DiscoverTús Áite
Tús Áite
Claim Ownership

Tús Áite

Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Subscribed: 20Played: 1,903
Share

Description

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
697 Episodes
Reverse
Labhair Alice Doyle, Cathaoirleach Cumann Feirmeoirí na hÉireann linn faoi ráig Fliú na nÉan in Éireann faoi láthair.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
I gcuan Dhún Laoghaire inniu, áit a bhfuil leapacha á dtabhairt do 18,000 oisrí a baineadh amach ó chósta Chiarraí, 200 bliain ó d'imigh siad in éag cois chuain Bhleá Cliath - phléamar an scéal seo le Mark De Faoite, Cathaoirleach Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teoranta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Mark de Faoite (Cathaoirleach Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teoranta); Alice Doyle (Cathaoirleach Cumann Feirmeoirí na hÉireann); Seán Ó hArgáin (Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Channaigh, Iar-Príomhoide Ghaelscoil Osraí Chill Channaigh agus Iar-Uachtarán Gaeloideachais); Niamh Uí Bhriain (Colúnaí le Gript); Rob Ó ConchúirSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra na seachtaine á phlé ag Seán Ó hArgáin, Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Channaigh, Iar-Príomhoide Ghaelscoil Osraí Chill Channaigh agus Iar-Uachtarán Gaeloideachais & Niamh Uí Bhriain, Colúnaí le Gript.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Sean Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta lonnaithe i Nua Eabhrac); Caoimhín Ó Cadhla (Riarthóir An Páipéar); Eimear McGovernSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Caoimhín Ó Cadhla linn faoin méid atá ag teacht chun solas ónar n-éisteoirí faoi An Páipéar sa Suirbhé atá á reachtáil ag Tús Áite faoi na meáin Gaeilge.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deirtear gur cuid d’fhís an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge a foilsíodh inniu gur chóir go mbeadh rochtain ag gach páiste sa tír ar an oideachas trí mheán na Gaeilge. Bhí Fachtna Ó Drisceoil i láthair ag an seoladh agus labhair sé le roinnt dóibh siúd a bhí i láthair.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá curriarracht nua bainte amach ag rialtas Donald Trump - an dúnadh síos rialtais is faide i stair Mheiriceá, 37 lá, rud a sháraíonn an curiarracht deireanach a bhain Trump amach ina chéad téarma. Phléamar an scéal seo le Seán Federico Ó Murchú, eagarthóir Nuachta lonnaithe i Nua Eabhrac.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí roinnt scéalta ó na nuachtáin áitiúla a bhí ag Eimear McGovern dúinnSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey); Frank Allen (Comhairleoir infrastruchtúr, Cathaoirleach Translink, Iar-Chathaoirleach Iarnróid Éireann, Iar-phríomhfheidhmeannach An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid); Norita Ní ChartúirSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an córas airgeadais agus seasmhacht fhadtéarmach gheilleagar na hÉireann i mbaol mar gheall ar athrú aeráide agus tá gá práinneach le hinfheistíocht chun dul i ngleic le heachtraí adhaimsire, dar le Banc Ceannais na hÉireann. Phléamar an scéal seo le Frank Allen, Comhairleoir Infrastructúr.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is é iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe, Zohran Mamdani, a bhuaigh toghchán méarachta Chathair Nua-Eabhrac. Phléamar seo le Domhnall Ó Catháin, Abhcóide i New Jersey.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Muineachán le Gaeilge, craobh de Chonradh na Gaeilge, ag oscailt siopa caife úrnua - ‘An Nead’ Dé Sathairn. Labhair Seán Ó Murchú, Ball de bhord Stiúrtha An Nead linn faoin tógra seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Norita Ní Chartúir linn agus í ag plé roinnt Podhcraoltaí ar Mhír na Meán.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Naoise Ó Cearúil (TD Fianna Fáil, Cill Dara Thuaidh agus Leas-Chathaoirleach Comhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG): Cynthia Ní Mhurchú (Feisire Eorpach FF); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); John Harrington (Ollamh le Dlí)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuirtear i leith an rialtais sa Dáil go bhfuil straitéis acu chun iarrthóirí tearmainn a chur i láthairmar chaimiléirí.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an cur chuige i dtaca le hoideachas trí mheán na Gaeilge i suirbhé ar thuismitheoirí ar sheol an Roinn Oideachas inniu cáinte ag Gaeloideachas. Phléamar an scéal seo le Naoise Ó Cearúil, TD Fianna Fáil i gCill Dara agus Leas-Chathaoirleach Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.See omnystudio.com/listener for privacy information.
loading
Comments 
loading