DiscoverLearn Irish with daily podcasts
Learn Irish with daily podcasts
Claim Ownership

Learn Irish with daily podcasts

Author: V H

Subscribed: 218Played: 13,836
Share

Description

Short sentences with English translations
714 Episodes
Reverse
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25xxkhcd Contact: irishlingos@gmail.com Places for rent: 35% increase in the number of event announcements. Áiteanna ar cíos: ardú 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta. There was a 35% increase in the number of eviction notices given by landlords to tenants in the third quarter of the year compared to the same period last year, according to new figures from the Residential Tenancies Board. Bhí ardú de 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta a thug tiarnaí talún do thionóntaí sa tríú ráithe den bhliain i gcomórtas leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. 5,405 eviction notices were issued to tenants between July and September this year, and 61% of these notices were issued on the basis that the landlord intended to sell the property. Is 5,405 fógra imeachta a tugadh do thionóntaí idir Iúil agus Meán Fómhair i mbliana, agus is ar an mbonn go raibh rún ag an tiarna talún an mhaoin a dhíol a tugadh 61 faoin gcéad de na fógraí sin. It is believed that the significant increase in eviction notices is related to new rules that are due to be implemented next spring and are being frowned upon by landlords who only have one or two places to rent. Meastar go bhfuil baint ag an ardú suntasach atá tagtha ar fhógraí imeachta le rialacha nua atá le cur i bhfeidhm an t-earrach seo chugainn agus a bhfuil col leo ag tiarnaí talún nach bhfuil acu le ligean ar cíos ach áit nó dhó. As with these new rules, for example, a rent increase will be required to be equal to the increase in the rate of inflation, that is, or an annual increase of a maximum of 2%, whichever is lower. Mar leis na rialacha nua sin, cuir i gcás, ceanglófar ardú ar chíos den ardú ar ráta an bhoilsicthe, é sin nó ardú bliaintúil de 2 faoin gcéad ar a mhéid, pé acu is ísle. According to Rosemary Steen of the Residential Tenancies Board, while the increase in the number of eviction notices is a cause for concern, it is common for landlords to exit the rental sector. Dar le Rosemary Steen ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe cé gur údar imní an t-ardú ar an líon fógraí imeachta gur den ghnás é tiarnaí talún ag imeacht ón earnáil cíosa. Housing Minister James Browne said the new figures should take into account the increase in the number of tenancies despite the number of landlords falling. Dúirt an tAire Tithíochta James Browne nár mhór aird a thabhairt sna figiúirí nua ar an ardú atá tagtha ar an líon tionóntachtaí in ainneoin an líon tiarnaí talún a bheith ag ísliú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22y38c45 Contact: irishlingos@gmail.com  Your browser does not support the audio element. America is asking Ukraine to relinquish the Donbas region. Meiriceá ag iarraidh ar an Úcráin réigiún Donbas a ligean uaithi. Ukrainian President Volodymyr Zelensky has said that he is willing to cooperate with the United States on the peace plan that that country has drafted regarding the war in Ukraine. Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Stáit Aontaithe maidir leis an bplean síochána atá dréachtaithe ag an tír sin faoin gcogadh san Úcráin. What is needed now, he said, is beneficial work, which must be undertaken honestly and enthusiastically. Obair thairbheach a theastaíonn anois, arsa sé, a gcaithfear tabhairt fúithi go hionraic agus go beo. That's what Zelensky had to say about the American plan, however, he did not give any details and it seems from his measured and concise speech that he is really against it. Sin an méid a bhí le rá ag Zelensky faoi phlean na Meiriceánach, áfach, níor thug sé aon sonraí agus dealraíonn sé ón gcaint thomhaiste ghonta a rinne sé go bhfuil col aige leis i ndáiríre. US Secretary of the Army Dan Driscoll was in Kiev yesterday, where he discussed the plan first with representatives of the Ukrainian Government and then with Zelensky himself. Bhí Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll i gCív inné, áit ar phléigh sé an plean le hionadaithe ó Rialtas na hÚcráine i dtosach agus le Zelensky féin ina dhiaidh sin. A US government spokesman claimed that one of those representatives, Rustem Umerov, accepted the plan after proposing several amendments. Mhaígh urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ghlac duine de na hiondaithe sin, Rustem Umerov, gur ghac sé leis an bplean tar éis dó roinnt leasuithe a mholadh. According to the plan, which has not been published but has been seen by the Reuters news agency, Ukraine would cede every inch of the Donbas region in the east of the country to Russia and the number of soldiers in the Ukrainian Army would be halved - in exchange for promises about Ukraine's security. De réir an phlean, nach bhfuil foilsithe ach atá feicthe ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, ghéillfeadh an Úcráin gach orlach de réigiún Donbas in oirthear na tíre don Rúis agus laghdófaí faoina leath an líon saighdiúirí atá in Arm na hÚcráine – é sin mar mhalairt ar ghealltanais faoi shlándáil na hÚcráine. The plan also states that Russia, Ukraine and the European Union would sign a non-aggression treaty; that no soldiers from the North Atlantic Treaty Organization would be sent to Ukraine; and that the number of member states in that organization would not be increased. Deirtear sa phlean freisin go síneodh an Rúis, an Úcráin agus an tAontas Eorpach conradh neamhionsaithe; nach