Cé mhéad teaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht?
Description
Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí.
Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil.
Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.
Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí?
Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Comhluadar: Companionship
Lánúineacha: Couples
Daonáireamh: Census
Slat tomhais: A measuring-rod
LPT: Limistéar Pleanála Teanga
Abhainn: River
Mórtas: Pride
Seasmhach: Stable/Consistant
Céatadán: Percentage
Iniúchadh: Examination
Rangú: Categorisation
See omnystudio.com/listener for privacy information.























