Discover
RTÉ - Podchraoladh - Bóithrín na Smaointe

RTÉ - Podchraoladh - Bóithrín na Smaointe
Author: RTÉ:Ireland
Subscribed: 7Played: 41Subscribe
Share
© RTÉ 2009
Description
Sa tsraith seo caithfidh Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh súil siar ar chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith, agus beidh cur síos aige freisin ar mhórimeachtaí na linne seo mar a thit siad amach.
27 Episodes
Reverse
Dr. Máire Ní Cheallaigh ag cur síos go bhfuil scoil na bhForbacha tar éis deis a fháil a bheith páirteach in iarracht scileanna CPR a mhúineadh do dháltaí bunscoile.
Súil siar ar an mbliain 1997 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Ceiliúradh Ceathrú Céid RnaG 1972-1997: Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Róibín ag nochtú leachta i gCasla, Pádraig Ó Raghallaigh, an chéad Cheannaire ar RnaG i 1972 ag caint le Máirín Ní Ghadhra & Píosa de dán fada a scríobh Ciarán Ó Fátharta & Máirtín Jaimsie faoin gceiliúradh & é á aithris acu féin; Greann ag Ceiliúradh an Cheathrú Céid; Scéal ó Khevin McAleer, fear grinn; Séamus Ó Scanláin ag aithris ar Sheán Ó Cuirreáin & Michael D. Ó hUiginn; Seán Ó Gráinne ag aithris ar an iománaí Joe Connolly & ar an tráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh; Tomás Mac Con Iomaire, Iar-Cheannaire RnaG ag an am ag casadh an amhráin "Dilín Ó Deamhais" droim ar ais.
Súil siar ar an mbliain 1996 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Cathal Mac Coille & Joe Tiernan - Dúnmharú Veronica Guerin; An tAire Ealaín, Cultúr & Gaeltachta, Michael D. Ó hUiginn - Oscailt Oifigiúil Theilifís na Gaeilge; Niall Mac Eachmharcaigh - An tSraith C.U.Burn; Mártan Ó Ciardha - Mícheál Ó hEithir tar éis bháis (RIP); Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha - Johnny Joe Pheaitsín Mac Donncha (Seán 'ac Dhonncha) tar éis bháis (RIP)
Súil siar ar an mbliain 1995 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Tuairisc ó Phól Mac Donncha ar chuairt an Uachtaráin Clinton & a bhean Hillary ar Éirinn & agallamh ag Pól leis an ngarradóir, Charles Moran, a chuir crann in éineacht leis an Uachtarán i bPáirc an Fhionnuisce; Mártan Ó Ciardha le tuairisc faoin scliúchas a bhí ag cluiche sacair idir Éire & Sasana i mBóthar Lansdúin i mBÁC; SBB ag tráchtaireacht ar an mbabhta deire den troid idir Steve Collins & Chris Eubank i gCraobh an Domhain. Bhí Collins buacach; Máirín Mhic Lochlainn ag caint le Norita Ní Chartúir faoin 25 bliain a bhí caite aice ag obair i Raidió na Gaeltachta & Mír as "Cré na Cille"; Comhrá faoin gceoltóir & an fear ceirde John Joe Ó Fátharta a bhásaigh 13/10/95. Ag caint faoi ag an am bhí Meaití Jó Shéamuis, Máirtín Jaimsie & P.J. Ó hIarnáin & píosa ceoil le John Joe "The Green Gates"
Súil siar ar an mbliain 1994 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Cuairt Bhoris Yeltsin ar Éirinn - níor tháinig sé amach as an eitleán chorr ar bith!; Máire Geoghegan Quinn & Brian Cowen ag caint ar Cheannaire nua-thofa Fhianna Fáil, Bertie Ahern; Máirtín Ó Muilleoir ó Shinn Féin faoi agallamh ag Tomás Ó Ceallaigh agus iad ag caint faoi deireadh a bheith tagtha le Alt 31 den Alt Craolacháin - Ní raibh cead agallamh a chur ar Shinn Féin roimhe sin; Bridie Berry Fitzgerald a raibh aithne aice ar JFK & ar chuid mhaith de mhuintir Kennedy mar go raibh sí ag obair ag cara leo, an tiriseoir, Charles Bartlett; Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin - Gradam an Phléaráca 1994 i gCill Chiaráin; Pádraig Ó Sé ina leaidín óg ag cur síos ar "striptease" a bhí i dteach ósta "Tí Pheig".