gcuirfí chun na hÚcráine aon saighdiúirí ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; agus nach gcuirfí le líon na mballstát san eagraíocht sin. In addition, the international sanctions imposed on Russia since that country invaded Ukraine in early 2022 would be gradually lifted. Ina cheann sin, chuirfí deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta atá curtha ar an Rúis ó rinne an tír sin ionradh ar an Úcráin i dtús 2022. Russia would be invited back to participate in the G8 forum of countries and the United States would enter into a wide range of economic agreements with Russia regarding energy, natural resources, infrastructure, artificial intelligence, data centers and rare earth minerals in the Arctic region. Thabharfaí cuireadh don Rúis a bheith rannpháirteach an athuair i bhfóram thíortha an G8 agus dhéanfadh na Stáit Aontaithe raon leathan socruithe eacnamaíochta leis an Rúis maidir le fuinneamh, acmhainní nádúrtha, infreastruchtúr, intleacht shaorga, ionaid bhunachar sonraí agus mianraí tearcithreacha i réigiún an Artaigh. It is not known whether the Americans have discussed the plan with other European countries yet, but yesterday the European Union Foreign Ministers indicated that they were not overly impressed with what they had heard about it. Ní fios ar phléigh na Meiriceánaigh an plean le tíortha eile san Eoraip fós ach inné thug Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh le tuiscint nach raibh siad róthógtha lena raibh cloiste acu ina leith. RTÉ News and Current Affairs Cars destroyed after airstrike by Russian military forces on the city of Odesa in southern Ukraine last night Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Gluaisteáin scriosta tar éis ionsaí aeir a rinne fórsaí míleata na Rúise ar chathair Odesa i ndeisceart na hÚcráine aréir
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cpc2fh Contact: irishlingos@gmail.com Order given to re-imprison Enoch Burke. Ordú tugtha Enoch Burke a chur i bpríosún arís. The High Court has ordered secondary school teacher Enoch Burke to be re- imprisoned, and without delay, for his disregard of an order to stay away from Wilson's Hospital school in Co. Westmeath. Tá ordú tugtha ag an Ard-Chúirt an múinteoir meánscoile Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair, agus gan mhoill, mar gheall ar an neamhaird atá sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí. Judge Brian Cregan said in court today that Enoch Burke's strategy was to provoke conflict, insult people and bully people. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan sa chúírt inniu gurbh é an straitéis a bhí ag Enoch Burke achrann a tharraingt, daoine a mhaslú agus bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine. Despite being fined and having security guards placed on duty at the school, the judge said, Enoch Burke refused to stay away from the premises as ordered. In ainneoin gur gearradh fíneálacha air agus gur cuireadh gardaí slándála ar dualgas ag an scoil, arsa an breitheamh, dhiúltaigh Enoch Burke fanacht amach ón áit mar a ordaíodh dó. The judge also said that Enoch Burke had a duty to obey the law, like every other citizen, but instead the teacher and his family sought to undermine the authority of the courts. Dúirt an breitheamh freisin go raibh dulagas ar Enoch Burke géilleadh don dlí, cosúil le gach saoránach eile, ach ina áit sin gur fhéach an múinteoir agus a theaghlach leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna. The Burke family carried out a coordinated and sustained attack on the rule of law in this country, the judge said. Rinne muintir Burke ionsaí comhordaithe agus leanúnach ar riail an dlí sa tír seo, arsa an breitheamh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28y74qub Contact: irishlingos@gmail.com Paschal Donohoe resigns from Government, takes up new position. Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige. Fine Gael Finance Minister Paschal Donohoe is to step down from his political duties in Ireland after being appointed Managing Director and Chief Information Officer at the World Bank, the second most senior position in that organisation. Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin. He has already resigned from his role as Minister for Finance and will step down as a Dáil member later this week. Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo. It is understood that the Government will appoint a new Minister for Finance this evening. Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna. Paschal Donohoe is 51 years old and has been an MLA for Dublin Central since 2011. 51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011. He was appointed Minister of State for European Affairs in 2013 and Minister for Transport, Tourism and Sport the following year. Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn. He was appointed Minister for Public Expenditure and Reform in 2016 and Minister for Finance in 2017. Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017. As with its new position, the World Bank's primary responsibility is to provide low-interest loans to developing countries. Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bmwxa39 Contact: irishlingos@gmail.com 4 years for a man driving under the influence which resulted in death. 