DiscoverSiúlach Scéalach
Siúlach Scéalach
Claim Ownership

Siúlach Scéalach

Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Subscribed: 102Played: 1,346
Share

Description

RTÉ Podcast
779 Episodes
Reverse
'Sí Sinéad Ferry a roghnaíonn giotaí as an tsraith don chlár. Tá ceol a taifeadadh i dteach Mhartin Hayes Co an Chláir sa bhliain 1962, dánta le Seán Ó Ríordáin, Séamus Ennis ag caint ar Chorca Dhuibhne agus ag caint ar Oileán Thoraí, "An Seabhac" ag caint ar an Bhlascaod agus Cearbhall Ó Dálaigh i nGaoth Dobhair.
Andrea Palandri, scoláire Gaeilge agus fidléir ón Iodáil, lena rogha féin as an tsraith. Ar na giotaí a roghnaíonn sé tá Séamus Ennis, Pádraig O Keeffe, Paddy Cronin, Kruger Kavanagh. Eibhlín Ní Mhurchú agus Pádraig Ua Maoileoin. Casann Andrea cúpla giota ceoil le Paddy McEvoy á thionlacan ar an phiano.
'Sí Áine Ní Bhreisleáin, ó Ghaoth Dobhair an aoi atá ar an chlár seo le hIan Lee. Roghnaíonn Áine na míreanna seo: leaganacha den amhrán Úir Chill a' Chreagáin; Inis Gé; Na Cruacha Gorma; Séamus Ennis le muintir Thoraí; déanamh curachaí i gceantracha éagsúla, Seosamh Ó hÉanaí/Séamus Ennis, Bernadette Devlin agus Mairéad Ní Dhomhnaill.
"Radio Éireann agus athbheochan na Gaeilge" clár a rinne Diarmuid Breathnach sa bhliain 1976. Páirteach ann tá: Mairéad Ní Ghráda, Aindrias Ó Muimhneacháin, Seán Mac Réamoinn, Leon Ó Broin, Diarmaid ó hAlmhain, Proinsias Mac an Bheatha, Roibeárd Ó Faracháin & Breandán Ó hEithir.
Pat Feeley i mbun comhrá le Cyril Ó Ceirín agus Pádraig Breathnach, a raibh baint acu le Cathair Luimní, ag caint fá na leabhair atá scríofa acu.
Breadndán Ó Madagáin, iar-Ollamh le Gaeilge, ag caint le Proinsias Mac Aonghusa fána shaol agus a shaothar.
Áine Mhic Ghrianna as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall? i mbun scéil níl aon eolas eile leis an téip.
Máirtín Ó Cadhain ag caint fá Chonradh na Gaeilge agus an litríocht, léacht as an tsraith Thomas Davis Lectures a bhain le Conradh na Gaeilge.
Diarmuid Ó Muirithe le cuid d'imeachtaí 1970 le béim ar leith ar an Ghaeilge, cúrsaí polaitiúla ó dheas agus ó thuaidh. Jack Lynch páirteach sa chlár, Liam Mac Reachtainn, Risteard Mac Gabhann, An Col. Eoghan Ó Néill, Máirtín Ó Cadhain ar an chlár agus Risteard Ó Glaisne agus Séamus Ó Néill ag caint faoi chomhnascadh idir An Tríonóid agus UCD.
Muiris Mac Conghaíl, nach maireann, ag caint le Neasa Ní Chinnéide ar Theilís RTÉ sa bhliain 1988 fá chúrsaí na meán agus eile.
"Seanchas Bhaile Uí Chorráin". Seqanchas a bhí ag Donncha Ó Líthigh, Baile Uí Chorráin, agus 'sé Muiris Mac Conghaíl atá ag láithrú.
Máirín Ní Shúilleabháin ag ceol agus Fionán Mac Coluim ag seanchas. Ceolann Máirín, "SLán le Pádraig Sáirséal" agus "Caoineadh Airt Uí Laoghaire"
Radio Scoile - Clár bríomhar ceoil agus cainte le Micheál Ó Domhnaill, Doireann Ní Bhriain agus cailín eile.
"Fadhbanna Gaeilge" le Tomás de Bhaldraithe sa chathaoir agus Nill Ó Dónaill, Éamonn Ó Tuathail agus Pádraig Ua Maoileoin.
James Eardley, fidléir ó Cho Liatroma mar a chas sé ceol do Shéamus Ennis sa bhliain 1947 sa chondae. Casaann se dhá chornphíopa "Flowere of Spring" agus "Flowers of Ballymote" agus ansin ríl "The Flax in Bloom" agus ceann eile.
IS é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, a roghnaíonn na míreanna seo don chlár. Moya Brennan ó Chlannad sa bhliain 1969; Séamus Ennis, Séan Ó hEochaidh agus Conall Ó Beirn i dTeileann 1949; Cáit Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhairs; Anraí de Bláca cainteoir ó dhúchas ó Cho an Chláir; Tadhg Ó Rabhartaigh, údar, ó Anagaire.
Criostóir Ó Floinn, údar, ag caint le Pádraig Dolan fána shaol agus a shaothar sa bhliain 1985.
Muiris Caomhánach, nó Kruger Kavanagh, ó Dhún Chaoin, ag caint le Breandán Ó Cíobháin sa bhliain 1969.
Máirtín Ó Fathaigh, cainteoir ó dhúchas Gaeilge, ó Bhaile Locha Riach, Co na Gaillimhe, ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1970 nuair a bhí sé 100 bliain d'aois.
Sorcha Ní Chatháin (Sarah Keane) ó Chathair Liostráin in Oirthear na Gaillimhe ag ceol do Chiarán Mac Mathúna sa bhliain 1959. Ceolann sí "Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an Féar" agus "Tá mo Chleamhnas Déanta".
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store