Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal. Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí. Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025. Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh. Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks’ atá aici féin don bhliain seo. Foclóir: Mórshiúl: March Gan teorann: Unrestricted Impleachta: Implications Trasteorann: Cross-border Gruama: Bleak Réabhlóideach: Revolutionary Malartú: Exchange or swap Gearchéim tithíochta - housing crisis Uafás: Horror Teanga oibre: Working language Míthuiscint: Misunderstanding Insealbhaithe: Inducted Neamhaird: Disregard Infheicthe: Visible Cúisithe: Accused Sceimhlitheoireacht: Terrorism See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil. Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu. Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí? Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Comhluadar: Companionship Lánúineacha: Couples Daonáireamh: Census Slat tomhais: A measuring-rod LPT: Limistéar Pleanála Teanga Abhainn: River Mórtas: Pride Seasmhach: Stable/Consistant Céatadán: Percentage Iniúchadh: Examination Rangú: Categorisation See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge. Ach, leis na focail ‘weaponise’ agus ‘divisive’ in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua? Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh den scoilt teangeolaíochta ó thuaidh? Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Pól Deeds Foclóir: • Corraitheach: Tumultuous • Cúinsí: Circumstances • Cailís nimhe: Poisoned chalice • Leas-phríomhfheidhmeannach: Deputy Chief Executive • Sainchuntas: Specification • Craiceann thiubh: Thick skin • Cearrbhachas: Gambling • Riar: Administer • Athmhuintearas: Bridge-building • An dá thrá a fhreastal: To do two things at the same time • An pobal P.A.D: Protastúnach, Aontachtach, Dílseach • Naimhdeas: Animosity • Baol: Danger • Gaol: Relationship • Dea-chleachtas: Best practice • Reachtaíocht: Legislation • Linn: Pool • Díomhaoin: Idle • Aiseanna: Resources • Ceardlann: Workshop • Fealsúnacht: Philosophy • I dtaca le: RegardingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe. I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici. Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua. Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as an dúnmharú, agus tá 24 bliana caite aige sa phriosún as Siobhan a mharú agus a éigniú. Shéan sé gach cúis ón tús agus anois tá sé ag éileamh ath-thástáil nua ar an bhfianaise a chualathas sa chás. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Ionsaí: Attack Éigniú: Rape Lá arna mhárach: The next day Fíochmhar: Vicious Tacht: Choke Báigh: Drown Fianaise: Evidence Slabhra: Chain Éadach: Clothing Snáithíní: Fibres Caomhnaithe: Preserved Machnamh: Deliberation Maígh: Claim or allege Athbhreithniú: Review Appeal: Achomharc Saineolaí: Expert An Chúirt Achomhairc: The Court of Appeal Ag séanadh: Denying Ath-thástáil: Retest Is iomaí: Many See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tríocha bliain ó shin, tharla rud nár tharla riamh roimhe. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton - an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan - cuairt ar Thuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh. Ar lá stairiúil i 1995, le linn shos cogaidh an IRA nuair a leagadh síos na gunnaí agus na buamaí, sheas Clinton os comhair na mílte i nDoire agus labhair sé faoin tsíocháin. Ach cad chuige go raibh daoine ina éadan? Agus cén tionchar a bhí ag an chuairt ar an choimhlint? Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir polaitíochta John Downing. Foclóir: Toscaire: Envoy Barántas: Guarantee Seal: Stint Báúil Sympathetic Cáineadh: Criticism A seacht ndícheall: Did their best Do ladar a chur isteach: To interfere Cnámh spairne: Bone of contention Eisceachtúil: Exceptional Tagairt: Reference Ardú meanman: Raise one’s spirits Buan: Permanent Drogall: Hesitation Sos cogaidh: CeasefireSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge? Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail Foclóir: Tionchairí: Influencers Ionadaíocht: Representation Folláin: Healthy Idirdhealú: Differentiation Leas a bhaint as: To make good use of Gairmiúl: Professional Borradh: Boom or growth I mbolgán: In a bubble Meall: Attract Imeallú: Marginalisation Fuinneamh: Energy Fotheidil: Subtitles Cos ar bolg: Repress Feiceálach: Visible Tearman: Sanctuary Figh: Weave Éascú: Facilitate See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh. Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad. Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear. Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin Foclóir: Feall: Betray Dallamullóg: Decieve I sáinn: In a fix or jam Faoi amhras: Under suspicion Mílaoise: Millenium Flaithiúil: Generous Cothromaíocht: Balance Craobh na hÉireann: All Ireland Championship Lánúin: Couple Iasacht: Borrow or lend Scaradh: Breakup Ailse: cancer Cóir leighis: Medical treatment Tuiscint: Understanding Macánta: Honest See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao’, grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo’ atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seachtain, téann Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte leis an dá ghrúpa atá ag iarraidh an ollfhís seo a chur i gcrích. See omnystudio.com/listener for privacy information.
