Ardtráthnóna

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 04 Samhain 2020.

Chuir Máirtín Tom Sheáinín an t'eagrán deireanach d'Ardtráthnóna i láthair inniu. Tá sé ag fagál slán leis an Raidió théis beagnach 31 bliain. Ar an gclár deire labhair sé le Mary Lou MacDonald, Seán Ó Murchú agus rinne Seán Ó hÉanaigh píosa cainte, chríochna sé an clár le mír na Cartlainne agus d'fhág sé slán speisialta ag deire an chlár.

11-04
49:20

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair 2020.

Mír na Cartlainne - Mír na Cartlainne: Máirín Mhic Lochlainn - Luibheolaí Patrick Murphy.

10-21
51:38

Mír na Cartlainne.

Mary Val de Bhailís, nach maireann - Clár a rinne Máirtín Tom Sheáinín le Mary Val ar an 19 Bealtaine 2005.

10-21
28:21

Máirín Mhic Lochlainn.

Ag cur síos ar an luibheolaí Patrick Murphy agus an cúrsa atá á chur ar siúl aige a bhaineann le luibheanna agus an bealachy le luibheanna a úsáid. Is féidir eolas a fháil faoi ag www.herbalstudyaccademy.com agus is féidir iad a dhéanamh ar líne nó thríd an bpost.

10-21
10:05

Ardtráthnóna: Dé Luain 19 Deireadh Fómhair 2020.

Tomás Ó Conghaile, Maggie Willie Ní Fhlatharta, Seán Ó hÉanaigh, Colm Mac Donnacha agus Máire T. Uí Ghríofa - FA Cup: Pádraig Reaney - Taispeántas Ealaíne.

10-19
52:35

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Deireadh Fómhair 2020.

Michael Phatch Breathnach - aithris píosa filíocht: Brian Terry Mac Donnacha - clog nua feistithe ar Shéipéal Chill Treasa, Ros a' Mhíl: MacDara Ó Conaola agus Sarah Ghriallais - amhrán "Peigín is Peadar": Mír na Cartlainne.

10-14
54:46

Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020.

Johnny Cloherty(Johnny Mhicilín Phádraic Mhicil Ó Clochartaigh, nach maireann - Maidin Déardaoin seo caite a d'fhág Johnny slán leis an saol seo. Chuaigh Máirtín chomh fada leis agus é ag freastal ar Ionad lae in n-Áras Mhic Dara 28 Lúnasa, 2018, is i n-Áras Mhic Dara a chaith Johnny an dá bhliain deireadh dhá shaol.

10-12
53:06

Ardtráthnóna: Dé Máirt 06 Deireadh Fómhair 2020.

Mary John Tom Bhreathnach - Ceiliúradh a lá breithe inné: Matt Nolan - Covid 19 agus instealladh an fliú

10-06
53:40

Ar an mBóthar: Dé Luain 05 Deireadh Fómhair 2020 - athchraoladh.

Mattie Cevan Ó Nia - Bhí Mattie ag cur síos ar a shaol i Ros Muc, na blianta a chaith sé ag obair leis an Power Station i Scríb agus na blianta a chaith sé ag imirt peil.

10-05
48:34

Ardtráthnóna: Dé Luain 09 Márta 2020.

Áine Uí Dhomhnaill - Ceol i Halla Éinne: Micheál Ó Domhnaill - oíche cheoil do Ospidéal na Leanaí i Sráid an Teampaill.

03-09
56:03

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 04 Feabhra 2020.

Tomhais: Mír na Cartlainne - Michael Dhonnchú, as Ros a' Mhíl, nach maireann ag caint le Johnny Shéamuis.

03-04
57:26

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.

Bríd de Róiste - Comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach: Mír na Cartlainne.

02-19
57:57

Bríd de Róiste, ó Choiste Fhéile Pan Cheilteach.

Beidh comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach ar siúl i gCeartharlach oíche Dé Sathairn agus scór amhrán san iomaíocht. Éireoidh leis an mbuaiteoir ionadaíocht a dhéana do Éirinn sa gcomórtas idirnáisiúnta faoi Cháisc.

02-19
17:24

Mír na Cartlainne.

I mír na Cartlainne - John Beag Ó Flatharta agus Michael Johnny Mac Donnacha, nach maireann.

02-19
22:19

Ardtráthnóna: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

Máire Ferrins - fuair an madra a bhí aice le cheithre bliana déag bás: Bridie Uí Chatháin - Seasca sé bliain pósta.

02-18
55:41

Máire Ferrins, as Dubhithir, Carna.

Bhí Máire ag labhairt ar an ngadhair a fuair bás uirtha a bhí aici le cheithre bliana déag agus dár ainm "Buddy". Tá gadhair eile faighte aici anois agus "Euro" a thug sí mar ainm air.b

02-18
10:23

Bridie Uí Chatháin, as an bhFál Mór.

Bhí Bridie agus Harry ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inné agus iad seasca sé bliain pósta. Phós siad ar an Déardaoin 18 Feabhra 1954. Chuaigh siad ar mí na meala go hAcaill i gcóir an lae.

02-18
17:00

Ardtráthnóna: Dé Luain 17 Feabhra 2020.

Colm Seoighe - "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint ó Londain go Maigh Eo: Micheal Tommy Ó Gallchóir - Tarracóir as Londain go dtí an Corrán 1971.

02-17
57:17

Colm Seoighe, as Ros a' Mhíl.

Beidh an grúpa "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint sé tharracóir déag ó Londain go Cill Cheallaigh, i gContae Mhaigh Eo ar mhaithe le airgead a bhailiú don eagraíocht "Daisy Lodge" atá ag iarraidh ionad nua a thógáil i gConga.

02-17
16:04

Micheal Tommy Ó Gallchóir, as an gCorrán, Acaill.

Ag labhairt ar an am a thiomáin sé tarracóir as Londain go dtí an Corrán in Acaill i 1971, d'fhág sé Londain ar an Domhnach 14 Márta agus bhí sé ar an gCorrán Lá Pádraig.

02-17
20:09

Recommend Channels