DiscoverTús Áite
Tús Áite
Claim Ownership

Tús Áite

Author: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Subscribed: 20Played: 1,894
Share

Description

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
670 Episodes
Reverse
Muiris Ó Cearbhaill (Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Enda Hardiman (Innealtóir agus Fear Gnó); Siobhán Ní Chualacháin (Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimisiún Athchóiriú an Dlí)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhain an Teaghlach Ríoga teidealacha agus lóistín ón iar-phrionsa Andrew. Phléamar an scéal seo le Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Margadh déanta ag Trump leis an tSín, Sos Cogadh Gaza ar lean, Pól Deeds ceapaithe ina choimisinéir Teanga ó thuaidh. Na scéalta seo á phlé ar Siúl Siar na Seachtaine le Enda Hardiman, Innealtóir agus Fear Gnó & Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimisiún Athchóiriú an DlíSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Foilsíodh figúirí nua maidir le daoine gan dídean inniu. Léiríonn na figúirí go raibh 16,614 duine i lóistín éigeandála an mhí seo chaite. Phléamar an scéal seo le Ruairí ó Murchú, Teachta Dála Shinn Féin i gContae an Lú.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Alex Hijmans (Údar agus Iriseoir); Conor Torbóid (Eagarthóir Nós.ie); Katie WhelanSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Alex Hijmans linn faoi toghchán na hÍsiltíre agus vóta Geert Wilders titithe go mór.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Nós.ie

Tús Áite: Nós.ie

2025-10-3011:27

Labhair Conor Torbóid, Eagarthóir Nós.ie linn faoin méid atá ag teacht chun solais óna héisteoirí faoi Nós inár suirbhé ar na meáin Ghaeilge.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas. Phléamar an scéal seo le Una Ní Bhroiméil, staraí agus Iar-Léachtóir le Stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál Luimneach.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta ó na nuachtáin áitúil a bhí ag Katie Whelan dúinn.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an brú ag méadú ar an Taoiseach, Mícheál Martin, agus roinnt Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil tar éis stíl ceannaireachta an Taoisigh agus cur chuige Fhianna Fáil le linn an fheachtais Uachtaránachta a cháineadh le cúpla lá anuas. É seo agus na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tuairiscítear gur maraíodh thart ar 100 duine agus gur gortaíodh 200 eile in ionsaithe buamála a rinne fórsaí míleata Iosrael ar ioniad éagsúla in Gaza inné in ainneoin go bhfuil sos comharaic in ainm a bheith i bhfeidhm ansin le trí seachtaine. Phléamar an scéal seo le Frank Reidy, Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá The End of the Gay Rights Revolution – How Hubris and Over-Reach Threaten Gay Freedom le Ronan McCrea, molta ag leithéidí Leo Varadkar, Stephen Fry, Mary MacAleese agus Yuval Noah Harari, mar shaothar tráthúil, tábhachtach agus ina gháir rabhaidh don phobal aerach agus LADTA+. Labhair Ronan McCrea a scríobh an leabhar linn faoi.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag Lorg Hy-Brasil Fadchlár Faisnéise a craoladh Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair a bhí á phlé ag Rónan Ó Muirthile ar mhír na meán inniu.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata); Ronan McCrea, (Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Chathair Londain); Rónán Ó MuirthileSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Conall Ó Duibhir (Aerach Aiteach Gaelach); Éanna Ní Lamhna (Saineolaí Fiadhúlra, Craoltóir, Gníomhaí Timpeallachta); Dr. Niamh Ní Bhroin (Ollamh Comhlach leis na Meán in Ollscoil Agder san Iorua); Pádhraic Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine)See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ceannaireacht Mhíchéal Martin á cheistiú le cúpla lá anuas. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá iarrachtaí Trump ar shíochán a bhaint amach san Úcráin ar lean, agus smachtbhannaí curtha i bhfeidhm aige ar ola agus gás na Rúise an tseachtain seo caite. É seo agus tuilleadh á phlé ag Dr. Niamh Ní Bhroin, Ollamh Comhlach leis na Meán in Ollscoil Agder san Iorua agus Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na GearmáineSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá gá práinneach le reacthtaíocht a throideann ina choinne fuathchaint – sin a deir tuarascáil nuafhoilsithe inniu ón ECRI, foras an Choimisiún Eorpaigh i gcoinne ciníochas agus éadulaingt. Phléamar an scéal seo le Oifigeach Foilseacháin, Aerach Aiteach Gaelach Conall Ó Duibhir.See omnystudio.com/listener for privacy information.
loading
Comments