Súil siar ar an mbliain 1993 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Tomás Ó Ceallaigh le tuairisc ar Chomhaontú stairiúil Shráid Downing; Mícheál Seoighe ag tuairisciú faoi Tóto Rhiina, Ceannasaí an Mhafia sa tSicil a bhí tar éis a ghabhála théis tóraíocht 20 bliain; Bairbre Ní Churraoin Sweeney, Máthair Fionnuala Sweeney, craoltóir le CNN, a rinne cur a láthair ar an gComórtas Eurofíse 1993 i Sráid a' Mhuillinn; Mick Lally ag cur síos ar an aisteoir Cyril Cusack a bhí tar éis bháis (07/10/93); Pól Ó Gallchóir ag caint faoi Phat Ó Rabhartaigh a bhí tar éis bháis (04/05/93); Johnny Chóil Mhaidhc ag cur síos ar Chóilín Cliseam a bhí tar éis bháis (02/12/93); Joe Steve Ó Neachtain ag cur glaochanna bréige ar dhaoine ar Lá an Amadáin '93.
Súil siar ar an mbliain 1992 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Tuairiscí ó Thomás Ó Ceallaigh & Tomás Mac an Iomaire - Cathal Ó hEochaidh ag éirí as (30 Eanáir 1992); Vox Pop le cainteoirí as na Gaeltachtaí éagsúla - "Cé na moltaí a bheadh agat do Albert Reynolds, an Taoiseach nua?"; Tuairisc ó Seán Ó Cuirreáin ar éirí as An Easpaig Éamon Ó Cathasaigh, de bharr go raibh mac aige le hAnnie Murphy; An tAth. Leon Ó Mórcháin & Seán Mac Réamoinn ag caint faoi scéala an Easpaig Uí Chathasaigh; Taimín Tom Mhichíl Ó Loideáin as Both Chúana sa Spidéal a bhí ar a chéad thuras go hÁrainn in aois a 77 bliain d'aois dó.
Súil siar ar an mbliain 1991 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Jim Tunney (FF) - Saoradh Sheisear Bhirmingham; An tUachtarán Máire Mhic Róibín ar a céad turas don Ghaeltacht & í ag oscailt Áras Pobail Dhún Lúiche i dTír Chonaill; Seán Bán Breathnach a bhí tar éis gradam Jacobs a ghnochtáil & Maidhc P. Ó Conaola, Iar-Bhuaiteoir gradam Jacobs ag glaoch é féin; An tIriseoir & an craoltóir Piatas Ó Gaora ag cur síos ar a chéad turas go Meiriceá ar an mbád; Colm P. Ó hIarnáin ag cur síos ar an scannánaí Robert O'Flaherty ar rinne "Man of Aran" i 1932; Vox Pop a rinne Johnny Shéamuis Ó Conghaile Tigh Chlarke i Ros Muc faoina hAncairí a bhí 10 mbliana ar an mbóthar.
Súil siar ar an mbliain 1990 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Insealbhú an Uachtaráin Máire Mhic Róibín mar Uachtarán ar Éirinn; An tEaspag Séamus Ó hÉigeartaigh ag trácht ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich a bhí tar éis bháis; Pádraig Ó Gallchóir ag caint ag uaigh an scríbhneora Seosamh Mac Grianna; Aindreas Ó Gallchóir ag caint faoina chara Breandán Ó hEithir a bhásaigh go tobann; Tony Chatherine Antoine William Ó Cailín ag inseacht scéal faoi Naomh Pádraig do Sheán Ó hÉalaí & píosa ceoil le Píobairí Acla; Éamon Ó Cuív, Nollag Ó Gadhra & T.P. Ó Néill ag caint le Mícheál Ó Sé ar lá comóradh lae breithe Mhíchíl Uí Choileáin 100 bliain roimhe sin; Bob Quinn ag moladh go dtiocfadh muintir na Gaeltachta ar stailc teangan ar Lá Féile Pádraig & gan aon Ghaeilge a labhairt ar an lá sin & píosa de "Morning Merriment" (Siamsán Maidine) as Béarla!
Súil siar ar an mbliain 1989 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Pádraig Ó Síochrú ag caint ar a shean chomradaí airm, Dónal Mac Amhlaigh a bhí tar éis bháis (29/02/89); Breandán Ó hEithir ag cur síos ar an aisteoir Eoin Ó Súilleabháin i gclár i gcuimhne ar Eoinín a bhásaigh i mí Iúil 1989 & píosa d'agallamh a rinne Maidhc P. Ó Conaola le hEoinín & ansin píosa as an tsraith "Colm sa mBaile"; Patrick J. Lynsey, An Chéad Aire Gaeltachta 1956/57 ag comhrá le Seán Ó hÉalaí; Máire a' Ghabha Uí Cheannabháin ag trácht ar bhronntanas a thug Meitheal as Ciarraí di in Óstán Charna; Vox Pop "Dá mbeithfeá i do Thaoiseach amárach, céard é an chéad rud a dhéanfá?"