4 bliana ar fhear faoi thiomáint a raibh bás mar thoradh air. A 51-year-old man was sentenced to 4 years in prison today for dangerous driving which resulted in the death of another man in County Donegal three years ago. Gearradh téarma príosúnachta 4 bliana inniu ar fhear 51 bliain d'aois as tiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige a raibh bás fir eile mar thoradh air i gContae Dhún na nGall trí bliana ó shin. Shaun Duffy was driving on the wrong side of the N13 road in Saran Glebe, on 5th July 2022 and his car collided with a van driven by Mervyn McClure (70). Thiomáin Shaun Duffy ar an taobh mícheart de bhóthar an N13 i nGléib Sháráin, an 5ú Iúil 2022 agus bhuail a charr i gcoinne veain a bhí á thiomáint ag Mervyn McClure (70). McClure later died in hospital as a result of the accident. Bhásaigh McClure san ospidéal ina dhiaidh sin de thoradh na timpiste. Shaun Duffy has also been banned from the road for 10 years. Tá Shaun Duffy curtha den bhóthar freisin ar feadh 10 mbliana. A test conducted by gardaí after the accident showed that he was under the influence of alcohol. I dtástáil a rinne gardaí air i ndiaidh na timpiste léiríodh go raibh sé faoi thionchar an óil. It was not the first time Duffy had been guilty of such a crime, he had been convicted 6 other times before the day of this tragedy. Níorbh é an chéad uair ag Duffy a bheith ciontach ina léithid de choir, ciontaíodh 6 huaire eile é roimh lá na tragóide seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cgsvjuf Contact: irishlingos@gmail.com 88% increase in the number of Airbnb homes in the Gaeltacht since 2019. Ardú 88 faoin gcéad ar líon na dtithe Airbnb sa Ghaeltacht ó 2019. The number of homes available on Airbnb in the Gaeltacht has increased by 88% since 2019, according to new figures published by Conradh na Gaeilge and the tenants' association CATU. Tá ardú 88 faoin gcéad tagtha ó 2019 ar líon na dtithe atá ar fáil ar Airbnb sa Ghaeltacht, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus ag an gcumann tionóntaí CATU. That's a 40% increase more than the national increase. Sin ardú 40 faoin gcéad níos mó ná an t-ardú náisiúnta. In the West Kerry and South Kerry Language Planning Areas, for example, more than 16% of all private properties in both places are homes available on Airbnb, according to the figures. I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, cuir i gcás, is tithe atá ar fáil ar Airbnb iad níos mó ná 16 faoin gcéad de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dá áit, de réir na bhfigiúirí. In the Islands District of Connemara, there were nine homes available on Airbnb in 2019 compared to 27 in 2025, an increase of 200%. I gCeantar na nOileán i gConamara, bhí naoi dteach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 27 in 2025, ar méadú de 200 faoin gcéad é sin. In Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire and Lough an Uír in Co Donegal, there were 66 homes available on Airbnb in 2019 compared to 139 this year, an increase of 110%. I nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, in Anagaire agus i Loch an Iúir i gCo Dhún na nGall, bhí 66 teach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 139 i mbliana, ar méadú de 110 faoin gcéad é. Róisín Ní Chinnéide, Advocacy Manager for Conradh na Gaeilge, said that the figures show that "the Gaeltacht is being strangled by Airbnb's tight grip" and criticized the Government for turning everyone's fundamental right to have a place to live into a commodity. Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí "go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb" agus cháin sí an Rialtas as an mbuncheart atá ag gach duine áit chónaithe a bheith acu a iompú ina earra. Paul D'Eath from CATU called for legislation to be introduced to tackle the problem. D'iarr Paul D'Eath ó CATU reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb. The figures were compiled by the action group Inside Airbnb on behalf of Conradh na Gaeilge and CATU. Is iad lucht an ghrúpa gnímh Inside Airbnb a chuir na figiúirí i dtoll a chéile ar son Chonradh na Gaeilge agus CATU. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23h3hh5p Contact: irishlingos@gmail.com Trump touting a new deal with China. Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín. US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas. Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country. Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc. Trump is very proud of that and said it was a "great meeting." Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann. Xi made a more moderate statement after the meeting, then. Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea. According to him, "representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues" and "it was now important to finalize the details and implement what had been agreed". Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm". Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours. Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt. Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them. Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil. The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues. Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata. Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the United States and South Korea. Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas. In addition, a few minutes before the meeting between the two leaders, Trump announced on his own social media that the United States intended to test nuclear weapons again, for the first time since 1992. Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992. Neither of them said a word about that after the meeting, however. An drae focal faoi sin ní dúirt ceachtar acu i ndiaidh an chruinnithe, áfach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2baut57r Contact: irishlingos@gmail.com Presidential candidates lobbying in various locations. Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla. The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself. Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin. Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare. I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir. She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray. I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir. Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan. Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin. She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards. Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin. The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night. Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir. Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly. Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly. According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency. Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bj33wjx Contact: irishlingos@gmail.com Rafah crossing in Gaza to reopen soon. Bealach Rafah i Gaza le hathoscailt gan mhoill. It is hoped that the Rafah crossing in the Gaza Strip will be open again by next Sunday. Tá súil go mbeidh bealach Rafah i Stráice Gaza oscailte arís faoin Domhnach seo chugainn. The Israeli Foreign Minister announced this this morning. Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a thug an méid sin le fios ar maidin inniu. For the first time in 2 years, Palestinians will have the right to enter and leave Gaza. Den chéad uair le 2 bhliain beidh sé de cheart ag Pailistínigh teacht agus imeacht as Gaza. However, it is uncertain whether food will be allowed in through that route on a regular basis, with hundreds of trucks now on standby to provide humanitarian aid to the people of the strip. Níltear cinnte áfach an gceadófar bia isteach tríd an bhealach sin ar bhonn rialta agus na céadta leoraithe faoi réir anois le cúnamh daonchabhrach a chur ar fáil do phobal an stráice. It is said that there is now an urgent need for a large amount of assistance in light of what the community has suffered there since October 2023. Deirtear go bhfuil géarghá anois le líon ard cúnaimh i bhfianaise an méid atá fulaingte ag an bpobal ansin ó Dheireadh Fómhair 2023. Israel remains deeply dissatisfied with what it says is the slowness of Hamas militants in returning the bodies of the hostages they were holding. Tá míshástacht mhór ar Iosrael i gcónaí maidir leis an mhoilleadóireacht a deir sé atá ar threallchogaithe Hamas i dtaca le coirp na ngialla a bhí á gcoinneáil acu a thabhairt ar ais. Hamas says that some of these bodies are heavily covered in debris and that special equipment is required to access them, not to mention additional time. Deir Hamas go bhfuil roinnt de na coirp sin faoi bhrat trom smionagair agus go bhfuil trealamh speisialta ag teastáil le teacht orthu gan trácht ar bhreis ama. It is estimated that 19 bodies have not yet been returned to their families in Israel. Áirítear go bhfuil 19 corp le teaghlaigh in Iosrael nach bhfuil tugtha ar ais dóibh go fóill. Inbar Hayman (27) received a state funeral in Israel this morning. Fuair Inbar Hayman (27) sochraid stáit in Iosrael ar maidin inniu. She was the last female body held by Hamas, a woman who was kidnapped during the Nova festival in October 2023 and killed sometime later. B'ise an corp mná deiridh a bhí coinnithe ag Hamas, bean a fuadaíodh le linn fhéile Nova i nDeireadh Fómhair 2023 agus a maraíodh am éigin ina dhiaidh sin. Some reports say that the Israeli military campaign is continuing despite a ceasefire being declared in Gaza. Deir tuairiscí áirithe go bhfuil feachtas míleata Iosrael ag leanacht ar aghaidh i gcónaí ainneoin sos comhraic a bheith fógraithe i Gaza. Hamas claims that up to 20 people have been killed there in the past week. Maíonn Hamas go bhfuil suas le 20 duine maraithe ansin le seachtain.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23eqpol6 Contact: irishlingos@gmail.com A young man who took part in riots has been sentenced to prison. Príosún gearrtha ar fhear óg a ghlac páirt i gcíréibeacha. In Dublin Circuit Criminal Court, a young man who pleaded guilty to taking part in anti-immigration riots in the city last year and setting fire to a Luas tram was sentenced to four years in prison – the latter suspended. I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha in aghaidh na hinimirce sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine. That's Evan Moore, a 20-year-old apprentice electrician, from Grangemore Road in Donaghmede in north Dublin. Sin é Evan Moore, leictreoir faoi oiliúint 20 bliain d'aois, as Bóthar na Gráinsí Móire i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. A Garda told the court that Evan Moore had been incited to violence on social media and had ignored his mother's pleas not to enter the city centre on the night of November 23, 2023. Dúirt Garda sa chúirt gur gríosaíodh chun foréigin ar na meáin shóisialta Evan Moore agus gur thug sé neamhaird ar achainí a mháthar gan dul isteach i lár na cathrach oíche an 23 Samhain 2023. It was said that he broke a window on the tram and dragged a bin that was already on fire into it. Dúradh gur bhris sé fuinneog ar an tram agus gur tharraing sé isteach ann araid a bhí trí lasadh cheana. Luas services had to be suspended for twenty-four hours due to the arson and it was estimated that €5 million worth of damage was caused to the tram. B'éigean seirbhísí Luas a chur ar fionraí ar feadh ceithre huaire is fiche mar gheall ar an loscadh agus áiríodh go ndearnadh luach €5 mhilliún de dhamáiste don tram, a dúradh. It was not until six months later that Gardaí