Agallamh leis an láithreoir Deirdre Ní Chonghaile faoi stair agus faoi chúlra na sraithe, chomh maith le rogha míreanna ó na cláracha.
Más croitheadh sacáin na sraithe a thugaimid ar chlár deireanach seo na sraithe, ní bheidh tréithe éadreoracha chroitheadh an tsacáin ag baint leis. Céadchraoladh: 11 Feabhra 2007.
Meascán mearaí de cheol as Conamara agus as Árainn. Céadchraoladh: 4 Feabhra 2007
Éisteoimid le téip a rinne Bairbre i 1962 sa bhaile in Árainn áit a raibh sí ag obair lena muintir i gCill Mhuirbhigh. Céadchraoladh: 28 Eanáir 2007
Teach mór cuartaíochta, ceoil, agus amhráin a bhí in Tí Pheaitín Mháirtín Bheachlaín i Leitir Mealláin agus thaifead Bairbre go leor ann. Tá blaiseadh beag de na cóisirí sin le cloisteáil ar Chlár a Naoi. Céadchraoladh: 21 Eanáir 2007
Díríonn Clár a hOcht ar mhuintir Chill Mhuirbhigh, baile dúchais Bhairbre, in Árainn. Céadchraoladh: 14 Eanáir 2007
Sa seachtú clár den tsraith, éisteoimid le roinnt oileánaigh a chas ag timeannaí in Árainn - is iad sin na cóisir sna tithe. Uaireanta, chroch Bairbre a gléas léi chuig cóisir a bhí faoi lán seoil cheana féin, ach uaireanta eile, ba leithscéal an gléas taifeadta do dhaoine amhrán nó ceol a thabhairt uathu. Céad chraoladh: 7 Eanáir 2007
Blaiseadh den éagsúlacht bhreá ceoil a chloistí ó na cuairteoirí a d’fhan i dteach aíochta Uí Chonghaile i gCill Mhuirbhigh. Ina measc Fr Giblin & Séamus Murphy; John Beag Johnny Ó Dioráin. Céadchraoladh: 31 Nollaig 2006
Bua filíochta na nÁrannach á cheiliúradh i gClár a Cúig: cloisfear in ord a gcumtha an trí amhráin faoi Bhóthar Gharraí Nua, bóthar áitiúil nár críochnaíodh ariamh! Craolta 24/12/06.
2 6 Bealtaine 2021 2 Sa ceathrú clár den tsraith, cloisfimid amhráin ó uncail B h airbre, Bobby Gill as Cill Rónáin, a bhean Katie, agus a n - iníon Marian. Cloisfimid freisin gasúir scoile as scoil gan ainm i gConamara. Is i ndeireadh na 1950í nó go luath sna 1960í a rinneadh na taifeadtaí seo. Céadchraoladh: 17 Nollaig 2006
Díríonn Clár a Dó ar dhá cheann an oileáin, thoir agus thiar. Ina measc siúd a chloisfear tá Pádraig Mhurchadha de Bhailís agus Joe Antaine Ó Briain; tá comhrá spraíúil le Stephen Pheige Cheaite Ó Dioráin; agus éisteoimid le file Eoghanachta Maitiú Ó Maoláin ag rá "Oileán Glas Árann na Naomh."
Insíonn an chéad chlár seo scéal Bhailiúcháin Bhairbre i gcuideachta Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Paddy Quinn, agus Stiophán Ó Conghaile. Láithreoir: Deirdre Ní Chonghaile Léiritheoir: Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh Céadchraoladh: 26 Samhain 2006