Súil siar ar an mbliain 1988 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; An tAth. Pádraig Ó Fiannachta, Ceiliúraí Aifreann Sochraide Mháirtín Uí Dhireáin, File; Pete Ó Briain as Cladhnach ó dhúchas ag caint le Seosamh Ó Cuaig i Minnesota; Seán Ó Mainnín, Príomhoide Ghairmscoil Cholm Cille, ag cur síos ar Stair na Tullaigh & ar na Blácaigh; Seán Ó Conghaile as na hAille & Joe Daly as Ciarraí ag cur síos ar an gCarthas; Máirtín Mhurchadha Ó Conghaile ag caint faoi scannán a bhí á dhéanamh ar an gCeathrú Rua a raibh páirt aige féin ann.
Súil siar ar an mbliain 1987 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; An Teachta Dála Máire Ní Chochláin tar éis a bheith tofa den chéad uair - A céad lá sa Dáil & céard atá in ann don Rialtas; Neain Pheaidí Nic Dhiarmada Uí Fhátharta as na hAille ag cur síos ar an Ath. Eric Mac Fhionn (Fr. Fair) a bhí tar éis bháis; Joe Steve Ó Neachtain ag trácht ar an am ar dtáinig an leictreachas go Conamara i dtosach & scéal barúil a tharla dhó; Vox Pop i gCeantar an Spidéil faoi Scratch-Cards ón gCrannchur Náisiúnta a bhí tar éis a theacht amach, Cheannaigh Séamus Ó Cualáin dhá thicéad déag; Máire Ní Dhroighneáin - Amhrán Bhaile an Droichid Nollaig '87
Súil siar ar an mbliain 1986 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Athchuimhre ar Dialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Vox Pop le Pól Mac Donncha ar na hathraithe a rinneadh sa Rialtas i Mí Feabhra; Peadar Lamb ag caint ar an mbanaisteoir Siobhán McKenna a bhí tar éis bháis & Breandán Ó hEithir ag caint ar an bpoblachtánach, sóisialach, iriseoir, scríbhneoir & fear Gaeltachta Peadar O'Donnell; Aiséirí Bhobby Ewing sa tsraith "Dallas" & Vox Pop Mháirtín Jaimsie imeasc na mban i Monarcha Éisc Ros a' Mhíl & SBB ag caint le Patrick Duffy ar chéibh Ros a' Mhíl agus é ar a bhealach go hÁrainn; Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Breandán Feiritéar, ag cur tús le craoladh maidine - Adhmhaidin - ar Luan Cásca 31.03.86; Bairbre Freeman (Bab Chóil Dharach) as Cill Éinne, Inis Mór ó dhúchas i mBearna lena budgie "Tweetie" a raibh Gaeilge aige.
Súil siar ar an mbliain 1985 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Athchuimre ar Dhialann na Bliana le Máirtín Jaimsie; Dhá agallamh le Bainisteoir Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach, Éamon Ó Cuív - ceann faoi dhíol adhmaid & ceann ag fógairt go mbeadh sé ag iarraidh ainmniúchán ar Fhianna Fáil do na toghcháin áitiúla; SBB i gCluain Eois & Barry McGuigan ag teacht abhaile tar éis Craobh Cleith-mheáchan an domhain a bheith bainte amach aige; Máire Jim Mhicí Uí Chatháin & a mhac Mickeen Keane ag ócáid oscailte an tséipéil nua i Ráth Cairn mar chuid den cheiliúradh 50 bliain 1935-1988; Máirtín Davy i mBaile an Spidéil i gCorcaigh ag caint le Cáit Nic Mhathúna, duine de na chéad daoine a chonaic an dealbh den Mhaighdean Mhuire ag corraí ansin; Pádraic Ó Cnáimhsí ag breathnú siar ar 1985 i gCeanntar na Rosann; Eoghan Mór Ó Catháin ag cur síos ar thuras a thug sé go Conamara.
