An gcreidfeá gur eagrán deireanach na sraithe atá ann! Eagrán Nollaigiúil atá againn daoibh an tseachtain seo. Chomh maith leis seo, tá mír iomlán ar chaint sráide Chorcaí - ya langer! Bainigí sult agus GRMA as éisteacht - den uair dheireanach, slán like!
Labhair na leaids le haoi eile an tseachtain - Eoin Ó Catháin, atá ina iriseoir clúiteach, Eagraí Poilitíochta RnaG agus fhear mór Twitter. I measc na maslaí ar fad, d'éirigh leo meath na hardáin sóisialta sin a phlé - tabhair ar ais Trump, a deir siad!
Yay sports! Tá aoí againn an tseachtain seo - tháinig an múinteoir, peileadóir, ceoltóir agus (is tábhachtaí) iar-Rós Thrá Lí, Niamh Nic Giolla Dhuibh as Contae Thír Eoghain isteach le cursaí Chorn an Domhain a phlé, mar aon le David Beckham agus an ghráin atá ag máthair Chian ar rothaí...
An tseachtain seo pléann na lads ábhar atá go mór i mbéal an phobail - sé sin fás an eite fíor-dheis. Pléann siad faoi na fadbhanna atá ann timpeall an domhain agus anseo sa bhaile. Agus glacann na lads sos ón gcanúint is measa sa tír ar feadh tréimhse, buíochas mór le Dia...
An tseachtain seo pléann na lads ábhar atá an-tábhachtach - sé sin homafóibe. Pléann siad faoi na difríochtaí idir an lá inniu agus nuair a bhí siad ag fás aníos, fosta pléann siad faoi na fadbhanna atá fós ann maidir le homafóibe faoi láthair. Léiríonn Seán a chuid scileanna ealaíne (nó easpa scileanna) le linn dúshlán na seachtaine...
An tseachtain seo is ceann de fadhbanna is mó an lae inniu atá á bplé ag na lads - mearfhaisean. Pléann siad a gcuid taithí (nó easpa de) le siopaí carthanachta, chomh maith leis na brúnna a thagann ó na meáin shóisialta. Léiríonn siad magairlí sách mór le linn dúshlán na seachtaine freisin…
...mo stóirín óg, mo vape-ailín 🎵 Fáilte ar ais go eagrán 2 de Corc-Ick agus na leaids i mbun galtoitíní, ach go háirithe Elfbars, a phlé. An chóir go mbeadh an rialtas ag cuir reachtaíocht i bhfeidhm le cosc a chuir orthu? Nó an chóir go mbeadh an saoirse againn ár rogha dath elfbar a roghnú ag braith ar an t-léine atá orainn? Seo hiad na ceisteanna casta a phléitear san eagrán seo. Slán like!
Fáiltigí isteach ag an chéad eagrán de Corc-ick - podchraoladh ina dhéanfaidh Seán & Cian, as Corcaigh (dár ndóigh), clamhsán agus plé ar fhadhbanna an tsaoil. Ábhar atá ana-chur amach acu air atá á bplé acu an tseachtain seo - sé sin eisimirce. Slán like!
Fáiltigí isteach ag an phodchraoladh Corc-ick - podchraoladh ina dhéanfaidh Seán & Cian, as Corcaigh (dár ndóigh), clamhsán agus plé ar fhadhbanna an tsaoil. Beidh an podchraoladh ag teacht amach gach Céadaoin ar na hardáin shruthaithe uilig. Slán like!