Discover
Guth Mhaigh Eo
9 Episodes
Reverse
Scéal suairc faoin easpa Bhéarla a bhíodh ag na daoine i nGaeltacht fadó *broimneach=broime
Píosa fada chainte a rinne mé le fear éirimiúil, geannúil, deas a bhí in éis trioblóid a bheith aige len a bháidín inniú! Tá eolas mór fairsing ag Seán Ó Gearbháin ar graithí iascaireachta, sean-phisreogaí, seanachas agus leaganachaí chainte a phléann sé anseo
Is bean bhreá bríomhar í Seoirsín atá ag staidéar drámaíochta agus atá graitheach go leor i ngluaiseacht na Gaeilge agus cearta sibhialta. Labhraíonn sí faoi chearta daonna, seanachas agus cén chaoi gur spreag sé a suim sa ndrámaíocht, a díograis don teangaidh agus chun canúint Mhaigh Eo a shlánú agus go leor rudaí eile.
Ag léamh sliocht amach as "Le Gradam is le Spraoi", leabhar a rinne Seamus Ó Catháin agus Caitlín Bn Uí Sheighin, cnuasach mhór ar sheanachas Dhúin Chaocháin
Is fear ildánach, ilteangach, ilghnéitheach é Barra Ó Ceallaigh as caisleáin a Bharraigh. D'fhoghlaim sé mórán dhá chuid Ghaeilge i nDúiche Sheoigheach agus é ag obair dh'Iascaigh intíre Éireann agus sé faoin a shlí bheatha, aisteoireacht agus go leor ruda eile. Labhraíonn sé chomh maith faoi cén chaoi a bhíonn sé don lucht aerach in iarthar na tíre
Pádraig Johnny Ó hEanacháin as Tamhnach, Tuar Mhic Éadaigh ag caint faoi stair an gceantair, na dúshláin atá roimhe mar Ghaeltacht agus an rud atá idir láimh acu sa plean teangadh chun rudaí a fheabhsú
Labhraíonn muid le Máirín Uí Mhurchú as Béal a'Mhuirthead, déantóir fhíona, iarmhúinteoir agus iníon leis an úrscéalaí, bailitheoir bhéaloideais agus scoláire na Gaeilge mór le rá Séamus Mag Uidhir as Dumha Thuama ag caint faoin a saol, saol a hathair agus ag léamh cuide dhá scéalta
Déanann muid plé ar an meoin i leith na teangaidh ó thaobh muintir na Gaeltachta agus Iarghaeltachta dhó agus cén leagan amach atá ann roimpi sa lá atá inniu ann
Déanann Caoimhín Ó Súilleabháin agus Darren Ó Riagáin plé ar fhadhb na sláinte intinne in Éirinn, na nósanna fhealsúnachta bhaineas le dubh bhrón agus gruaim agus na nósanna ghaelacha i dtaobh caillteanas












Maith sibh lads, podcraoladh iontach, ba aoibhinn liom cúpla cinn eile a chloisteáil!