DiscoverNuacht Mhall19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)
19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

Update: 2024-10-19
Share

Description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.


*


Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.


Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Cé gur gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána ó na Náisiúin Aontaithe le cúpla lá anuas, níl aon phlean ann faoi láthair chun na trúpaí a tharraingt siar. Tá rabhadh tugtha ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil coimeádaithe síochána i mbaol mura mbogann siad ó dheisceart na Liobáine, comhartha go leanfar leis na hionsaithe in ainneoin agóidí an phobail idirnáisiúnta.


Ar ais in Éirinn, agus ráflaí ag dul thart go mbeidh olltoghchán ar siúl go luath, tá Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tá sé tagtha chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaigh sé coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, tá beirt Teachtaí Dála tar éis éirí as, ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach. Tagann na scéalta seo ar shála na nuachta go ndearna oifigigh an pháirtí iarracht smacht a choinneáill ar na ceisteanna a fuair an ceannaire Mary-Lou McDonald ag Ard Fheis an pháirtí.


Cúrsaí sacair anois, agus tar éis an triú babhta de chluichí Shraith na Náisiún, tá foireann na hÉireann sa tríú háit agus trí phointe acu, chun tosaigh ar an bhFionlainn, a chaill gach cluiche, ach taobh thiar den Ghréig, atá i gceannas ar ár ngrúpa le dhá phointe dhéag, agus Sasana sa dara háit le naoi bpointe. Sa chéad chluiche, bhí bua inspioráideach ag Éirinn in aghaidh na Fionlainne, a bhuí le cúil ón gcosantóir Liam Scales agus ón imreoir lár páirce Robbie Brady tar éis botún tubaisteach ón gcaptaen Nathan Collins a thug tús foirfe do na Fionlannaigh.  Sa dara cluiche, áfach, thug na Gréagaigh triail i bhfad níos deacra i láthair, agus léirigh bua compordach don fhoireann baile san Aithin méid an dúshláin atógála atá roimh bhainisteoir nua na hÉireann Heimir Hallgrímsson. Idir an dá linn, téann na Gréagaigh ó neart go neart. Sa bhabhta seo, bhuaigh siad in aghaidh ní amháin na hÉireann, ach Sasana in Wembley freisin, den chéad uair riamh, éacht thar a bheith suntasach tar éis bhás tragóideach a n-imreora George Baldock an tseachtain seo caite.


*


Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.


*


GLUAIS


leifteanantchoirnéal - lieutenant-colonel


coimeádaithe síochána - peacekeepers


ráflaí - rumours


iompar neamhoiriúnach - inappropriate behaviour


cosantóir - defender


méid an dúshláin atógála - the extent of the rebuilding challenge

Comments 
00:00
00:00
x

0.5x

0.8x

1.0x

1.25x

1.5x

2.0x

3.0x

Sleep Timer

Off

End of Episode

5 Minutes

10 Minutes

15 Minutes

30 Minutes

45 Minutes

60 Minutes

120 Minutes

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

Conradh na Gaeilge i Londain