arrested Evan Moore while taking part in an extreme right-wing protest. Ní go dtí sé mhí ina dhiaidh sin a ghabh na Gardaí Evan Moore agus é ag glacadh páirt in agóid de chuid na heite deise antoiscí. The young man had never been convicted before and was said to have deeply regretted what he had done. Níor ciontaíodh an fear óg riamh cheana agus dúradh go raibh an- aiféala go deo air as a ndearna sé. It was also revealed that he had completed an anti-racism course. Tugadh le fios freisin go raibh cúrsa frithchiníochais déanta aige. Judge Orla Crowe said she took all of that into account when considering the sentence she would impose on the offender. Dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur chuir sí é sin ar fad san áireamh nuair a bhí sí ag déanamh a machnamh ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar an gciontach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24vspuan Contact: irishlingos@gmail.com Concerns about Loyalist violence over bilingual signage. Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach. Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern. Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu. In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general. I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile. The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt. Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt. A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property. Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle. But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage. Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu. These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them. Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu. Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat. D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh. Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act. Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm. Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media - in particular, he said, the BBC. Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC. Paul Deeds said the Executive Office in Stormont had failed to protect its own policy - and UK law - and was failing in its duty of care to the new Commissioner. Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr. The threats from Loyalists have only been condemned by one Unionist party, the Ulster Unionists (UUP). Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP. Their leader Mike Nesbitt said that the Irish language signage needs to be discussed further, and he said that any threat to Council workers should be withdrawn. Dúirt a gceannaire Mike Nesbitt go gcaithfear an chomharthaíocht i nGaeilge a phlé tuilleadh, agus dúirt sé gur cheart bagairt ar bith ar oibrithe na Comhairle a tharraingt siar. A large majority of the Council - 42 members - voted in favour of the policy last week, members of Sinn Féin, the SDLP, the Alliance, the Green Party and People Without Profit. Tromlach mór den Chomhairle - 42 comhalta - a vótáil ar son an pholasaí an tseachtain seo caite, baill de Shinn Féin, an SDLP, an Alliance, an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús. 17 voted against it, the DUP, the UUP and the TUV. 17 a chaith vóta ina aghaidh, an DUP, an UUP agus an TUV. There will be more about that story from Ailbhe Ó Monacháin on Nuacht TG4 at 7. Beidh tuilleadh faoin scéal sin Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag a 7. The dispute over the rights of the Irish-speaking community in the north continues unabated. Gan deireadh leis an aighneas faoi chearta Phobal na Gaeilge ó thuaidh
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26ycdstu Contact: irishlingos@gmail.com Storm Amy: 184,000 homes without electrical power. Stoirm Amy: 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach. A man was seriously injured in an accident in Co. Donegal today which was caused by severe weather, Gardaí say. Gortaíodh fear go dona i dtimpiste i gCo Dhún na nGall inniu arbh í an aimsir gharbh ba shiocair leis, a deir na Gardaí. The accident happened in Letterkenny at around 4.15pm. Tharla an tionóisc i Leitir Ceanainn ag thart ar 4.15 tráthnóna. As Storm Amy makes its way across the country, it is reported that approximately 184,000 properties are currently without electrical power. Agus Stoirm Amy ag déanamh a díchill ar fud na tíre, tuairiscítear go bhfuil thart ar 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach faoi láthair. Meteorologists have announced seven different weather warnings – from yellow to red – in various parts of the country. Tá seacht bhfoláireamh éagsúla aimsire fógartha ag na meitéareolaithe – ó bhuí go dearg – in áiteanna éagsúla sa tír. The most serious of these is the red sea warning that has been issued between 2pm and 8pm this evening from Head of Limerick in Co Clare to Head of Roscommon in Co Donegal to Benmore in Co Antrim. Is tromchúisí dar ndóigh an foláireamh dearg mara atá fógartha idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna inniu ó Cheann Léime i gCo an Chláir go Ceann Ros Eoghain i gCo Dhún na nGall go dtí an Bhinn Mhór i gCo Aontroma. In fact, the weather is most severe along the coastline between Galway and Donegal, with winds reaching up to 120 kilometres per hour, although almost every part of the country has received its share of the storm. Go deimhin, is feadh an imeallbhoird idir Gaillimh agus Dún na nGall is gairbhe atá an aimsir, mar a bhfuil suas le 120 ciliméadar san uair faoin ngaoth, siúd is go bhfuil mórán gach áit sa tíre tar éis a cion féin den tuargaint a fháil. Met Éireann says the wind