Discover
Blas Pod
70 Episodes
Reverse
Buaileann Séamas Ó Donnghaile, Cathaoirleach Chumann Chluain Árd, isteach orainn sa stiúideo i ndiaidh dó an chéad áit a bhaint sa chomórtas cáilithe don Scéalaíocht ag Oireachtas na Samhna. Leis an leabhar úr Cloch In Áit An Charnáin, tá léargas luachmhar tugtha ag an údar Pádraig Ó Tiarnaigh dúinn ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh as Teileann. Cluineann muid tuairisc Phroinsias Uí Choinn ó sheoladh an leabhair. Leis an fheachtas bhliaintiúil Children In Need faoi lán seoil, cluineann muid faoi thionscnamh óige maoinithe ag Children In Need ag Glór na Móna i mBéal Feirste.Séamas Ó Donnghaile, Chairman of Cumann Chluain Árd, calls in to the studio after winning first place in the qualification competition for Storytelling at the Oireachtas na Samhna festival. And with the newly published book, Cloch In Áit An Charnáin, author Pádraig Ó Tiarnaigh has provided a valuable insight into the life and work of the Teileann folklore collector, Seán Ó hEochaidh. Proinsias Ó Coinn reports for Blas from the launch. With the annual Children In Need campaign in full swing, we hear about an Irish-language youth project at Glór na Móna in Belfast funded by Children In Need.
Cluineann muid ó Ailbhe Ní Chasaide, comhstiúrthóir abair.ie ag Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus ón mhac léinn dochtúireachta Liam Lonergan, faoin uirlis nua Fotheidil le tras-scríbhinní Gaeilge a ghiniúint. Agus ar Lá Idirnáisiúnta ar an Strus, labhraíonn an Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh linn faoin dóigh le strus a aithint agus an bealach le dul i ngleic leis go héifeachtach.We hear from Ailbhe Ní Chasaide, co-director of abair.ie at Trinity College Dublin, and from TCD PhD student Liam Lonergan, about the new Fotheidil tool to generate transcriptions in Irish. And on International Stress Awareness Day, Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh talks to us about how to recognise stress and the best ways to deal with it effectively
Cluineann muid ó cheardlann draíochta scéalaíochta leis na scríbhneoirí Sadhbh Devlin agus Máire Zepf i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá an t-oibrí daonnúil Aonghas Lambkin linn leis an scéal is déanaí as Gaza a chíoradh agus téann Caoimhe ar cuairt chuig cleachtadh ceoil de chuid an chumadóra Michael Gallen, agus a shaothar úr, Bád Ón Alltar, ar tí bheith curtha ar an ardán le Ceolfhoireann Uladh. Cluineann muid ó Mhuireann Nic Amhlaoibh, duine de na ceoltóirí traidisúnta atá roghnaithe aige le bheith ag seinm ar an phíosa corraitheach seo.We hear from a magical storytelling workshop with writers Sadhbh Devlin and Máire Zepf at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Humanitarian worker Aonghas Lambkin analyses the latest news from Gaza. And Caoimhe visits a music rehearsal by composer Michael Gallen, whose new work Bád Ón Alltar is about to be staged with the Ulster Orchestra. We hear from Muireann Nic Amhlaoibh, one of the traditional musicians selected to perform in this powerful piece.
Beidh comórtas rapcheoil mar chuid de Oireachtas na Samhna den chéad uair riamh i mbliana. Tugann Daire Ní Chanáin cuairt ar Ghaelscoil an tSeanchaí, Machaire Fíolta le suí isteach ar cheardlann leis an rapalaí Conor Torbóid. Seachtain Feasachta um Chailliúint Linbh atá ann agus labhraíonn Bernadette Ní Mhuiris linn faoina scéal féin. Labhraíonn Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, faoina chuid smaointe le beocht a chur sa Ghaeltacht arís. This year’s Oireachtas na Samhna festival features a rap competition for the first time ever. Daire Ní Chanáin drops in on a workshop with the rapper Conor Torbóid in Gaelscoil an tSeanchaí, Magherafelt. For Baby Loss Awareness Week, Bernadette Ní Mhuiris talks to us about her own story. Dónall Ó Cnáimhsí, the Northwest Language Planning Officer, shares his ideas on how to revitalise the Gaeltacht.
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword.
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916.
We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation.
An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh.
The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword.
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Johnston (Julie Jay)
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne.
Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is.
The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Johnston (Julie Jay)
Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í!
