DiscoverSeachtain
Seachtain
Claim Ownership

Seachtain

Author: Irish Independent

Subscribed: 65Played: 2,273
Share

Description

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

163 Episodes
Reverse
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. ­ Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. ­ Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre  agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad.  ­ Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. ­ Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. ­ Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. ­ Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. ­ An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? ­ Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas? ­ Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. ­ FOCLÓIR: ­ Breosla: Fuel ­ Rún: Motion ­ Aighneas: Disagreement ­ Agóideoirí: Protestors ­ Mustar: Pomp ­ Tromchúiseach: Consequential ­ Meath: Decline ­ Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown ­ Faoiseamh cánach: Tax relief ­ Fuinneamh: Energy ­ Ag géilleadh: Conceding to ­ Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other ­ Bruscar: Litter/rubbish ­ Iniúchadh: Inspection or examination ­ Ag fulaingt: Suffering ­ Claonta: Biased ­ Féinfhostaithe: Self-employed ­ Cáineadh: Criticism ­ ­ ­ ­See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006.    Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart.    Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa.    Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada.    Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas.  Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó.  Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu.  Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú?  Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás.  Foclóir:  Spiaire: Spy  Uisce reatha: Running water  Pleascáin: Explosives  Ball: Member  Riarachán: Administration  Ruathar: Raid  Ag spré: Spreading  Ag feidhmiú: Operating  Nocht: Reveal  Iarghúlta: Remote  Ar an toirt: On the spot  Freagracht: Responsibility  Tras-teorainn: Cross border  Corruair: Occasionally  Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them  Ceart agus cóir: Right and justice  Brathadóir: Informer  Ag dul i méadaíocht: Growing up  Eiseachadadh: Extradited  See omnystudio.com/listener for privacy information.
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo.   I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath.   Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad.   Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna.   Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh.   Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt.  Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann.   An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit.   Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally.  Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh.    Foclóir:  Faoi bhéal gunna: At gunpoint  Ráiteas: Statement  Pleascáin: Explosives   Iomrall ceartais: Miscarriage of justice  Gabh: Arrest  Baill: Members  Droch-íde: abuse or ill treatment  Bagairt: Threat  Seán: Deny  Cuireadh iachall orthu: They were forced to  Fianaise: Evidence  An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court  Éadóchasach: Hopeless  In ainneoin: Despite  Ciontach: Guilty  D’éalaigh sé: He escaped  Achomharc: Legal appeal  Ciontú: Conviction  Cuir ar neamhní: To quash  Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler.  Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu.  Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in aghaidh a uncail féin?    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ciarán Dunbar  Foclóir:    Seafóideach: Daft  Is annamh: Rarely  Leathdheartháir: Half-brother  Mion sónraí: minute details  Tiománta: Determined  Fuadach: Kidnap  Maígh: Allege  Fianaise Evidence  Scian: Knife  Ní nach ionadh: It’s no surprise  Teacht i dtír: Take advantage of  Namhaid: Enemy  Gadaíocht: Thieving   Spiaireachta: Spying  Dul chun searbhais: To turn sour  Bolscaireacht: Propaganda  Sloinne: SurnameSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok.  Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn.  Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta.  Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language’.  Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b’fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas.  Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás.  Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda.    Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve’s’ do Ghaelgeoirí.      Foclóir:  Borradh: Boom or explosion  Teibí: Abstract  Súigh isteach: Absorb  Airím: I feel   Achar ama: Time frame  Fiúntach: Worthwhile  Aistear: Journey  Cinneadh: Decision  Machnamh: Contemplation  Ábhar: Content  Éacht: Achievement  Uathúil: Unique  Easpa: A lack of  Teangacha dúchasacha: Native languages  Ábhar scoile: School subject  Sáite: Immersed  Leáigh: Melt  Reoite: Frozen  Diúltach: Negative  Dearfach: Positive  Is annamh: Seldom  Dea-chleachtas: Good practice  Bac: Block  Cáin: Criticise  Cothromaíocht: Balance  Closleabhar: Audiobook See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh.  Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile.  Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga.  Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha.  Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí.  Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap.  Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo?  Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Foclóir:  Ceol a chumadh: To compose music  Faitíos: Apprehension  Aistrigh: Translate  Béim: Emphasis  Eispéireas: Experience  Céad cuimhní: First memories  Nósanna: Traditions or customs  Éalú uaigh: Escape from it  Drogall: Hesitation  Seanchas: Storytelling   Ag casadh ceol: Playing music  Camchuairt: A tour  A scaradh: To seperate  Dushlán: Challenge  Iomráiteach: Prominent  Slí bheatha: Career  Figh: Weave See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na  polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de.  Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht  ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin,  reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe.  Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe?  Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.  Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh -  an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe?  Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.    Foclóir:  Ag bailiú nirt: Gaining momentum  Dlús: Accerlate or to hasten  Is mithid dúinn: It’s time for us  Claochlaitheach: Transformative   Ionchur: Input  Claonadh: Bias  Ag amharc go cúng: Looking narrowly  Rúin: Motions  Críochdheighilt: Partition  Ualach: Burden  Deis chneasaithe: Opportunity for healing  Uirlis dheighilte: A tool of separation  Dlínse: Jurisdiction   Fréamhaithe: Rooted  Toil: Desire or will  Ionchas: Expectation   Creatlach: Framework  Idirbheartaíocht: Negotiation  Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted  Samhail: Model  Am-scála: Time frame  Aineolach: Uninformed or ignorant  Géilleadh: Surrender  Soiléireacht: Clarity  An cheist a chíoradh: To discuss the issue  Beidh seo ar leas..: This will benefit..   See omnystudio.com/listener for privacy information.
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach.  I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair.  Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach.  Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás.  Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta.  De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort.   De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath.  Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo?  Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis?  Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht.  Foclóir:  Eitiltí fillte: Return flights  Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage  Raflaí: Rumours  Ag reachtáil: Running/Organise  Tairiscint: A tender  Ailse: Cancer  Ag fulaingt: Suffering  Corruair: Sometimes  Otharlann: Hospital  Tromchúiseach: Grave  Cóir leighis: Medical treatment  Galar croí: Heart disease  Imirce: Emigration  Infheistíocht: Investment  Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something  Feiliúnach: Suitable  Ciall tráchtála: Commercial sense  Brabús: Profit  Éileamh: Demand  Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle  Folamh: Empty See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad. Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí,  físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú. Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach ionann a bheith luaite sna comhaid is a rá go raibh aon olc nó éagóir déanta ag na daoine sin. I measc na gcáipéisí atá curtha ar fáil don phobal, tá tagairtí go leor ann d’Éirinn. Ar Seachtain, glacann an t-iriseoir Ciarán Dunbar muid tríd na snáithíní a cheanglaíonn Jeffery Epstein leis an tír bheag seo. Foclóir: Comhaid: Files Cáipéisí: Documents Diabhlaíocht: Devilment Mí-úsáid ghnéis: Sexual abuse Clár na gciontóirí gnéis: Sex offenders register Curtha ina leith: He was accused of Seilbh a ghlacadh ar: To take possession of Faic: Nothing Cloí le: Abide by or stick with Éagóir: wrongdoing An chloch is mó ar a phaidrín: His greatest concern Gar: Favour Teaghlach ríoga na Breataine: British Royal Family Líomhaint: Allegation Comhaontú Aoine an Chéasta: Good Friday Agreement Príomh-ailtire: Main architects Smál: Stain or taint Beannacht: Blessing Ciontaíodh é: He was found guilty Neamhaird: Ignore Tá aiféala air: He regrets See omnystudio.com/listener for privacy information.
