghnách le fuascailt ag na gardaí i mBaile na gCoimhthíoch nuair a fhaigheann siad glaoch ó bhall d'Interpol faoi chás amhrasach a táthar a fhiosrú sa Ghearmáin a bhaineann le seanbhean ón cheantar. Éist le Joe Ó Dónaill ag léamh an scéal "Maeirí" le Réaltán Ní Leannáin agus leis an chomhrá bhríomhar a bhíonn aige le haoi-láithreoir an eagráin speisialta seo, Caitlín Nic Íomhair.
Nuair a chluineann Mánus, an printíseach óg, scairt na mic tíre a bhfuil sé féin agus a mháistir ag seilg, músclaíonn sé rud éigin san fhear óg; scairt an fhiántais nó scairt a dhúchais féin.Éist leis an ghearrscéal stairiúil seo le hAntain Mac Lochlainn á léamh ag Aodh Mac Ruairí.
Tugtar spléachadh sa scéal seo ar bhuachaill bheag atá caillte i saol mór neamhthrócaireach i ndiaidh réabhlóide foréigneach. Fríd súile beaga feictear saol mór atá ag bogadh go gasta. Íobartach neamhchiontach atá fágtha gan chosaint ach tá dóchas éigin ann dó sa scéal dúisitheach seo le Brighid Uí Mhonacháin a ardaíonn go leor ceisteanna. Arna léamh ag Ailbhe Ó Monacháin, le comhrá ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.
Scéal Gotach, lonnaithe sa Trasalváin ag deireadh an naoú haois déag ina nochtar fimíneacht an duine i láthair an chreidimh. Mothaítear cúngacht na sléibhte agus súile na gcomharsanach, i gcuideachta le haineolas agus réamhchlaonadh an tsochaí ag druidim isteach ar bheirt dheartháir bhochta an scéil seo. Arna léamh ag Ciarán Mac Fheidhlimidh.
Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí.
Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.