PJ Ó Cúláin, Garda, Edward Ó Sé, Ceannasaí Stáisiún Dóiteán na Ceathrún Rua, & Máirtín Ó Cúláin, oibrí deonach le Bád Tárrthála na Gaillimhe ag labhairt faoi lá ceiliúradh ar na seirbhísí éigeandála a bhéas i nGaillimh Dé Sathairn.
John Connolly, TD & Caitlín Ní Chatháin Rúnaí scoile ag labhairt faoi stailc na rúnaithe agus feilithe scoile.
Agatha Hurst, ó Ghrúpa Faire Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann ag labhairt faoin bhfeachtas bailithe airgid atá acu le leantóir a cheannach.
Seán Crossan, Scríbhneoir, ag labhairt faoin tsraith Iománaíocht Hollywood Cluichí Gaelacha ar Scannán anocht.
Tá os cionn 40,000 gasúr ar liostaí feithimh do naíonraí agus naíolanna ar fud na tíre.
Comhrá na Seachtaine. Bearthla Mháirtín Ned Ó Féinneadh ar a shaol oibre agus Féile John Ford.
Beidh féile siúlóide ar bun i gCarna ag an deireadh seachtaine.
Tá Méin ag déanamh intéirneachta le RTÉ agus í lonnaithe i Raidió na Gaeltachta i gCasla faoi láthair. Tá sí ar Ardán an Cheoil ar maidin.
Tá os cionn 5,000 gasúr gan dídean agus ag maireachtáil i lóistín éigeandála sa tír seo don chéad uair riamh.
Tá cúrsa atá dírithe ar ghrúpa ceoltóirí óga á thabhairt le chéile, Ensemble na nÓg, á eagrú ag Stiúideo Cuan sa Spidéal.
Beidh seó nua faoin aer atá dírithe ar scéalta Pháraic Uí Chonaire ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo.
Torthaí ó na rásaí a bhí i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus tarraingt do Chraobh na hÉireann a bheidh ar bun i Rosmuc an deireadh seachtaine seo chugainn.
Beidh cruinniú eolais á eagrú ag Coiste Bailte Slachtmhar Leitir Mealláin agus Bhaile na Cille an tseachtain seo le heolas a thabhairt do dhaoine sa gceantar ar an nglúineach bhiorach.
Tá go dtí Dé hAoine 5 Meán Fómhair ag daoine le cur isteach ar an gcúrsa rochtana atá á chur ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe.
Beidh cruinniú poiblí i gCaisleán an Bharraigh san oíche amárach agus iad ag iarraidh compántas dramaíochta a bhunú ar an mbaile.
Tá a dhara troid ghairmiúil buaite ag an dórnálaí Antoine Ó Ó Mainín as Rosmuc ach atá ina chónaí thall san Astráil.
Tá €35.75 milliún ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary agus an Aire Caitheachais Phoiblí Jack Chambers le forbairt a dhéanamh ar chéibh Inis Oírr.
Tá bailiúchán miotal á eagrú ag Cumann Sacair Mhic Dara
Beidh imreoirí ó scoileanna éagsúla i gConamara ag teacht le chéile agus súil acu foireann peile a chur chun páirc i gComórtas Chúig Chonnachta.
Tá rúnaithe agus feighlithe scoile ag léirsiú i mBaile Átha Cliath inniu.