DiscoverImperfect Irish
Imperfect Irish
Claim Ownership

Imperfect Irish

Author: gaeilge_go_deo

Subscribed: 30Played: 159
Share

Description

Podchraoladh go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. 'Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste.' Labhair Gaeilge! :)
9 Episodes
Reverse
Sraith nua den phodchraoladh dírithe ar thíortha nach bhfuil a lán eolais agam orthu. San eagrán seo foghlaimeomid píosa beag faoin tSeapáin. Fós sáinnithe sa bhaile? Tar liom ar aistear gairid timpeall an domhain! :)
An 'Mandela Effect', cláracha fáisnéise déanta ag Netflix agus teoiricí aisteacha eile á bplé go neamhfhoirmiúil agus go neamhfhoirfe san eagrán seo. 
Comhrá nádúrtha, neamhfhoirfe faoi Ghaeilge, Instagram agus theangacha idir chairde. Lán de gháire agus Ghaeilge! Bain sult as! :)
Tuairimí maidir le cianfhoghlaim - buntáistí, míbhuntáistí agus scéalta greannmhaire! :)
Eagrán faoi mhíostrú, anás míosta agus conas is féidir linn dul i ngleic leis an náire a bhaineann leo. Scríbhinn don eagrán seo ar fáil ag https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Transcript of this episode available at https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Tuilleadh eolais: Míostrú - https://spunout.ie/health/general/periods Anás míosta - https://spunout.ie/health/general/period-poverty#:~:text=What%20is%20period%20poverty%3F,for%20social%20or%20cultural%20reasons.
Mar tá dea-scéalta de dhíth orainn faoi láthair! :) Scríbhinn don eagrán seo ar fáil ag https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Transcript of this episode available at https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Línte Cabhracha: Aware - 1800 80 48 48 Pieta House: 1800 247 247 Turn2Me: www.turn2me.ie Women's Aid: 1800 341 900 Samaritans: 116 123
An rudaí tairbheacha iad rúin na hathbhliana go fóill? Céard faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo? An fiú é iad a dhéanamh? Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an eagrán seo! Téigh i dteagmháil liom ar Instagram (@gaeilge_go_deo), trí ghlórphost nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugam fiú (gaeilge.go.deooo@gmail.com). Go dtí an chéad eagrán eile, fan slán! :) An t-anagram = ÓCHSMAAHNÍAÍONOTMLAAHÉACD (ceithre fhocal + litir amháin ina haonar/four words+ one letter on its own) Scríbhinn don eagrán seo ar fáil ag https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Transcript of this episode available at https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site
An mbíonn tú ag moilleadóireacht? Cén cineál moilleadóra atá ionat? Éist leis an eagrán seo chun é sin a fháil amach! :)
Fáilte go "Imperfect Irish", podchraoladh nua trí mheán na Gaeilge. Beidh mé ag plé réimse leathan ábhair - an tsochaí, ceol agus teangacha san áireamh. Cuirfear eagrán nua ar fáil gach dara seachtain. Go raibh míle maith agat as a bheith ag éisteacht leis an tréiléir seo! Is féidir leat dul i dteagmháil liom ar Instagram (@gaeilge_go_deo) nó ríomphost a sheoladh chugam (gaeilge.go.deooo@gmail.com). Go dtí an chéad eagrán den phodchraoladh, fan slán! :) Scríbhinn don tréiléir seo ar fáil ag https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site Transcript of this trailer available at https://gaeilgegodeooo.wixsite.com/my-site
Comments