DiscoverBeo Ar Éigean
Beo Ar Éigean
Claim Ownership

Beo Ar Éigean

Author: RTÉ

Subscribed: 771Played: 19,972
Share

Description

Tá Beo, ar Éigean dhá chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
280 Episodes
Reverse
Tá Áine, Sinéad agus Siún ag dul ar sos ar feadh seal mar go bhfuil Siún ag súil lena baé féin! Éist anseo leo ag caint faoi athruithe saoil agus an chaibidil nua seo.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi na hathruithe atá ag teacht orthu, bíodh 'fhios go bhfuil siad uatha nó nach bhfuil!
Bhí Beo ar Éigean i láthair ag Féile Tonnta i nGaillimh, féile nua dátheangach i gCathair na dTreabh. Labhair siad faoi Bhandia Bhríd agus faoi thábhacht an phobail, i measc go leor eile!
Táimid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, bhí ábhair éagsúla idir chamáin againn le dhá mhí dhéag, ina measc brú dearfach, dul chun cinn, blaiseadh den gcomhrá faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. Cad iad na bréaga beaga a insíonn muid dúinn féin agus an mbímíd ionraic linn féin, fiú?
Labhair na BAÉs faoin teacht i láthair atá acu agus an tslí go gceapann siad go dtagann siad i láthair... an bhfuil an bearna mhór idir an dá rud?
Tá na BAÉs ag caint faoi fhrustrachas agus an tslí a dtéann siad i ngleic leis an mothúchán ciotach seo.
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhród, agus ár gcaidreamh casta leis an mothúchán áirithe seo.
Féachann na BAÉs ar aghaidh ar a bhfuil rompu sa bhliain nua.
Deir siad go bhfuil trí ní nach féidir a mhúineadh ach an bhfuil 'cop on' le cur againn ar an liosta sin againn?
Cad iad focail na bliana do Shinéad, do Shinéad agus do Shiún agus conas a mhúnlaíonn an teanga a úsáideann muid an domhan ina maireann muid
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhia an tseachtain seo, óna gcúlraí bia go cultúr an bhia atá foghlamtha acu go nuige seo, cuirfidh an t-eagrán seo ocras ort!
An dtuigeann muid cén uair le slán a fhágáil le nithe agus daoine nach bhfuil ag cur lenár saol?
Ó Wagatha Christie go branda Beckham, tá Áine, Sinéad agus Siún ag caint faoi thionchar na tréimhse seo orthu mar dhaoine.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne, coincheap atá níos doiléire ná riamh.
Tá Áine, Siún agus Sinéad ag caint faoina bhféiniúlachtaí ar eagrán na seachtaine seo, an tslí go ngléasann siad iad féin agus go bhfeiceann siad iad féin
Labhair Sinéad, Áine agus Siún faoin lorg a d'fhág Rónán Mac Aodha Bhuí craoltóir agus cara, orthusan agus ar an saol trí chéile.
Tá brionglóidí againn ar fad; bád a cheannach, bogadh go Nua-Eabhrach, cad a dhéanfadh Sinéad, Áine agus Siún mura mbeadh aon bhac orthu?
Tá Beo ar Éigean ag caint faoi a bheith 'i láthair', fiú nuair nach bhfuil siad ar fónamh. Cad is brí le géilleadh do Shinéad, d'Áine nó do Shiún?
Tá na BAÉs ag caint faoi bhrú ach brú atá dearfach, dul chun cinn agus faoi a bheith uaillmhianach.
Cé mhéid mothúcháin a airíonn muid in aon lá amháin? An ionann mothúcháin agus smaointí agus cén chaoi a ndéanann muid idirdhealú eatarthu?
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store