gusts are above average and are likely to cause power outages in more places, down trees and cause sea waves to hit shores. Deir Met Éireann go bhfuil neart os meán sa stangadh gaoithe agus gur dóichí go ngearrfar an chumhacht i dtuilleadh áiteanna, go leagfar crainn agus go dtonnfaidh an fharraige isteach ar chladaí dá bhíthin. Since the timely announcement, people in the most remote places have been protecting themselves since yesterday against what is inevitable. Ó tugadh fógra go tráthúil, tá daoine in áiteanna is sceirdiúla á ndíonadh féin ó inné ar an rud nach bhfuil inseachanta. For example, sandbags have been pressed tightly against doorways in Donegal and Sligo to prevent water from leaking into homes and shops, especially in areas where the public has bought in. Cuir i gcás, tá málaí gainimh brúite isteach go dlúth le doirse i nDún na nGall agus i Sligeach ar fhaitíos go sceithfeadh uisce isteach i dtithe agus i siopaí, go háirithe i gceantair a bhfuil ciall cheannaithe ag an bpobal. People are also being urged to use common sense and stay home rather than risking danger and defying the quarantine without good reason. Táthar ag achainí ar dhaoine gnáthchiall a bheith acu freisin agus fanacht sa bhaile seachas dul i nguais agus dúshlán na síne a thabhairt gan údar maith. People must be alert to downed power lines, says the Electricity Supply Board, and not touch or touch them. Ní mór do dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta atá tite, a deir Bord Soláthair an Leictreachais, agus gan drannadh leo ná lámh a leagan orthu. The company says its technicians are trained and on standby to carry out repair work as soon as possible, if necessary. Deir an comhlacht go bhfuil a gcuid teicneoirí innealta agus ar fuireachas le hobair dheisiúcháin a dhéanamh a thúisce is féidir, más gá. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/277epztj Contact: irishlingos@gmail.com Presidential Election: three candidates on the Atlantic path. Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí ar shlí an Atlantaigh. The three candidates in the Presidential election are canvassing in Co. Donegal and Co. Kerry today. Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu. Left-wing candidate Catherine Connolly will be in Donegal town, Killybegs, Clifden and Ardara. Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha. Since Sinn Féin is supporting Catherine Connolly, that party's finance spokesman, Pearse Doherty from Gaoth Dobhair, is canvassing alongside her today. Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu. Kerry is home to both Fine Gael candidate Heather Humphreys and Fianna Fáil candidate Jim Gavin. I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon. They may run into each other as they are both due to go to the Listowel Races this afternoon. D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna. The two were interviewed from various locations on Radio Kerry this morning. Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin. Jim Gavin is in Tralee, where he will be giving a tour of the Tralee Bay Wetland Ecopark. Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí. Heather Humphreys went on a short cart ride in Killarney, she is due to be in Muckross House soon and will also visit the Tralee Women's Hut. Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29jesk8l Contact: irishlingos@gmail.com 16,353 homeless people in August. 16,353 duine gan dídean i mí Lúnasa. The latest figures from the Department of Housing show that 16,353 people were homeless or living in emergency accommodation in the State last month. Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta go raibh 16,353 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite. This is an increase of 295 on the number of people who were homeless in July. Méadú de 295 is ea é sin ar an líon daoine a bhí gan dídean i mí Iúil. The number of children living in emergency accommodation in August included 5,145, the highest number ever recorded. Áírítear 5,145 leanbh ar na daoine a bhí ina gcónaí i lóistín éigeandála i mí Lúnasa, an líon is mó leanaí a taifeadadh riamh. Commenting on the new figures, Seán Moynihan from the elderly charity Alone said that the number of people over 65 who rented a home had increased by 83% between the last two censuses. Ag trácht dó ar na figiúirí nua, dúirt Seán Moynihan ón gcarthanas do dhaoine aosta Alone gur tháinig méadú de 83 faoin gcéad idir an dá dhaonáireamh dheireanacha ar an líon daoine os cionn 65 bliain d'aois a raibh áras cónaithe ar cíos acu. The situation must have gotten worse, he said, since there are so many people in their fifties and forties who currently don't have a home of their own. Ní foláir nó gur i ndonas a rachas an scéal, arsa sé, ó tá an oiread sin daoine atá sna caogaidí agus sna daichidí faoi láthair nach bhfuil áras cónaithe dá gcuid féin acu. According to the Munster, 25% of the houses to be built by the State should be made available for older people to get ahead of the problem. Dar leis an Muimhneachánach gur cheart 25 faoin gcéad de na tithe atá le tógáil ag an Stát a chur ar fáil do dhaoine aosta le teacht roimh an bhfadhb. He was talking about the commitment in the Government Programme to build over 300,000 homes between now and the end of 2030. Ag caint a bhí sé ar an ngealltanas atá i gClár an Rialtais barr ar 300,000 áras cónaithe a thógáil as seo go deireadh 2030. