DiscoverRaidió Rí-Rá
Raidió Rí-Rá
Claim Ownership

Raidió Rí-Rá

Author: Raidió Rí-Rá

Subscribed: 6Played: 80
Share

Description

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.

Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
65 Episodes
Reverse
Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir ábhair Conleth Ó Mealláin faoin nGlas Triarach. Cad é? Cén fáth go bhfuil an oiread cainte air? Agus cén fáth go bhfuil an rialtas ag iarraidh é a bhaint?   Is féidir Conleith a leanúint ar na meáin shóisialta @conlethomeallain 
Labhair Aisling le Rob Fell ón eagraíocht Hometree, atá ag iarraidh €1,000,000 a bhailiú laisitgh de mhí chun athdhúlrú a dhéanamh ar chuid mhaith d'Iarthar na hÉireann. Is féidir tacú leis an bhfeachtas tríd www.hometree.ie/fundraiser
Tá an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘27 ag lorg amhrán Gaeilge nua-chumtha le hionadaíocht a dhéanamh ar Éireann don mbliain 2027.   Labhair Aisling le Bríde de Róiste faoin gcomórtas agus faoi cad iad na rialacha más maith libhse cuir isteach air.
Labhair Aisling leis an gceoltóir, gníomhaí, snámhaí agus file Clare Sands faoina halbam nua 'They Tried to Bury Us', faoin camchuairt agus a gníomhaíochas.   Is féidir ticéid a fháil do chamchuairt Clare ar www.claresands.com
An 424, an bus íocónach a théann soir agus siar ó Chonamara go cathair na Gaillimhe. Is mó cuimhne agus scéil atá ag na Gaeil ón mbus céanna agus beidh siad sin á dtabhairt chun ardáin ag Féile Imram na bliana seo sa seó An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair a bheidh ar siúl ar an 13 Samhain.   Labhair Aisling le Cúán de Búrca san eagrán seo faoin seó agus sheol lucht éisteachta RRR teachtaireachtaí gutha isteach lena scéalta fhéin ón mbus.   Is féidir ticéid a fháil don seó ar imram.ie
loading
Comments