DiscoverRaidió na Life 106.4FM
Raidió na Life 106.4FM
Claim Ownership

Raidió na Life 106.4FM

Author: Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Subscribed: 28Played: 416
Share

Description

Stáisiún raidió do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Irish language community radio station based in Dublin. New address: 63-66 Amiens Street, Dublin 1.
967 Episodes
Reverse
San eagrán seo táimid ag caint le hÁine Ní Churráin faoin gCamino a bhéas ag bailiú airgid do Cancer Care West, cuireann Ainle Ó Cearalláin ar an eolas muid faoin éacht urraithe atá ar siúl aige, agus cloiseann muid ó Chlár Ní Bhuachalla faoin Scoil Samhraidh a bhéas ar siúl i UCD i mbliana.
San eagrán seo táimid ag caint le hAinle Ó Cearalláin faoin éacht urraithe atá ar siúl aige, cuireann Brian Tyers ar an eolas muid faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta, agus cloiseann muid ó Dharach Ó Tuairisg faoin méid a bhéas TG4 ag déanamh chun Cruinniú na nÓg a cheiliúradh.
San eagrán seo, táimid ag caint le Darach Ó Tuairisg faoin lá speisialta a bheas ag TG4 chun Cruinniú na nÓg a cheilúradh, cuireann Grace Conneally ar an eolas muid faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus tugann Aengus Geoghan radharc cúl-stáitse dúinn ar sraith nua TG4, Pobal Chois Fharraige.
Torthaí DAA 2023. Suaiteacht aeir. Deireadh seachtaine ghnóthach san aerfort. Teifigh ag teacht ar lastais ó Cherbourg.
Ocht gcinn do chluichí i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus roinnt cluichí iontacha, cath mór ó thuaidh mar cheann acu. Bhí Paddy Kelly as Corcaigh linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí ar fad.
An Comhairleoir Naoise Ó Cearúil, Fianna Fáil, an Comhairleoir Hazel de Nortúin, Pobal Seachas Brabús, agus Diarmuid Dubhghlais, Neamhspleách, ag caint linn faoi na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe faoi láthair.
Cad é an rud amháin atá riachtanach le theacht i dtír sa ghnó? Tá an freagra ag Pádraic Ó Máille ina leabhar nua, Smacht.
San eagrán seo bhíomar ag caint le Pádraic Ó Máille faoin leabhar nua aige, agus bhí Domhnall agus Greg Ó Braonáin linn chun léargas a thabhairt dúinn ar an traidisiún éagsúil atá acu mar theaghlach.
Ar an gclár seo bhí Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann ag labhairt linn faoi léacht a thug an Dr Katriona O'Sullivan san ollscoil an tseachtain seo caite agus eile! Chomh maith leis sin cloisfimid cuid den chéad díospóireacht poiblí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a reachtáladh le gairid agus ar roinneadh taifead leis i rith na míosa.
Léiritheoir agus láithreoir Kevin Magee ag caint linn faoi eagrán nua de 'Iniúcadh' le TG4 ar Éire Aontaithe. Á chraoladh ag 21:30, 29 Bealtaine ar TG4.
Le hoscailt Leabharlann agus Seomra Thaispeántais Garech de Brún i dTeach Farmleigh, d'inis Liam Ó Coilbáird ón OPW dúinn faoin oidhreacht aonarach ata fágtha ag an bpátrún agus bailitheoir.
I mBéal an Phobail

I mBéal an Phobail

2024-05-2827:30

Agallamh le Mick Barrett faoi an suíomh Gaeilge le hailt ar féidir linn a léamh agus éisteacht leo ag an am céanna. Nuacht le ExtraG.ie agus nathanna cainte.
Tunefest 2024

Tunefest 2024

2024-05-2808:14

Labhair Sarah O’Gorman linn faoin bhféile a bhéas ar siúil i nDún Garbhán go gairid.
Bhíomar ag caint le Bláthnaid Ní Chofaigh faoin ócáid agus faoi sraith chláracha atá á cheiliúradh.
San eagrán seo bhíomar ag caint le Bláthnaid Ní Chofaigh faoi cheilúradh céad bliain Sráid Uí Chonaill. Chuir Sarah O’Gorman muid ar an eolas mar gheall ar Tunefest. Agus bhí Liam Ó Colbáird sa stuideo linn chun insint dúinn faoi oidhreacht Garech de Brún.
An Teachta Dála Bríd Smith ó Pobal Seachas Brabús ag caint linn faoi cursaí neodrachais, inimirce agus tithíochta agus í ag iarraidh suíocháin a fháil i bParlaimint na hEorpa.
Insíonn Eve Belle dúinn faoi bheith ag ceol le Pat Shortt agus Mike Hanrahan sa sraith RTÉ.
Emma Ní Choisdealbha ar a taithí mar aisteoir nua i Ros na Rún, Eve Belle ar bheith ag ceol sa sraith RTÉ Songs of Ireland, Cian Mac Cárthaigh ar singil nua IMLÉ 'Sláinte'.
Fógraíodh an ghearr liosta do Dhuais litríochta Michel Déon 2024 ar an Luain. Labhraíomar le ceann dos na mbreithimh, an t-Ollamh Máire Ní Mhaonaigh.
Féile na Déise

Féile na Déise

2024-05-2408:47

Insíonn Bróna Coleman dúinn faoin bhféile spleodrach ceol agus cultúr traidisiúnta atá faoi lán seol anois.
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store