DiscoverSpreagadh Saoil
Spreagadh Saoil
Claim Ownership

Spreagadh Saoil

Author: Seán Ó Duinnín

Subscribed: 5Played: 18
Share

Description

Lón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an cumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach.
25 Episodes
Reverse
Comhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.
Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.
Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.
Is cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/
File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.
Múinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.
An dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp. Nutrition Facts (Michael Greger M.D.)
Is as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!
Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad.   Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir.  Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir.   Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir.  Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality).   Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.
Léiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach.  Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona. Spreagadh Taighde Harvard Lost Connections - Johann Hari
Is craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.
Is Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.
Comhrá taitneamhach, tairbheach ina bpléitear bá, dóchas agus dearfacht. (Titeann caighdeán na fuaime i dtreo an deireadh. Mo leithscéal faoi seo.)
Comhrá le Sláine Ní Chathalláin faoi na nósanna dearfacha laethúla a thugann fuinneamh agus spreagadh di.
Fallaí Imní

Fallaí Imní

2021-01-1409:27

Tá nósanna cruthaithe againn leis na mothúcháin a choimeád faoi cheilt - imní san áireamh. Tá fás, forbairt & saoirse ar fáil ach iad a bhriseadh.
Comhrá le Clíodhna Ní Cheallacháin faoin tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin sa saol.
Fadhb ar Bith!

Fadhb ar Bith!

2021-01-1007:57

Bíonn fadhbanna againn go léir - gach lá! Conas a bhraitheann tú faoi na fadhbanna seo?
Is toradh carnach é do shaol ar na nósanna laethúla atá agat. Tabhair aird ar na nósanna sin.
Cur síos ar chleachtas dearfach a thugann deis cainte do gach éinne sa teaghlach a chabhraíonn le meabhairshláinte agus tuiscint a fháil ar a chéile. ‘Rose, Rose, Thorn, Bud’.
Rud Amháin ag an Am

Rud Amháin ag an Am

2021-01-0217:00

Táimíd ar fad ró-ghnóthach agus sinn ag iarraidh iltascáil (multitasking). Sinn féin atá thíos leis. Ach, is féidir é a athrú.
loading
Comments 
Download from Google Play
Download from App Store