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284tlwcd Contact: irishlingos@gmail.com Thousands participate today in a major protest, RIGHTS, for the language. Na mílte páirteach inniu i mór-agóid, CEARTA, ar son na teanga. Thousands took part today in a major national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht. Ghlac na mílte páirt inniu i mór-agóid náisiunta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. The protest was called RIGHTS, and people came from all over the country to attend. CEARTA ab ainm don agóid, agus tháinig daoine ó gach cearn den tír le freastal uirthi. The crowds marched from Parnell Square to Leinster House. Mhairseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean. Irish and Gaeltacht groups participated, along with schools, third level students, co-operative teachers, musicians and families. Bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta páirteach ann, mar aon le scoileanna, mic léinn triú leibhéil, múinteoirí comharchumainn, ceoltóirí agus teaghlaigh. CEARTA was the first such national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht in over a decade. Bhí CEARTA ar an gcéad agóid náisiúnta dá leithéid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis agus deich mbliana anuas. Among their demands, they are seeking fair funding, the right to live in the Gaeltacht, reform of the education system, and the fulfillment of long-promised language rights, Conradh na Gaeilge said today. I measc na n- éileamh atá acu, tá siad ag lorg maoiniú cothrom, an ceart chun cónaí sa Ghaeltacht, athchóiriú ar an gcóras oideachais, agus comhlíonadh cearta teanga a gealladh le fada, a dúirt Conradh na Gaeilge inniu. In a statement issued by the Department of Rural, Community and Gaeltacht Development today, Minister Dara Calleary said that he is currently focusing on securing more funding for the language and the Gaeltacht in Budget 2026. I ráiteas a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe 's Pobail agus Gaeltachta ar fáil inniu, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil sé ag díriú faoi láthair ar níos mó maoinithe a fháil don teanga agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026. He also indicated that investment in the language has increased over the past five years. Thug sé le fios freisin go bhfuil ardú tagtha ar infheistíocht sa teanga le cúig bliana anuas. "It's true that we have more funding now." "Tá sé fíor go bhfuil nios mó maoinithe againn anois. "But that is true for every sector," said Julian de Spáinn, Secretary General of Conradh na Gaeilge at the protest today. Ach tá an méid sin fíor i gcás gach earnála" a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an agóid inniu. "It's easy to have 'more' when the starting point is so low at first." "Tá sé furasta ‘níos mó' a bheith agat nuair atá an túsphointe chomh híseal ar dtús. The government spends only 0.1% of state expenditure on Irish and Gaeltacht matters. Ní chaitheann an rialtas ach 0.1 faoin gcéad de chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. "That is scandalous and there is no other option now than to radically increase funding." Tá sé sin scanallach agus agus níl aon rogha eile anois seachas ardú radacach a dhéanamh ar an maoiniú." The protest also focused on language rights in the north. Díríodh freisin le linn na hagóide ar chearta teanga ó thuaidh. An Dream Dearg is a pressure group for the language in Northern Ireland. Is brúghrúpa ar son na teanga i dTuaisceart Éireann é An Dream Dearg. A spokesman for that group, Ciarán Mac Giolla Bhéin - who is also the current President of Conradh na Gaeilge - said that despite the Identity and Language Act being in force in the north for the past few years, the rights promised therein have been slow to come, with the DUP constantly obstructing any progress in that area, he said. Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa sin, Ciarán Mac Giolla Bhéin - atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair freisin – gur in ainneoin an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a bheith i bhfeidhm ó thuaidh le cúpla bliain anuas, tá na cearta atá geallta ann mall ag teacht, agus an DUP de shíor ag cur bac ar aon dul chun cinn sa réimse sin, a dúirt sé. The lack of housing in the Gaeltacht is also a major threat to the language, and a lot of attention has been focused on the BÁNÚ group in recent years. Tá easpa tithíochta sa Ghaeltacht ina bagairt mhór don teanga freisin, agus go leor airde dírithe le cúpla bliain ar an ngrúpa BÁNÚ. The founder of that organisation, Adhna Ní Bhraonáin, said today: "I was raised in the heart of the Connemara Gaeltacht, where we spoke only Irish - at home, at school, in sports, in music, in every aspect of life." Dúirt bunaitheoir na heagraíochta sin, Adhna Ní Bhraonáin, inniu: " Tógadh i gcroílár Ghaeltacht Chonamra mé, áit ar labhair muid an Ghaeilge amháin - sa bhaile, ar scoil, i gcúrsaí spóirt, sa cheol, i ngach gné den saol. That wealth is now under threat. Tá an saibhreas sin anois faoi bhagairt. Young people are being evicted because they can't find homes in their own communities. Tá daoine óga á ndíbirt mar nach féidir leo tithe a fháil ina bpobail féin. "Without homes, there can be no communities and without Gaeltacht communities, the language will not survive." Gan tithe, ní féidir pobail a bheith ann agus gan pobail Ghaeltachta, ní mhairfidh an teanga." Attention was also drawn during the protest to the number of exemptions being granted to schoolchildren from learning the language – one in every 20 pupils – and the demand for places in Gaelscoileanna and Gaelcholáistí, north and south. Tarraingíodh aird freisin i rith na hagóide ar líon na ndíolúintí atá á mbronnadh ar dhaltaí scoile ón teanga a fhoghlaim – duine amháin as gach 20 dalta – agus ar an éileamh atá ar áiteanna i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí, thuaidh