Discover
Raidió na Life 106.4FM
Raidió na Life 106.4FM
Author: Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Subscribed: 46Played: 2,046Subscribe
Share
© All rights reserved
Description
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
1907 Episodes
Reverse
Tá spriocdháta na trádala don NFL druidte linn agus cúpla ainmneacha móra ag athrú foirne go tobann! Beidh Sauce Gardener ag dul ó na Jets go na Colts, agus fear eile ón bhfoireann chosanta na Jets, Quinnen Williams, imithe go na Cowboys. Labhróimid futhu siúd, Eagles @ Packers agus Rams @ 49ers comh maith
Agallamh le Muiris Ó Cearbhaill, eagraí polaitiúil de chuid The Irish Daily Mail, agus Zohran Mamdani tofa mar an chéad mhéara Moslamach ar Nua Eabhrach.
Agallamh le Seán Ó Murchadha faoin Nead, caifé nua Gaelach a bheas ag oscailt i mBaile Mhuineacháin ar an tSathairn beag seo.
Tuilleadh sonraí: https://www.instagram.com/_an_nead_/
Labhair an ceoltóir linn faoina h-albam nua in éineacht le Cormac McCarthy.
San eagrán seo, plé ar Oireachtas na Samhna 2025.
San eagrán seo, plé ar Bhuiséad 2025 agus ar iarmhairtí an toghcháin uachtaránachta do Fhianna Fáil.
Bhí an chéad sraith de Obituary ar cheann dos na buachphointí drámaíochta ar sceideal RTÉ le fada an lá. Labhraíomar leis an léiritheoir a thug chuig an scaileán é.
An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheannain.
Nuachtáin an Luain: 03 Samhain 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
Cad as a dtáinig ‘giob geab’?
Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile?
Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair?
An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán de Brún - scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach gradamúil, ar rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é. Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air. Scrígh sé tráchtas dochtúireachta dár teideal Seosamh Mac Grianna - an Mhéin Rúin.
Roinnt ceol agus comhrá ón amhránaí agus í ag léiriú saothar Phoebe Bridgers as Gaeilge mar chuid de Fhéile IMRAM.
Labhair an craoltóir Raidió na Life linn tar éis dó bheith ainmnithe mar Chraoltóir Solabhartha na Bliana.
Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.
Agallamh leis an cheoltóir Torby faoi cheol nua foilsithe aige le gairid agus gig a bheas sé ag seinm aige thar dheireadh seachtaine Oireachtais na Samhna i mBéal Feirste.
https://torby.bandcamp.com/track/ahmed-o-ahmed
Agallamh le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, beo ar Eadra faoi cheapadh Pól Deeds mar an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh. Craolta 29ú Deireadh Fómhair agus Oireachtas na Samhna á sheoladh i mBéal Feirste don chéad uair ó 1997.
Labhair an Teachta Dála, Barry Heneghan, linn faoin loitiméireacht a deineadh i bPáirc Naomh Áine ag an deireadh seachtaine nuair a cuireadh leithrisí nua tré thine.
Clár: Rithim na Cathrach
Láithreoir: Barra Mac Aodha Bhuí
Dáta craolta: 281025
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo?
An fearr ‘randamach’ nó ‘fánach’?
An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal ‘dia’?
Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric.
An rapálaí clúiteach beo sa stiúideo le seit spleodrach.
Agallamh le Seanadóir de chuid Fhine Gael, Seán Kyne, maidir leis an toghcháin uachtaránachta i mbliana.
Craolta 22.10.25
Comhrá le Rossa Ó Sioradáin agus Oireachtas na Samhna ag druidim linn go luath. Plé ar an 4 ainmniúcháin atá faighte ag Raidió na Life i mbliana - beo ar Eadra
Craolta 23.10.25



















