DiscoverTús Áite
Claim Ownership
4994 Episodes
Reverse
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona); Brenda Ní Shúilleabháin; Séin Ó Muineacháin (Iarrthóir Olltoghchán do Fianna Fáil i mBÁC Thiar Meán); Eoghan Ó Ceannabháin (Iarrthóir Olltoghchán le Pobal Seachas Brabús i mBÁC Lár); Rob Ó Conchúir
Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, ar maidin nach rachadh sé i mbun comhrialtais le Aontú tar éis an olltoghcháin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá barántais gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúl Idirnáisiúnta i gcóir Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu, an tIar Aire Cosanta Yoav Gallant agus an ceannaire de chuid Hamas Mohammed Deif, cé go bhfuil amhras an bhfuil Deif fós beo. Labhair Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona linn faoi seo.
Bhí Brenda Ní Shúilleabhán linn inniu ar Mír na Meán agus í ag plé Hector Carribean; leathanach Gaeilge san Echo agus alt a scríobh Ciaran Dunbar i Seachtain.
Séin Ó Muineacháin, Iarrthóir Olltoghchán do Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Meán agus Eoghan Ó Ceannabháin Iarrthóir Olltoghchán le Pobal Seachas Brabús i mBaile Átha Cliath Lár linn i mbun díospóireachta faoin Neodrachas.
Rob Ó Conchúir a bhí linn inniu ar Mír na Meán Áitiúil agus scéalta aige ón Kerryman, Galway Beo agus Wexford People.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Ferdia McCrann (Oifigeach Méitéarolaíochta Sinsearach le Met Éireann); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Ciaran Dunbar
Cuan Ó Seireadáín, Eagraí Polaitíochta RnaG ag plé scéalta polaitiúla móra an lae.
Ferdia McCrann, Oifigeach Méitéarolaíochta Sinsearach le Met Éireann linn agus é ag plé an rabhadh aimsire atá ann don oíche agus don tseachtain
Chuaigh toscaireacht ó Ghaelcholáiste Reachrann chuig an Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath inniu chun achainí a chur faoi bhráid an t-Aire Norma Foley, ag éileamh foirgneamh buan.
Cén fáth go bhfuil Éire ag fógairt farasbarr? Is linne an gnó sin ar fad! Sin a dúirt Howard Lutnick atá roghnaithe ag Donald Trump le bheith mar an chéad Rúnaí Tráchtála eile tamall ó shin. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir.
Ag plé an cholún a bhí aige inniu i Seachtain ina bhfuil rudaí spéisiula le rá aige faoi iriseoireacht na Gaeilge.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Seanán Ó Coistín (Iarrthóir Neamhspléach san Olltoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán); John Mac Gabhann (Ard Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann); Dr. Diarmuid Ó Cofaigh (Dochtúir Teaghlaigh sa Nua Shéalainn); Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times); Una Ní Bhroiméil (Údar agus Staraí)
Bhí liosta fada moltaí i measc na polasaithe Gaeilge agus Gaeltachta a foilsíodh i bhforógra olltoghcháin Shinn Féin a seoladh ar maidin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae inniu.
Bhí Seanán Ó Coistín, Iarrthóir Neamhspléach san Olltoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán linn agus é ag plé cén fáth go bhfuil sé ag seasamh san olltoghchán i mbliana.
Mhaígh an TUI agus an ASTI gur ghlac breis agus 30,000 múinteoir páirt in agóid lasmuigh de scoileanna ag am lóin inniu agus iad ag éileamh go gcuirfí ar athló athruithe don Ardteist. Phléamar an scéal seo le John Mac Gabhann, Ard Rúnaí Cúnta le Aontas Múinteoirí Éireann.
Ghlac breis agus 40,000 duine páirt in agóid lasmuigh de Pharlaimint na Nua Shéalainne i gcoinne bille a chreideann an lucht agóid a chuirfidh isteach ar chearta an pobal Maori. Phléamar an scéal seo leis an Dochtúir Teaghlaigh sa Nua Shéalainn, Diarmuid Ó Cogaigh.
Alan Titley, Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Una Ní Bhroiméil, Údar, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu.
Liam Mac Amhlaigh (Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad); Mícheál Ó Cinnéide (Iar Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta)
Tá cead tugtha ag Biden do diúracáin fad-raonacha don Úcráin. Phléamar seo leis an bpainéal.
Comments
Top Podcasts
The Best New Comedy Podcast Right Now – June 2024The Best News Podcast Right Now – June 2024The Best New Business Podcast Right Now – June 2024The Best New Sports Podcast Right Now – June 2024The Best New True Crime Podcast Right Now – June 2024The Best New Joe Rogan Experience Podcast Right Now – June 20The Best New Dan Bongino Show Podcast Right Now – June 20The Best New Mark Levin Podcast – June 2024
United States