I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne trí seachtaine ó shin chun iarracht a dhéanamh cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Liam Tunney faoi na bomaití is suntasaí san ionchoisne go dtí seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Sa bhliain 2005, thiar i gceantar tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, tharla ionsaí fíochmhar a d’fhág smál ar an phobal ann le breis agus fiche bliain anuas.  Dúnmharaíodh Shaun Duffy, fear a bhí 36 bliain d'aois, ina theach féin  tar éis oíche cheiliúrtha ar an 29 Eanáir.  Níor cúisíodh éinne as an dúnmharú a tharla bliain is fiche ó shin. Tá achainí úr déanta ag na Gardaí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi dhúnmharú.  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin Foclóir:  An Clochán Liath: Dungloe  Ceantar tuaithe: Rural area  Faoi ghlas: Locked   Stróicthe: Ripped  Ba léir: It was obvious  Saighead: Arrow  Sciathán: Arm  Adhlacóir: Undertaker  Geallghlacadóireacht: Betting  Ar leac an dorais: On the doorstep  Ag cíoradh: Combing   Ráitis: Statements  Feiceálach: Visible  Ráflaí: Rumours  Naimhde: Enemies  Fíochmhar: Savage  Na beithígh: Horses or cattle  Ina sheilbh: In his possession  Leid: Tip or advice  Coiste cróinéara: Coroner's inquest  Ag achainí ar dhaoine: Appealing to people See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag dul siar na cianta, rinneadh ceiliúradh ag an am tábhachtach seo den bhliain.  Ba é Imbolc ceann de mhórfhéilte an fhéilire Cheiltigh.  Agus ag croílár an cheiliúrtha sin tá Bríd.  Ach cad é an ceangal idir Bríd an bandia agus Bríd an naomh, más ann dó ar chor ar bith? Agus cérbh iad na bandéithe eile a shleamhnaigh as cuimhne na ndaoine le himeacht ama? ­ Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ríonach Uí Ógáin (iar-stiúrthóir Cnuasach Bhéaloideas Éireann) ­ ­ Foclóir: ­ Seanda: Ancient ­ Laethanta cinn ráithe: Quarter days ­ Lá Leathach an Earraigh: Spring equinox ­ Is ionann é: It's the same thing ­ Lón bia: Food supply ­ Ídithe: Depleted ­ Tréithe: Features ­ Luachra: Rushes ­ Barra: Crops ­ Eallach: Cattle ­ Comhbhá: Kinship ­ Fite fuaite: Intertwined ­ Giolla: Servant ­ Tóir: Popularity ­ Baile fearain: Townland ­ An charthanacht: The charity ­ An Mhaighdean Mhuire: The Virgin Mary ­ Cráifeach: ReligiousSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír seo? Céard atá i ndán don earnáil iascaireachta amach anseo?  Láithreoir: Róisín Ní Mhaoláin, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin  Foclóir:  Earnáil: Sector  Aontas Eorpach: European Union  Domhain: Deep  Slí beatha: Livelihood  Comhphobal: Ccommunity  Uasmhéid: Maximum  Tubaisteach: Disastrous  Imeall: Border  Bia mara: Seafood  Táillí: Fees  Monarcha : Factory  Eagrais: Oorganisations  Spotsolas: Spotlight  Baol: Danger/fear  Cé: Quay/dock  Neodrach: Neutral See omnystudio.com/listener for privacy information.
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/listener for privacy information.
Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.   Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.  Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.  Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.  Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.  Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann.   Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide    Foclóir:  Eispéireas: Experience  Fís: Vision  Muintir na háite: The local people  Coiste: Committee  De réir mo thuigbhéala: From my understanding  Bothán: cabin  Neartú: Strengthen  Éacht: Achievement  Cothú: Cultivate  Tírdhreach: Landscape  Uile-Éireann: All-Ireland  Dúshlánach: Challenging  Comhairle: Advice  Comhphobal: Community  Ag streachailt: Struggling  Díospóireacht: Debate  I lár an aonaigh: Centre stage  Thar fóir: Over the top   Aird: Attention   See omnystudio.com/listener for privacy information.
I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan réiteach. Phléigh iriseoir Seachtain an cás le Ciarán Dunbar. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maduro fuadaithe, neamhaird ar bhuaiteoir Nobel Machado, an Ghraonlainn faoi bhagairt ó thús na bliana. Tar éis seachtain den bhliain 2026, tá cúrsaí an domhain níos corraithí ná mar a bhí anuraidh cheana féin. Pléann John Downing agus Conchúr Ó Faoláin cúrsaí an tsaoil sa bhliain úr le Ciarán Dunbar See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.    Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.     I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.    Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.    Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?    Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?    Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.    Foclóir:  Ionadaíocht: Representation  I mbéal an phobail: The talk of the parish  Aonarach: Solitary  Go smior: To the core  Bua: Attribute or gift  Siúinéir: Carpenter  Spreag siad: They encouraged  Fíodóireacht: Weaving  Béaloideas: Folklore  Finscéal: Fable/Legend  Peaca: Sin  Clúiteach: Renowned  A thréigean: To abandon  Cúthaileach: Shy   Úrscéal: Novel  Mórtas: Pride  Tagairtí: References  Slabhra: Chain   See omnystudio.com/listener for privacy information.
loading
Comments (1)

Rory O' Connor

Podchraoladh maith!

Sep 28th
Reply