Discover
Tús Áite
Tús Áite
Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta
Subscribed: 23Played: 1,955Subscribe
Share
© 2025 RTÉ Raidió na Gaeltachta
Description
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
839 Episodes
Reverse
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá); Áine Ní Ghlinn; Rónán Ó MuirthileSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an cuma ar an scéal go bhféadfadh an tAontas Eorpach teip arís teacht ar comhaontú ag cruinniú mullaigh amárach chun socmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Phléamar an scéal seo le Barry Ward, Teachta Dála d’Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cláracha TG4 a bhí faoi caibidil ag Rónán Ó Muirthile ar mhír na meán inniu. Is iad sin 'Oileán Glas, Fásach Bán' agus 'Iniúchadh TG4 - Trump agus na Gaeil'.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá ordú tugtha ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump dá fórsaí Mheiriceá bac iomlán a chur ar gach tancaeir ola atá faoi smachtbhannaí teacht nó imeacht ó Veiniséala. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá.See omnystudio.com/listener for privacy information.
An leabhar atá faoi chaibidil an mhí seo ná 'Sí', scríofa ag Seán Ó Muireagáin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an cuma ar an scéal go bhféadfadh an tAontas Eorpach teip arís teacht ar comhaontú ag cruinniú mullaigh amárach chun socmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Phléamar an scéal seo le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Dr. Seán Ó Conaill (Léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Pádhraic Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá dréacht - reachtaíocht le teacht os comhair an rialtais atá in ainm is luas a chur faoi phleanáil agus tógáil tithíocht agus infrastruchtúir sa tír, agus is cuid lárnach de seo ná athruithe ar mar a oibríonn athbhreithnithe breithiúnacha. Phléamar an scéal seo leis an Dr. Seán Ó Conaill, Léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra idirnáisiúnta á phléigh ag Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine agus Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Reachtálfar cruinniú de pháirtí pharlaiminteach Fhianna Fáil ag a seacht a chlog chun an tuarascáil athbhreithnithe ar fheachtas uachtaránachta an pháirtí a phlé. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíocht Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt an BBC inniu go dtroidfidh siad cás cúirte Donald Trump, cás atá an tUachtarán ag glacadh i gcoinne an BBC agus deich míle milliún dolar á éileamh aige. Phléamar an scéal seo le Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maraíodh ar a laghad cúigear déag i sléacht thragóideach ar thrá Bondi i Sydney na hAstráile aréir, sléacht a bhí dírithe ar an bpobal Giúdach áitiúil.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí ceannairí na hEorpa i mBeirlín inniu, in éineacht le hUachtarán na hÚcráine, Vlodomyr Zelenskyy agus toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, agus cainteanna ar bun acu i dtreo margadh síochána don Úcráin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Emmet Ryan (Iriseoir agus Tráchtaire); Niamh Uí Bhriain (Colúnaí le Gript); Tony Fahey (Ollamh Emeritus le Polasai Sóisialta, An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath); Aisling Ní Fhéich (Príomhoide Gaeilscoil na Fuinseoige)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Táthar ag súil leis go bhfoilseofar tuarascáil Fhianna Fáil ar fheachtas uachtaránachta an pháirtí an tseachtain seo, agus é ráite ag an Taoiseach Mícheál Martin go mbeidh sé foilsithe cinnte roimh na Nollag.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Baile Uí Ógáin i mBaile Átha Cliath sa nuacht inniu mar go bhfuil grúpa Bailte Slachtmhara Bhaile Uí Ógáin ag tabhairt dúshlán dlí - don triú uair! - i gcoinne cead pleanála do bhreis is 400 árasán sa cheantair.See omnystudio.com/listener for privacy information.
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent); Cormac Ó Dúlacháin (Abhcóide Sinsireach); Cynthia Ní Mhurchú (Feisire Eorpach de chuid Fianna Fáil Éire Theas); Donnacha Ó hÉallaithe (Gníomhaí Pobail agus Tráchtaire ar chúrsaí Gaeltachta); Nadia Dobrianska (Tráchtaire agus iar-oibrí cearta daonna)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra na seachtaine á phlé ag Donncha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Pobail agus Nadia Dobrianska, Tráchtaire agus iar oibrí cearta daonna.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an Financial Times ag tuairisiciú go bhféadfadh an Úcráin a bheith mar bhall don Aontas Eorpach faoin bliain seo chughainn. Phléamar an scéal seo leis an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent.See omnystudio.com/listener for privacy information.




















