DiscoverSeachtain
Seachtain
Claim Ownership

Seachtain

Author: Irish Independent

Subscribed: 12Played: 105
Share

Description

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
25 Episodes
Reverse
Chaith Eamonn Mallie breis agus caoga bliain ag obair mar iriseoir. Ina leabhar úr, ‘Eyewitness to War and Peace’, pléann sé na heachtraí a d’athraigh an pholaitíocht ó thuaidh. Labhraíonn sé le Ciarán Dunbar faoin tréimhse fhoréigneach sin agus faoi na mórscéalta a bhris sé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scaoileadh Molly Martens agus Tom Martens saor ón bpríosún sna Stáit Aontaithe le déanaí. Ciontaíodh iad as dúnorgain Jason Corbett, fear as Luimneach. Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin leis an scéal seo a thabhairt chun solais. Láithreoir: Ciarán Dunbar Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin Foclóir: seirbhísí éigeandála - emergency services na cúisithe - the accused triail - trial príosún - prison atriail - retrial dúnorgain - manslaughter admhaigh - admit féinchosaint - self-defence torann - noise tacht - strangle fianaise - evidence feighlí - caretaker geallta - engaged cumhach - homesick de ghlanmheabhair - off by heart See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an comhaireamh fós ag leanúint ar aghaidh. Cinneadh mór le déanamh ag Simon Harris théis teip Shinn Féin. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Conchúr Ó Faoláin faoin scéal is déanaí óna hionaid chomhairimh. Láithreoir: Ciarán Dunbar Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin Foclóir: Comhaireamh - counting Toghchán - election Leigheas – heal Dul chun cinn - advancement Cáineadh - criticism Easpa - lack Todhchaí - future Baol - risk Seasamh - standing Tacaíocht - support Neamhspleách - independent Feachtas - campaign Ginmhilleadh - abortion Olltoghchán - general election See omnystudio.com/listener for privacy information.
Rinne an Dr Fangzhe Qiu, agus a bhean chéile, iarracht a shaoránacht a bhaint amach sa tír seo trí Ghaeilge – ach bhí an-deacrachtaí acu. Thuig an Dr Qiu agus a bhean chéile go láithreach go mbeadh sé dúshlánach an sprioc seo a bhaint amach. Céard go díreach a tharla? Labhraíonn an Dr Qiu le Ciarán Dunbar faoina haistear teanga agus faoin saol atá aige in Éirinn le fiche bliain anuas. Láithreoir: Ciarán Dunbar Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin Foclóir: Dícheall - Best endeavour. Mionlach - minority an Ísiltír - the Netherlands Dochtúireacht - Doctorate an Pholainn - Poland Dúchais - Native Éagsúlacht - Diversity Saoránacht - Citizenship Conspóid - Controversy Intinn oscailte – open-minded Imirce - Migration Spaisteoireacht - Meandering Caipitlíoch - Capitalist Léargas - Insight Saineolaí- Expert Faoin tuath - Countryside See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cá mbeimis gan CLG agus cluichí Gaelacha? An CLG ar an bhfód le 150 bliain agus in éineacht leis tá an LGFA – peil na mban - atá 50 bliain ar an saol anois. On this episode of Seachtain - le Ciarán Dunbar tá Paul Rouse, Ollamh in UCD a dhíríonn isteach ar an stair spóirt - agus Hayley Kilgallon, mic léinn PhD ar an LGFA. Foclóir: Foinse - source Iomáint - hurling Deighilt – split Caid: Another name for Gaelic football, usually referring to pre-codified varieties in the south west of Ireland Bunchloch – foundation Nua-aoiseach - modern Oidhreacht – heritage Rogha – choice Ionannas - equality See omnystudio.com/listener for privacy information.
Gráinne Ní Aodha and Conchúr Ó Faoláin join Ciarán Dunbar with their take on the European Election in Dublin. Tá 23 iarrthóir ag seasamh i dtoghcheantar na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Tá ceithre shuíochán le líonadh agus tá triúr den cheathrar atá ann anois ag seasamh arís. Cé hiad na hiarrthóirí seo, cad é na hábhair is mó atá tábhachtach do vótálaithe na príomhchathrach agus cad atá na pobalbhreitheanna ag cur in iúl dúinn? Léirithe ag Róisín Ní Mhaoláin agus Tessa Fleming Some words you may find useful: Feachtasaíocht - campaigning Ag filleadh - returning Ardnósach - snobby Suntasach - considerable Tithíocht - housing Daonlathach - democratic Díospóireachtaí - debates Reachtaíocht - legislation Toghcheantar - constituency Míchruinn - inaccurate Smaointeoireacht - thinking an Úcráin - Ukraine Liobrálach - liberal Eite dheas – right wingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Foclóir: Toghcheantar - constituency Canbhás - canvas Bruachbhaile - suburb Inimirce – immigration Stocaireacht - lobbying Iarrthóir - candidate Tithíocht - housing Fealsúnacht - philosophy Bileoga - leaflets Buille faoi thuairim - guess Go rialta - regularly Fear gnó - business man Ionadaíocht - representation Conspóideach - controversial Neamhspleách - independent Deighilt - divisionSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig sé chun solais go raibh an PSNI ag déanamh monatóireacht ar thaifid ghutháin iriseoirí ar leith ó Thuaidh. Iriseoirí a bhí ag tógáil achrainn faoin fhórsa – de réir an fhórsa féin. Tá Ceardchumann na n-Iriseoirí, dlíodóirí agus anois – Amnesty International ag éileamh go mbeadh fiosrúchán ann maidir leis an PSNI a bheith ag déanamh faireachais ar iriseoirí. Labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming. Foclóir: Fórsaí slándála - security forces Spiaireadóireacht - spying Claonpháirteachas - Collusion Faireachas – surveillance Ag éileamh – demanding Ceardchumann – trade union Lámh in uachtar – the upper hand Cinsireacht – censorship Ball – member Dlíodóirí - lawyers Conspóideach - controversial Iachall a chur ar – to force See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar an 17ú Bealtaine 1974, réab trí phléascadh ollmhóra trí chroílár Bhaile Átha Cliath agus phléasc buama eile taobh amuigh de theach tábhairne i mBaile Mhuineacháin. 50 bliana ar aghaidh, labhraíonn Caoimhín Ó Lochlainn faoi na cuimhní atá aige faoina mháthair agus an troid ar son na fírinne. Foclóir: Réab - erupt Pléascán - blast Rabhadh - warning Go sonrach – in detail Eachtra - incident Sochraid - funeral Troscán - furniture Spiorad – spirit Coitianta - common Aird – attention Fiosrúchán - investigation Easpa – a lack of Feachtas – campaign Níos leithne - wider Níos doimhne – deeper Comóradh - commoration See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá suíomh nua Gaeilge lonnaithe sa Rúis ach tá amhras ann gur iarracht lag ar bholscaireacht atá ann. Tá ‘An Rúis Inniu’ ar fáil ar an suíomh ‘Pravda-IE'’. Ach an féidir linn na scéalta atá á phlé a chreidiúint? Céard go díreach é an mífháisnéis? Ar cheart dúinn imní a bheith orainn anseo in Éirinn nó an é gur chóir léamh faoi dhearcadh na Rúise? Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Cathal Mac Coille agus Emmet Ryan Foclóir: Bréagfháisnéis - false information Bolscaireacht – propaganda Infheistíocht - investment Cinsireacht – censorship Slógadh - mobilization Doléite - illegible Paindéim - pandemic Dallamullóg - deception Dochar – harm Contráilte - incorrect Beochraoladh – live transmission Intleachtúil - intellectual Eagarthóir - editor Barraíocht - excess Seafóideach - farcical Ráflaí - rumours Mionlach – minority See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá teannas polaitiúil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe arís is é inimirce is cúis leis. Maíonn rialtas na hÉireann go bhfuil an-chuid iarrthóirí tearmainn ag teacht isteach thar an teorainn agus go bhfuil an ceart ag Éirinn iad a chur ar ais arís. Tá an RA ag rá nach nglacfaidh siad leo agus gur fianaise é seo go bhfuil ‘Scéim Ruanda’ ag feidhmiú go maith. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Ursula Ní Shabhaois agus Amy Ní Riada Foclóir: Mídhleathach - illegal Ag lorg tearmann – seeking asylum Teifigh – refugees Dídeanaí - refugees Bagairt - threat Díspreagadh - deter Inimirce - immigration Dodhéanta - impossible Ualach - burden céasadh intinne – mental torture Deachtóir - dictator Daonlathach – democratic Is leochailí - most vulnerable An Chúirt Uachtarach - Supreme Court Cinedhíothú - Genocide Treibheanna - TribesSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Cúisíodh Lucy Letby i 2023 as seachtar leanbh a rugadh roimh am a dhúnmharú agus as iarrachtaí a dhéanamh seisear eile a mharú. Tharla na hionsaithe idir 2015 agus 2016. Tá Letby os comhair na cúirte agus í ag iarraidh achomhairc. Labhair Seachtain leis an iriseoir Emer Moreau faoin chás. Foclóir: Comharthaí – signs Aonad – unit Dé réir cosúlachtaí – by all appearances Ag dul amú – going wrong Láithreach – immediately Leathchúpla – one twin Athshlánú – resuscitate Nimhiú – poisoning Cárta comhbhróin – sympathy card Gan rabhadh – without warning Coireanna uafásacha – horrible crimes Gabh na póilíní uirthi – the police arrested her Imscrúdú – investigation See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig Sir Jeffrey Donaldson agus a bhean an Bhantiarna Eleanor Donaldson os comhair Cúirt Dúiche an Iúir Dé Céadaoin. Labhair Seachtain le Liam Tunney, iriseoir leis an Belfast Telegraph, a bhí i láthair sa chúirt ar maidin. Foclóir: Cúiseamh - charge gníomh ró-mhígheanasach – gross indecency ionsaithe