DiscoverBláth na dTulach
Bláth na dTulach
Claim Ownership

Bláth na dTulach

Author: Éabhlóid

Subscribed: 15Played: 131
Share

Description

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim agus bíonn comhrá ag Réaltán leis na haíonna faoin scéal agus fúthu féin.
Tá gearrscéalta sa díolaim Bláth na dTulach ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.

Podchraoladh taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil in Aonad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair.

Buíochas le Mícheál Ó Dochartaigh.

Ceol le Ketsa
© Ketsa 2021


An Irish language podcast featuring a different short story read by a native Irish language speaker in each episode followed by a short discussion with the editor of the book Bláth na dTulach.
28 Episodes
Reverse
Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí.
Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin. https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
Ar Deoraíocht

Ar Deoraíocht

2023-12-0216:21

Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.
Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún.
Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.
Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach. Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan
Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic. Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh.
Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.
Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí.
Scéal Gotach, lonnaithe sa Trasalváin ag deireadh an naoú haois déag ina nochtar fimíneacht an duine i láthair an chreidimh. Mothaítear cúngacht na sléibhte agus súile na gcomharsanach, i gcuideachta le haineolas agus réamhchlaonadh an tsochaí ag druidim isteach ar bheirt dheartháir bhochta an scéil seo. Arna léamh ag Ciarán Mac Fheidhlimidh.
Tugtar spléachadh sa scéal seo ar bhuachaill bheag atá caillte i saol mór neamhthrócaireach i ndiaidh réabhlóide foréigneach. Fríd súile beaga feictear saol mór atá ag bogadh go gasta. Íobartach neamhchiontach atá fágtha gan chosaint ach tá dóchas éigin ann dó sa scéal dúisitheach seo le Brighid Uí Mhonacháin a ardaíonn go leor ceisteanna. Arna léamh ag Ailbhe Ó Monacháin, le comhrá ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.
Nuair a chluineann Mánus, an printíseach óg, scairt na mic tíre a bhfuil sé féin agus a mháistir ag seilg, músclaíonn sé rud éigin san fhear óg; scairt an fhiántais nó scairt a dhúchais féin.Éist leis an ghearrscéal stairiúil seo le hAntain Mac Lochlainn á léamh ag Aodh Mac Ruairí.
Bíonn mistéir neamhghnách le fuascailt ag na gardaí i mBaile na gCoimhthíoch nuair a fhaigheann siad glaoch ó bhall d'Interpol faoi chás amhrasach a táthar a fhiosrú sa Ghearmáin a bhaineann le seanbhean ón cheantar. Éist le Joe Ó Dónaill ag léamh an scéal "Maeirí" le Réaltán Ní Leannáin agus leis an chomhrá bhríomhar a bhíonn aige le haoi-láithreoir an eagráin speisialta seo, Caitlín Nic Íomhair.
Tá domhan Fatima scriosta ag an choimhlint agus na hionsaithe sheasta a bhíonn uirthi a fhulaingt thar na blianta, ach ní bheadh a fhios sin agat óna méin agus óna stuaim agus ón dóigh dhiongbháilte a chaitheann sí a saol. Sa scéal chumhachtach seo tugann Danny Brown muid isteach go croí na coimhlinte agus aimsíonn sé dúinn an croí dhaonna. Arna léamh anseo ag Siuán Ní Mhaonaigh.
San Iargúltacht

San Iargúltacht

2022-11-0135:03

Sa scéal chaolchúiseach seo le Pádraig Ó Gallchóir, tugtar spléachadh dúinn ar shaol atá ar thairseach. Teilgtear isteach i saol scoite tuaithe muid mar a theilgtear an domhan mór isteach cois teallaigh sa scéal féin. Déanann Mícheál Ó Domhnaill an scéal a léamh dúinn anseo agus ina dhiaidh tugann sé léargas breise dúinn air i gcomhrá le Réaltán Ní Leannáin.
Beo ón Chultúrlann i mBéal FeirsteTaifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair. Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.
Uibheacha Cásca

Uibheacha Cásca

2022-08-3136:19

Téann carachtair an scéil seo ar thuras go hoileán mara sa tóir ar rudaí faoi leith a shamhlaíonn sé a bheith ann don turasóir tuisceanach, ach b’fhéidir gur i ngan fhios dó féin a fhaigheann sé rud éigin nach raibh sé ag súil leis. Tá an scéal Uibheacha Cásca le Séamas Mac Annaidh á léamh anseo ag Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art
Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.
Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store