Discover
Tús Áite

Tús Áite
Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta
Subscribed: 20Played: 1,859Subscribe
Share
© 2025 RTÉ Raidió na Gaeltachta
Description
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
543 Episodes
Reverse
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach mbeidh reifreann teorann ann roimh 2030 agus cháin sé an bhéim, atá á leagan ag Sinn Féin ar an gceist i dtoghchán na huachtarantachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Donald Trump ag bualadh le Príomh Aire Iosraeil Benjamin Netanyahu sa Teach Bán faoi láthair. Tá Donald Trump ag iarraidh go nglacfaí lena phlean síochána 21 pointe do Gaza.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil sé ciallmhar córas a bhunú a thabharfadh airgead d’iarrthóirí tearmainn chun filleadh abhaile, má cheapann siad nach n-éireoidh lena n-iarratas.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh na triúr iarrthóirí don uachtaránacht páirteach sa chéad díospóireacht teilifíse den fheachtas anocht ar Virgin Media.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pádraig Mac Brádaigh, Leas Uachtaráin don Ghaeilge (Aontas na Mac Léinn in Éirinn); Amano Miura (Ceoltóir agus scéalaí); Enda Hardiman (Innealtóir agus Fear Gnó); Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá); Michelle Nic Grianna (Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta); Ciaran Dunbar (Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Alan Dukes (Iar Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in Éireann)See omnystudio.com/listener for privacy information.
I gcúirt i Londain inniu, caitheadh amach an cás sceimhlitheoireachta a bhí tugtha ag póilíní Shasana in aghaidh ball den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste, Liam Óg Ó hAnnaidh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag an Tráchtaire Polaitíochta, Áine Ní Chiaráin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra na seachtaine á phlé ag Ciaran Dunbar, Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Alan Dukes, Iar Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in ÉireannSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Benjamin Netanyahu os comhair Comhdháil Ginearalta na Náisiún Aontaithe. Labhair Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá linn faoin méid seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Sinn Féin ag eileamh ar an gCeann Comhairle dul siar ar a cinneadh gan díospóireacht a cheadú faoin ionsaí ar cabhlachán Sumud atá ag taisteal go Gaza le cúnamh daonnachtúl. Labhair Donnacha Ó Laoghaire TD Shinn Féin agus Urlabharaí Gnóthaí Eachtracha an Pháirtí linn faoi seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla le Rob Ó ConchúirSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Nadia Dobrianska (Tráchtaire agus iar-oibrí cearta daonna); Naoise Dolan (Ball chabhlachán Sumud); Rob Ó Conchúir; Donnachadha Ó Laoghaire (TD Sinn Féin i gCorcaigh Theas-Lár agus urlabharaí Gnóthaí Eachtracha an Pháirtí)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maíodh inniu go bhfuil fáisnéis iontaofa ann go bhfuil rún ag Iosrael ionsaithe ar an gCabhlachán Sumud go Gaza a threisiú sa chéad 48 uair an chloig eile. Labhair muid le Naoise Dolan, Scríbhneoir agus ball den fhoireann báidSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, nárbh í a aidhm é seasamh i gcóir dara téarma oifige tar éis deireadh an chogaidh. Labhair Nadia Dobrianska, Tráchtaire agus iar-oibrí cearta daonna linn faoin scéal seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag tabhairt tuairimí ar an Laoch agus a oidhreacht bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin, an stairí, Aindrias Ó Cathasaigh agus Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cuan Ó Seireadáin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tuairisc ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc ón gcuairt a thug Fachtna Ó Drisceoil i rith an tSamhraidh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Regina Uí Chollatáin (Ollamh Sinsireach agus Cathaoir na Nua-Ghaeilge, UCD); Aindrias Ó Cathasaigh (Staraí agus Údar shaothar éagsúla fén Éirí Amach); Micheál Mac Donnacha (Comhairleoir le Sinn Féin ar Comhairle Cathrach Átha Cliath); Pól Ó Meadhra (Múinteoir, gníomhaí Ghaelphobal Thamhlachta)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Comhairleoir Chathrach BÁC Sinn Féin, Micheál Mac Donnchadha agus Pól Ó Meadhra, saor iriseoir le Gript agus ball Pobal na Gaeilge ag plé oidhreacht pholaitiúil an Phiarsaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.