Súil siar ar an mbliain 1984 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Máirtín Jaimsie le Dialann na Bliana 1984; Troid Sheáin Uí Mhainnín i Madison Square Gardens i nDeireadh Fómhair 1984 - Muintir Ros Muc ag caint & Tráchtaireacht ar an 9ú babhta le SBB; Triúr ealaíontóirí Gaeltachta a bhásaigh i 1984 - Seosamh Ó hÉanaigh (Fonnadóir), Hiúdaí Pháidí Hiúdaí Ó Duibheannaigh (Fonnadóir) & Liam Ó Flaithearta (Scríbhneoir) - Siad Breandán Ó hEithir, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Riobeard Mac Goráin & Johnny Joe Pheaitsín Mac Donnchadha a rinne an chaint; Joe Daly ag cur síos do Bhreandán Feiritéar ar mhíola agus dreancaidí; Vox Pop ar rinne Máirtín Jaimsie don chlár Bunscéalta & Barrscéalta - "Jig nó Ríl"
Súil siar ar an mbliain 1983 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Máirtín Jaimsie le cúrsaí reatha, staire & ceoil na bliana 1983; Seán Ó Ceoinín (Johnny Simon) as Carna ag cur síos ar an Armada Spáinneach ón tsraith "Sleasa na Long"; Edel Ní Chuirreáin ar Oileán Thoraí & í ag caint le Dónal Mac Ruairí & Pádraig Óg Mac Ruairí (An Rí) faoin méid atá in ndán don oileán; Seán Faoilí Ó Catháin ag caint le Mícheál de Mórdha faoi dhroch aimsir; Deaidí na Nollag sa Raidió; Breandán Feiritéar ag fógairt buaiteoir Chorn Uí Riada ag an Oireachtas ar an gCeathrú Rua - Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha - casann sé dhá véarsa den amhrán "Tá mo theaichín ar an ardán"
Súil siar ar an mbliain 1982 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Charlie Haughey (FF), Enda Kenny (FG) ag caint faoin an Olltoghchán & Jim Kemmy (Neamhspleách) a bhris an Rialtas nuair a hardaíodh luach bróga gasúr; Maggie Dirrane as Inis Mór a bhí sa scannán "The Man of Aran" i 1933; Seán Ó hEochaidh, Béaloideasóir a scríobh "Rotha Mór an tSaoil" ó bhéal Mhicí Mac Gabhann; Báthadh an "Lively Lady" i mbéal an chuain i Ros a' Mhíl (02/03/82); Máire a' Búrc, buaiteoir an Lotto, ag caint le Ciarán Ó Fátharta.
Súil siar ar an mbliain 1981 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Conal Ó Dubhthaigh ag caint leis an iriseoir Proinsias Ó Duigneáin an lá tar éis tragóid an Stardust; An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ag caint ar na stailceoirí ocrais; Pádraig Ó Tuathail, Aire na Gaeltachta ag caint faoin méid a bhí i gceist aige don Ghaeilge & don Ghaeltacht mar Aire; An Moinsíneoir Ó hÓráin as Cnoc Mhuire ag cur síos do Sheán Ó Cuirreáin ar an bhfeachtas bailithe airgid atá ar siúl aige leis an Aerfort a chríochnú; Píosa as clár cuimhneacháin a rinne Mícheál de Mórdha ar Khruger a bhí 10 mbliana básaithe - Muiris Caomhánach féin a bhí ag caint le Breandán Ó Cíobháin.
Súil siar ar an mbliain 1980 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: An tAire Oideachais John Wilson ag Comhdháil na mBunmhúinteoirí (INTO) i Loch Garman ag caint le hAingeal Ní Chonchubhair; Tomás Ó Ceallaigh ag caint le Gearóid Mac Gearailt, Ceannaire Fhine Gael; Albert Fry, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag caint faoina shaol & a shaothar; Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann - Mícheál Ó hEithir ag tráchtaireacht & óráid Joe Connolly, Caiptín Fhoireann na Gaillimhe; An Cairdinéal Tomás Ó Fiach ag caint faoin aithne atá aige ar an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna a bhí ag ceiliúradh 80 bliain d'aois.
Súil siar ar an mbliain 1979 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Cuairt an Phápa 1979 - É ag fágáil slán le hÉirinn; Breandán Mac a' Lua - Feallmharú Louis Mountbatten; Maidhc P. Ó Conaola - agallamh leis an aisteoir Siobhán McKenna; Seán Mac Réamoinn ag insint do Bhreandán Feiritéar faoin uair ar thug sé féin & Séamus Ennis cuairt ar Pheig Sayers; Joe Éinniú a bhí sa mbaile ar saoire - comhrá & cúpla véarsa d'amhráin.