The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Johnston (Julie Jay)
Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin
Buaileann léiritheoir Ón Taobhlíne, Conall Ó Máirtín, isteach le gach eolas ar Comórtas Tráchtaire Óg BBC Gaeilge 2021. Cluineann muid ó bhaill choiste Naíscoil na Seolta, Linda Ervine agus Aodán Mac Séafraidh faoin naíscoil úr imeasctha a bheidh le hoscailt in Oirthear Bhéal Feirste. Míníonn Sara Ní Chuireáin na fáthanna ar tháinig sí abhaile go Gaoth Dobhair lena fear chéile agus a leanbh óg. Ar Lá Domhanda na Leabhar déanann Emma Ní Chearúil cur síos ar na leabhair is mó a thaitníonn léi faoi láthair.
Tá Comórtas Tráchtaire Óg BBC Gaeilge 2021 oscailte do dhaoine 11-17 bliain d’aois ar an dáta deiridh iontrála, 12in an 12 Márta 2021. Tuilleadh eolais, Téarmaí agus Fógrá Príobháideachais ar fáil ar shuíomh BBC Gaeilge, bbc.co.uk/gaeilge
Ón Taobhlíne producer Conall Ó Máirtín drops in with news of BBC Gaeilge’s Young Commentator Competition 2021. We hear from Naíscoil na Seolta Committee members Linda Ervine and Aodán Mac Séafraidh about the new integrated Irish-medium playgroup which will be opening in East Belfast. With remote working becoming the new norm Sara Ní Chuireáin shares the reasons she came home to Gaoth Dobhair with her husband and new baby and on World Book Day, Emma Ní Chearúil shares her current favourites.
BBC Gaeilge’s Young Commentator Competition 2021 is open to entrants aged 11-17yrs on the closing date of 12pm 12th March 2021. For more information, Terms and Privacy Notice, please visit the BBC Gaeilge homepage, bbc.co.uk/gaeilge.
Cluineann muid ó Ellen Hegarty, podchraoltóir agus gníomhaí aeráide faoin phodchraoladh úr aeráide, ‘The Covid Alarm Clock’.
Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn le triúr lúthchleasaithe agus súil acu ar na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo: Antoin ‘Toto’ Ó Gríofa, Síofra Cléirigh Büttner agus Naomi Ní Chearbhaill.
Insíonn Clíodhna Ní Chorráin dúinn faoi na hambasadóirí do Seachtain na Gaeilge agus faoi chuid de na himeachtaí is fearr atá socraithe don cheiliúradh.
Podcaster and climate activist Ellen Hegarty tells Dáithí about the new climate podcast, ‘The Covid Alarm Clock’.
Fearghal Mag Uignn speaks to three athletes who have an eye on the Olympic Games in Tokyo: Antoin ‘Toto’ Ó Gríofa, Síofra Cléirigh Büttner agus Naomi Ní Chearbhaill.
Clíodhna Ní Chorráin tells us who the Seachtain na Gaeilge ambassadors are and what events are planned for the celebrations.
Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn le triúr lúthchleasaithe agus súil acu ar na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo, 2021: Pat O’Leary, Michelle Finn agus Brendan Hyland. Tugann Daire Ní Chanainn léargas ar na caoga rud nach ndéanfaidh daoine i ndiaidh na dianghlasála. Cluineann muid ó Éadaoin, cailín óg 10 mbliana d’aois agus í ag caint faoin chlutharú atá déanta aicise agus ag a teaghlach uilig mar gheall ar an fhiobróis chisteach nó Cystic Fibrosis atá uirthi. Agus pléann Caoimhe Ní Chathail saol na hollscoile i ré na cianfhoghlama le painéal mac léinn: Grian Ní Dhaimhín, Clodagh Ní Mhairtín, Áine Donnelly agus Hugh O Reilly.
Fearghal talks to three athletes who have a hopeful eye on Tokyo 2021: Pat O’Leary, Michelle Finn and Brendan Hyland. Daire Ní Chanainn looks at 50 things we won't do after lockdown. 10 year old Éadaoin shares her experience of shielding due to Cystic Fibrosis. And Caoimhe Ní Chathail discusses university life in the age of distance learning with a panel of students: Grian Ní Dhaimhín, Clodagh Ní Mhairtín, Áine Donnelly agus Hugh O Reilly.
Tá gaiscígh lúthchleasaithe LADT+ á cheiliúradh ag BBCSport an mhí seo agus labhraíonn an réiteoir clúiteach peile David Gough faoina dhúshláin féin ag teacht amach mar fhear aerach sa CLG. Insíonn Sara Ní Chuireáin dúinn faoina ról úr mar Eco-Mamaí. Tá léargas ón Bhruiséil féin againn le Micheál Ó Conchúir faoi thionchar an Bhreatimeachta. Labhraíonn an Dr Aoife Bhreathnach faoi na leabhair ghrá a raibh cosc orthu sa tír seo tráth.