mhígheanasacha - indecent assault íospartaigh líomhnaithe – alleged victim Gearánach - complainant Éigniú - rape Líomhnaítear – it is alleged Toiligh – consent Meargánta - reckless See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir aos óg na nGaeltachtaí go bhfuil siad á mbrú amach as na ceantair inár tógadh iad. De réir an ghrúpa feachtasaíochta BÁNÚ ní féidir le daoine óga teach a cheannach, teach a fháil ar cíos nó teach a thógáil mar gheall ar an easpa soláthar. Labhair Seachtain le Maitiú de Hál faoi na fadhbanna, na réitigh agus an tionchar ar mhuintir na háite. Host: Ciaran Dunbar Guest: Maitiú de Hál Foclóir: A chur ina luí - explain to people Ceap milleáin - scapegoat Sain-riachtanais – specific needs De hachmainn – within their resources Fíor shrianta – very restricted Seachadadh – delivery Sólathar - supply tithíocht inacmhainne – affordable housing A threisiú - to stengthen Dréacht treoirlínte - draft guidelines Séarachas - sewage Rialaithe – Governing Sáite - immersed in Ní raibh an dara rogha aici – she didn’t have a another choice Práinn - urgency See omnystudio.com/listener for privacy information.
Former DUP leader due to appear before Newry Magistrates' Court on a raft of sex crime charges - séanann sé go láidir na líomhaintí seo. Cad é atá ar eolas againn faoin chás go dtí seo? Cad iad na cúisimh atá curtha i leith Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile? Láithreoir: Tessa Fleming. Tuairisceoir: Ciarán Dunbar Cúisimh - charges Liomháintí ghnéis - sexual allegations Anaithnideacht – anonymity Íospartach líomhnaithe - alleged victim Cúirt Chorónach - Crown Court Leid – inkling Ní mór do – It's necessary Séanann sé - he denies Sa gearr-thréimhse - in the short term Coinníollacha bannaí - bail conditions Curtha ar fionraí - suspended Feisire – Member of Parliament Cosc - ban Imscrúdú - investigation Ní bheadh sé ar a leas aige – It wouldn’t be to his advantage Ag saothrú - earning Inaitheanta - recognisable Oireann sé – it suits See omnystudio.com/listener for privacy information.
"Chuir siad fríd rud nár cheart dom a dul tríd.” Tá leithscéal gafa ag aerfort Bhaile Átha Cliath le húdar clúiteach Gaeilge as eachtra a thit amach ina raibh uirthi a próistéis brollaigh a thaispeáint go poiblí. Labhair Seachtain le Realtán faoin eachtra seo, faoina turas ailse agus faoina cuid scríbhneoireachta. Foclóir: Cnapáin - lumps A ceannsú - tame A dhíbirt - banish Cóir leighis – medical treatment Ar lár - missing Cíoch - breast Meáchan - weight Leacht – fluid Broin – womb Scanóirí - scanners Cíochbheart - bra Gan dua – without difficulty I lár an aonaigh - in the middle See omnystudio.com/listener for privacy information.
Anois go bhfuil Simon Harris tofa mar Thaoiseach, d’fhógair sé go bhfuil sé i gceist aige freastal ar ranganna Gaeilge. Dúirt sé nach bhfuil mórán Gaeilge aige agus gur chóir dúinn níos mó a dhéanamh sa tír seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach an bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an Taoiseach? Labhraíonn Seachtain leis an Ollamh dlí Seán Ó Conaill ar an cheist. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cúisíodh Sir Jeffery Donaldson as líomhaintí gnéis stairiúla. Tá sé ráite ag Donaldson go séanfaidh sé na cúiseanna, ach tá na himpleachtaí le mothú sa chóras polaitíochta. Labhraíonn Tessa Fleming leis an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir. Foclóir: Líomhaintí gnéis - allegations of abuse Cúis - to charge Cathanna - battles Aniar aduaidh – to come out of nowhere I mbarr a réime - at the top of his game Creatlach Windsor – Windsor Framework Feisire Parlaiminte – Member of Parliament A mheáigh - to estimate Cigilteach – thorny or delicate Tráth den saol – was once/once upon a time Is aitheanta – most recognised Rabhadh – warning Cuireadh ar fionraí é - He was suspended Ciontach - guilty Neamhchiontach – not guilty See omnystudio.com/listener for privacy information.
Go dtí seo tá 11 Teachta Dála de chuid Fhine Gael ina dhiaidh a rá nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile. An bhfeicfear níos mó acu ag éirí as? Labhraíonn Ciarán Dunbar le Fionnán Sheahan agus le Fergus O’Dowd TD. See omnystudio.com/listener for privacy information.
De réir na Náisiúin Aontaithe (UN), tá baol ann go bhfuil na mílte duine chun bás a fháil mar gheall ar ghorta in Gaza. Tá brú ag teacht ar na Stáit Aontaithe chun iachall a chur ar Iosrael glacadh le sos cogaidh. Labhair Ciarán Dunbar le Gearóid Ó Muilleoir agus le hAngus Lambkin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
loading
Comments