De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? Foclóir: Laigí: Weaknesses Dall: Blind Líne eagarthóireachta: Editorial line Ábhartha: Relevant Aontachtaithe: Unionists Slat tomhais: Measuring stick Sciar: Proportion Fáinne fí: Vicious circle Idirdhealú: Distinction Maígh: Imply Múnla: Model Forlíonadh: Supplement Naimhdeas: Animosity Áiseanna: Resources Ionchur: Input Claonadh: Inclination or bias Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.
Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins. Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh agus nár oibrigh. Foclóir: Mianta: Wishes Pobalbhreith: Poll Farasbarr: Advantage/Surplus Líomhaintí: Allegations Níos seirbhe: More bitter Goilliúnach: Cutting Cáineadh: Criticise Leas: Benefit Báúil: Sympathetic Feachtas: Campaign Vótaí millte: Spoiled votes Baol: Threat/Danger Is cuma sa tsioc: To not give a damn Easnamh: Inadequacy Abhchóide: Barrister Círéibí: Riots I gcoitinne: In general See omnystudio.com/listener for privacy information.
Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír. Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de. Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír? Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Tréigeadh: Abandoned Bánaigh: To devastate or to abandon In éag: Die out Buan:Permanent Sceirdiúil: Windswept or bleak Creagach: Rocky Go tréan: Strongly Ceann tuí: Thatched roof An mhórthír/an tír mhór: The mainland Fiáin: Wild/untamed Tearmann: Sanctuary Faire ar éin: Birdwatching Bradán: Salmon Portán: Crab Móin: Turf Breosla: Fuel Céibheanna: Quays Glórach: Loud Bád farantóireachta: Ferry Traonach: Corncrake An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will Uathúil: Unique Aighneas: DisagreementSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic. Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh. Foclóir: Foilsitheoir: Publisher Ádh: Luck Meabhair: Mind Damháin alla: Spiders Lámh in uachtar: Dominate Éirigh as: Quit Seachaint: Avoid Fonn: Melody Cíos: Rent Dátheangach: Bilingual Aithris: Recitation Taifeadtaí: Recordings Scéalaíocht: Storytelling Saothar: Work or writings Léacht: Lecture Clairseach: Harp Seanchas: Folklore Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon’. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.
50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann. Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún. Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin. Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht. Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann. Foclóir: Fuadaigh: Kidnap Léigear: Siege Géill: Yield Níos críonna: More shrewd Tionscol: Industry Gabh: Capture Ar éigean: Scarcely Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate Bá: Affinity Báúil: Friendly Ar teitheadh: Fleeing Páirtí: Partner Neamhghnách: Unusual Oilte: Proficient or trained Ficheall: Chess – fi - hill Aigne: Mind Níos boige: Softer Diúl: Suck - dule Eisceachtúil: Exceptional Leannáin: Lovers See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos. I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor Máguaird: Environs Cúiseamh: Charge Neamhchiontach: Innocent Cinneadh: Decision Cloí: Abide by Trídhathach: Tricolour Slad: Plunder Míchuí: Inappropriate Cosc: Ban Camchuairt: TourSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta, spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo. Foclóir: Toghcheantar: Constituency Dul ar scor: Retire Deimhnithe: Confirmed Siar is aniar: Back and forth Comhbhá: Empathy or kinship Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates Comhairle áitiúla: Local authority Ainmniúchán: Nomination Tairseach: Threshold Rathúil: Successful Luachanna: Values A mhalairt: The opposite Droch-tháithí: Bad experience Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn’t mince her words Maitheas: Good or benefit As an ghnáth: Out of the ordinary Seicteachas: Sectarianism See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo? Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming. Foclóir: • Éileamh: Demand • Fiúntas: Merit or value • Aird: Attention • Gríosaigh: Incite • Meastachán: Estimation • A neartú: To strengthen • Feiceáileach: Visible • Cuí: Proper • Feirsteach: Someone from Belfast • Bratach: Flag • Tapaigh: To seize or grasp • Díolúintí: Exemptions • Breatnaise: Welsh • A dhath: Diddly-squat or nothing • Tithe folmha: Vacant homes • Maram: I suppose • Cáinaisnéis: Budget See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach. Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide Foclóir: Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager Reachtaíocht: Legislation Cuí: Proper Scagadh: Sifting through or vetting Ag dul chun sráide: Taking to the streets Bagairt: Threat Ag gníomhú: Taking action Cothromaíocht: Balance A mheá: To weigh up Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current Maoiniú: Funding Lom: Bare or naked Caiteachas: Spending Ar bhonn rialta: On a regular basis Dúbailt Doubling Sprioc: Aim or goal Rochtain: Access Eiseamláir: Role model Uaillmhianach: Ambitious See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord. Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza. Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine. Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist. Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. Foclóir: Eachtra: Incident Cinedhíothú: Genocide Ionsaí: Attack Rogha: Choice An Túinéis: Tunisia Toradh: Result Ag taobhú: Siding with Ceachtanna: Lessons Sonraí: Details Éalú: Escape Siombalachas: Symbolism Daonna: Humane See omnystudio.com/listener for privacy information.
Rory O' Connor
Podchraoladh maith!