DiscoverRaidió na Life 106.4FM
Raidió na Life 106.4FM
Claim Ownership

Raidió na Life 106.4FM

Author: Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Subscribed: 48Played: 2,198
Share

Description

Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
1956 Episodes
Reverse
Agallamh leis an gharda Lee Ó Dúill maidir le sábháilteacht ar bhóithre um Nollaig
Patrick Mahomes agus Micah Parsons críochnaithe don séasúr tar éis péire gortú. Cén tionchar a bheidh aige ar an dá fhoireann? An iad na Broncos an foireann is fearr san AFC? Agus an é Charlie Smyth an ciceálaí is fearr san NFL (is é, ar ndóigh)? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.
Pléann na lads agus Paddy Desmond na mór-rásaí go léir a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana agus san athbhliain. Tugann Paddy cúpla moladh maidir le cén capall ar féidir leat do chuid airgid a chur air.
Cad é ‘treallús’ agus an bhfuil sé ionat? An bhfuil an ‘f déliopach’ cloiste agat? ‘Cuir’ nó ‘cur’, is cén uair? Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é stiúrthóir Aerach Aiteach Gaelach, grúpa LADTA ealaíon. Eoin a d’aistrigh Heartstopper 1 agus 2 go Gaeilge agus tá an tríú ceann idir lámha aige faoi láthair.
Nuachtáin - 15 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Rinneadh seoladh ar an 9ú Nollaig ar an chéad sciar den fhoclóir nua aonteangach Gaeilge le Foras na Gaeilge - an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge riamh. Fuair Cara Nic Giolla Chomhaill agus Rossa Ó Sioradáin deis fhreastail ar an tseoladh. Míle buíochas le hÉanna Ó Caollaí, Ola Majekodunmi, Eoin P. Ó Murchú, Dara Calleary, Liam Mac Amhlaidh, Cormac Breathnach, Pádraig Ó Mianáin agus Regina Uí Chollatáin as ucht a bheith ag labhairt linn ar an oíche. Craolta 10.12.2025
Bhí Mick Joyce agus Lord Fuhl linn ag seinm 'Nature Song' agus 'Barbed Wire'.
San eagrán seo, plé ar RTÉ.
Agallamh beo ar Eadra le Ferdia McCrann de chuid Met Éireann maidir le Stoirm Bram atá tagtha i dtír inniu 09.12.25 Tuilleadh sonraí: https://www.met.ie/ Podchraoladh: https://www.met.ie/education/podchraoladh-met-eireann/
Bhí deis ag Rang 4 Gaelscoil Choláiste Mhuire ceardlann raidió a dhéanamh linn sa stiúideo le linn mhí na Samhna 2025.
Tugann Seán de Paor léargas agus treoir dúinn ar an méid atá ar siúil ag cumainn CLG BÁC!
Tuairisc déanta ag Saoirse Ní Mhaoillchoille faoi Scannáin Uafás a tháinig amach le linn na bliana seo.
Tháinig an t-údar clúiteach Réaltán Ní Leannáin isteach chugainn chun labhairt faoin mbailiúcháin nua ag Mercier Press, "Stepsisters". Cnuasacht do ghearrscéalta aistrithe ón Ghaeilge ag na h-údair iad féin.
Nuachtáin an Luain - 8 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Cén chuid den bhliain ‘an dúluachair’? Cad atá níos mó - ualach, fuílleach, dorn, slam? An cóir dúinn na DNTLS a chaitheamh san aer? Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé amach céim sa Ghaelainn ó Choláiste Mhuire Gan Smál.
Labhair Róisin Sheehy linn faoin leabhar Eachtraí Saíd a d'aistrigh sí agus atá díreach foilsithe ag an nGúm.
Tá neart cluichí móra san AFC North, san NFC North agus san AFC South an deireadh seachtain seo agus muid ag teannadh le na playoffs. An mbeidh na Bears in ann fanacht ar bharr an NFC? An bhfuil an Colts i lár cliseadh iomlán? Agus an gcaillfidh na Chiefs amach ar na playoffs? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.
San eagrán seo, breathnaíonn muid ar leabhair Gaeilge don Nollaig.
San eagrán seo, cás an Phrionsa Andrew agus an mhonarcacht.
Agallamh le Pacair Hutton de chuid The Gladstone Band faoi ghig a bheas a sheinm acu ar son carthanachta sa Ha'penny Bridge Inn anocht - beo ar Eadra
loading
Comments 
loading