DiscoverBailiúchán Bhairbre
Bailiúchán Bhairbre
Claim Ownership

Bailiúchán Bhairbre

Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Subscribed: 3Played: 0
Share

Description

Sraith stairiúil raidió a craoladh den chéad uair sa bhliain 2006. Sa tsraith seo, cloistear ceolta agus amhráin Árann agus Chonamara mar a thaifead Bairbre Quinn as Árainn iad ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí.Cloistear oileánaigh agus cuairteoirí, sean agus óg, filí agus gasúir scoile, agus caint nádúrtha na ndaoine sa tsraith seo. Tugann an tsraith léargas dúinn ar shaol na ndaoine an t-am sin, agus ar an saibhreas cultúir agus teanga a bhí ann.
13 Episodes
Reverse
Agallamh leis an láithreoir Deirdre Ní Chonghaile faoi stair agus faoi chúlra na sraithe, chomh maith le rogha míreanna ó na cláracha.
Más croitheadh sacáin na sraithe a thugaimid ar chlár deireanach seo na sraithe, ní bheidh tréithe éadreoracha chroitheadh an tsacáin ag baint leis. Céadchraoladh: 11 Feabhra 2007.
Meascán mearaí de cheol as Conamara agus as Árainn. Céadchraoladh: 4 Feabhra 2007
Éisteoimid le téip a rinne Bairbre i 1962 sa bhaile in Árainn áit a raibh sí ag obair lena muintir i gCill Mhuirbhigh. Céadchraoladh: 28 Eanáir 2007
Teach mór cuartaíochta, ceoil, agus amhráin a bhí in Tí Pheaitín Mháirtín Bheachlaín i Leitir Mealláin agus thaifead Bairbre go leor ann. Tá blaiseadh beag de na cóisirí sin le cloisteáil ar Chlár a Naoi. Céadchraoladh: 21 Eanáir 2007
Díríonn Clár a hOcht ar mhuintir Chill Mhuirbhigh, baile dúchais Bhairbre, in Árainn. Céadchraoladh: 14 Eanáir 2007
Sa seachtú clár den tsraith, éisteoimid le roinnt oileánaigh a chas ag timeannaí in Árainn - is iad sin na cóisir sna tithe. Uaireanta, chroch Bairbre a gléas léi chuig cóisir a bhí faoi lán seoil cheana féin, ach uaireanta eile, ba leithscéal an gléas taifeadta do dhaoine amhrán nó ceol a thabhairt uathu. Céad chraoladh: 7 Eanáir 2007
Blaiseadh den éagsúlacht bhreá ceoil a chloistí ó na cuairteoirí a d’fhan i dteach aíochta Uí Chonghaile i gCill Mhuirbhigh. Ina measc Fr Giblin & Séamus Murphy; John Beag Johnny Ó Dioráin. Céadchraoladh: 31 Nollaig 2006
Bua filíochta na nÁrannach á cheiliúradh i gClár a Cúig: cloisfear in ord a gcumtha an trí amhráin faoi Bhóthar Gharraí Nua, bóthar áitiúil nár críochnaíodh ariamh! Craolta 24/12/06.
2 6 Bealtaine 2021 2 Sa ceathrú clár den tsraith, cloisfimid amhráin ó uncail B h airbre, Bobby Gill as Cill Rónáin, a bhean Katie, agus a n - iníon Marian. Cloisfimid freisin gasúir scoile as scoil gan ainm i gConamara. Is i ndeireadh na 1950í nó go luath sna 1960í a rinneadh na taifeadtaí seo. Céadchraoladh: 17 Nollaig 2006
Teideal: Conamara agus Cill Éinne
Díríonn Clár a Dó ar dhá cheann an oileáin, thoir agus thiar. Ina measc siúd a chloisfear tá Pádraig Mhurchadha de Bhailís agus Joe Antaine Ó Briain; tá comhrá spraíúil le Stephen Pheige Cheaite Ó Dioráin; agus éisteoimid le file Eoghanachta Maitiú Ó Maoláin ag rá "Oileán Glas Árann na Naomh."
Insíonn an chéad chlár seo scéal Bhailiúcháin Bhairbre i gcuideachta Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Paddy Quinn, agus Stiophán Ó Conghaile. Láithreoir: Deirdre Ní Chonghaile Léiritheoir: Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh Céadchraoladh: 26 Samhain 2006