DiscoverScéalta
Scéalta
Claim Ownership

Scéalta

Author: RTÉ Kids

Subscribed: 10Played: 44
Share

Description

SCÉALTA is a magical series of Irish language stories from some of Ireland's finest writers and performers. Each episode of SCÉALTA transports listeners off on a brand new audio adventure. // Is sraith dhraíochtúil scéalta Gaeilge í SCÉALTA atá scríofa agus curtha i láthair ag roinnt de na scríbhneoirí agus na taibheoirí is fearr in Éirinn. I ngach eagrán de SCÉALTA, tógtar an lucht éisteachta ar aistear fuaime úrnua.
6 Episodes
Reverse
An Phollóg Feasa

An Phollóg Feasa

2023-03-1010:31

Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith a bhradán feasa féin?
An Beithíoch Dearg

An Beithíoch Dearg

2023-03-1011:44

Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann “an t-arracht”, an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol.
An Chathair Mhór

An Chathair Mhór

2023-03-1010:29

D’fhág Caoimhe a baile chun a haisling a fhíorú sa chathair mhór. Ach nuair a bhíonn drochthaithí aici ar shráideanna na cathrach, athraíonn a meon agus déanann sí iarracht a bheith níos scanrúla chun í féin a chosaint. An bhfaighidh cairdeas an lámh in uachtar ar uaigneas?
Tá Fionn ag streachailt lena cheachtanna pianó agus a bheirt thuismitheoir ina gceoltóirí. An mbriseann an dúchas i gcónaí? B’fhéidir nach bhfuil sé ag féachaint san áit cheart. Nuair a fheiceann sé bean an bhodhráin ag barr na haille, téann sé ar aistear ceoil nua.
Eascann an Easa

Eascann an Easa

2023-03-1011:28

Gach bliain, ní mór d’eascann an easa dul timpeall toibreacha leighis na habhann chun iad a ghlanadh, díreach mar a rinne a athair roimhe. An uair seo, áfach, nuair a dhúisíonn sé tar éis lá oibre ollmhór, tá sé tinn. An bhfuil ainmhithe an dá chos tar éis é a thréigean?
Fáilte go Scéalta

Fáilte go Scéalta

2023-03-0300:30

Tar ar thuras samhlaíochta leis an tsraith nua dhraíochtúil seo Scéalta!