Referee David Gough speaks about his experience as a gay man in the GAA, Sara Ní Chuireáin tells us about being an Eco-Mamaí, Micheál Ó Conchúir gives us a view from Brussels on the ongoing Brexit situation and Dr Aoife Bhreathnach talks about the romantic books that were once banned in Ireland.
Míníonn Diarmuid Lyng, iar-chaptaen Loch Garman, agus Rian Ó Dúill cad é atá i gceist le ‘Free Hurling’. Labhraíonn na filí Máire Burns agus Stiofán Ó Direáin faoin duanatón atá beartaithe ag Éigse Éireann le glór na n-aosach a chluinstin le linn na paindéime agus roineann siad a dtaithí féin faoin néaltrú.
Agus Seachtain Mheabhairshláinte na bPáistí linn, tugann an síciatraí Dearbhail Uí Lughaidh a comhairle maidir le sláinte mheabhrach páistí a chaomhnú le linn na dianghlasála seo.
Former Wexford captain Diarmuid Lyng and Rian Ó Dúill talk about Diarmuid's new concept ‘Free Hurling’. Poets Máire Burns and Stiofán Ó Direáin speak about the poemathon planned by Poetry Ireland to give voice to the elderly throughout the pandemic and share their experiences with dementia.
For Children’s Mental Health Week, Psychiatrist Dearbhail Uí Lughaidh has advice on dealing with children’s mental health during this lockdown.
Insíonn Aodhán Ó Baoill d’Fhearghal faoin chlub cispheile lán-Ghaeilge atá bunaithe i mBéal Feirste, cluineann muid ón Dr Nóirín Russell, Stiúrthóir Cliniciúil Cervical Check linn do Mí Feasachta Ailse an Cheirbheacs, labhraíonn an t-ailtire Tom Cosgrove faoina léarscáil úr Gaeilge agus bíonn Caoimhe 'Chats' Ní Chathail ag rapáil léi.
Aodhán Ó Baoill tells Fearghal about the newly formed Irish-speaking basketball club in Belfast, Dr Nóirín Russell, Clinical Director of Cervical Check, joins us for Cervical Cancer Awareness Month, architecht Tom Cosgrove talks about his new Irish language map and Caoimhe 'Chats' tries her hand at rapping.
Eagrán speisialta den phodchraoladh. I móragallamh tochtmhar le Máire Bhreathnach, labhraíonn Liam Ó Maolaodha faoin phian a d’iompair sé leis ar feadh a shaoil de bharr na n-ionsaithe uafásacha gnéis a rinneadh air agus é ina dhéagóir. Gach eolas ag bbc.co.uk/actionline faoin tacaíocht atá ar fáil ó eagraíochtaí éagsúla.
Special edition of the podcast. In an extended interview with Máire, Liam Ó Maolaodha shares how he finally found the words to speak out about the violent sexual assaults inflicted on him as a teenager. Find information on sources of support at bbc.co.uk/actionline
Insíonn Kevin Beagan, iar-imreoir peile dúinn faoin chúlra agus na buntáistí atá le Pilates, cluineann Tessa Fleming ó mholtóir agus rannpháirtithe thaispeántas Eolaí Óg na Bliana 2021 agus labhraíonn Dáithí leis an údar Réaltán Ní Leannáin faoina dara chnuasacht gearrscéalta 'Inní'.
Former footballer Kevin Beagan explains the origins and benefits of Pilates, we hear from a BT Young Scientist Exhibition 2021 judge and from some of the participants and Dáithí speaks to author Réaltán Ní Leannáin about her newly-released second collection of short stories 'Inní'.
Siar i mí na Bealtaine na bliana seo, labhair Niamh Nic Oistigín le daoine éagsúla faoin dóigh a raibh géarchéim an choróinvíris ag dul i bhfeidhm orthu. Sa phodchraoladh seo, téann Niamh ar ais chuig beirt de na haíonna sin: An Dr Cillian Ó Coinn i Londain agus Bríd Uí Chadhla i nGaeltacht na Rinne, agus faigheann sí deis roinnt machnaimh a dhéanamh ar an bhliain fhada atá curtha dínn.
Back in May of this year, Niamh Nic Oistigín spoke to various people about the effect the coronavirus crisis was having on their lives. In this podcast, she calls two of them back: Dr Cillian Ó Coinn in London, and Bríd Uí Chadhla in the Ring Gaeltacht in Waterford. Has anything changed in their outlook as they approach the end of this exceptional year?