agus theas. Thousands took part in the major national CEARTA protest today, in support of the Irish language and the Gaeltacht. Ghlac na mílte páirt sa mhór agóid náisiúnta CEARTA inniu, ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ymdr2wny Contact: irishlingos@gmail.com The Ploughing Competition begins in Co. Offaly. Tús leis an gComórtas Treabhdóireachta i gCo Uíbh Fhailí. The National Ploughing Championships began today in Scraggan in Co Offaly, the largest open-air gathering in Europe which is expected to be attended by 300,000 people over the next three days. Cuireadh tús inniu leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa Screagán i gCo Uíbh Fhailí, an tóstal faoin aer is mó san Eoraip a meastar go bhfreastalóidh 300,000 duine air as seo go ceann trí lá. The event was officially opened by the President of Ireland, Michael D Higgins, the last time he will hold that position as he is due to step down from office this year. Is é Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a chuir tús oifigiúil leis an ócáid, an uair dheiridh a bheas an cúram sin air agus é le n-éirí as oifig i mbliana. Competitions, exhibitions, selling, buying, aerating and baccarat will take place at the major fair in the midlands that farmers flock to every year. Comórtais, taispeántais, díol, ceannach, aeraíocht agus bachram a bheas ar siúl ag an móraonach i lár tíre a mbíonn feirmeoirí ag triall air ina dtáinte gach uile bhliain. In addition to the fun, there will also be the seriousness and the future of the agricultural sector to be sifted by farmers and their representatives in light of the latest international trade agreements, in particular the Mercosur agreement. Chomh maith leis an súgradh, beidh an dáiríre ann freisin agus a bhfuil i ndán don earnáil talmhaíochta le criathrú ag feirmeoirí agus a n- ionadaithe i bhfianaise na socruithe trádála idirnáisiúnta is deireanaí, go háirithe comhaontú Mercosur. Farmers believe that this agreement could be very damaging to the beef and poultry sector in Ireland. Creideann feirmeoirí go bhféadfadh an comhaontú sin an-dochar a dhéanamh don earnáil mairteola agus éineola in Éirinn. Farmers are also concerned that their specific arrangement regarding the amount of nitrates they apply to their land will soon be ended. Tá imní ar fheirmeoirí freisin go gcuirfear deireadh go luath leis an socrú faoi leith atá acu maidir leis an méid níotráití a chuireann siad ar a gcuid talaimh. The European Union is asking them to apply less nitrates to the land in the future for environmental reasons, but the farmers claim that the proposed reduction is not necessary given the high water quality in this country. Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh orthu níos lú níotráití a chur ar an talamh feasta de ghrá an chomhshaoil, ach maíonn na feirmeoirí nach bhfuil gá leis an laghdú atá molta agus caighdeán an uisce sa tír seo chomh hard anois. In addition to President Higgins, the people who are seeking to replace him will also be attending the fair in Scregán at various times this week. Chomh maith leis an Uachtarán Higgins, na daoine atá ag iarraidh teacht ina áit, tabharfaidh siad féin sciuird ar an aonach sa Screagán ag tráthanna éagsúla an tseachtain seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dj5v2tk Contact: irishlingos@gmail.com Qatari Prime Minister to meet with senior American officials. Príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá. The Qatari prime minister is to meet with senior American officials. Tá príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá. It is expected that the Israeli attack on Hamas leaders in Doha will be discussed during the meeting. Tá súil go bpléifear ionsaí Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha le linn an chruinnithe. It is also hoped that they will talk to each other about the progress that has been made in achieving a ceasefire. Tá súil freisin go labhróidh siad lena chéile faoin dul chun cinn atá déanta ó thaobh sos cogaidh a bhaint amach. Following the meeting with senior officials, Qatari Prime Minister Sheikh Mohammed bin Abdulrahman al-Thani will meet with US Secretary of State Marco Rubio at the White House in Washington, the US State Department confirmed today. Tar éis an chruinnithe leis na hoifigigh shinsearacha, buailfidh Príomhaire Chatar, an Síc Mohammed bin Abdulrahman al- Thani, le Stát-Rúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, sa Teach Bán in Washington, a dheimhnigh an Roinn Stáit i Meiriceá inniu. It was also reported in the media today that the Qatari Prime Minister is expected to meet with US President Donald Trump, Vice President Vance and the US special envoy, Steve Witkoff. Tuairiscíodh sna meáin inniu freisin go bhfuiltear ag súil go mbualfaidh Príomhaire Chatar le hUachtarán Mheiriceá, Donald Trump, le Leas-Uachtarán Vance agus le toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, chomh maith. Israel's attack on Qatar was sharply criticized around the world. Rinneadh cáineadh géar ar fud an domhain ar ionsaí Iosrael ar Chatar. Some world leaders and the United Nations said it was a violation of international law and that the raid risks escalating the conflict in the region. Dúirt ceannairí domhanda áirithe agus na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an t-aighneas sa réigiún níos measa i bhfianaise an ruathair. The United Nations Security Council published a statement yesterday condemning the attack. D'fhoilsigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inné ar cáineadh an t-ionsaí. It was a statement signed by all members of the Security Council, including the United States. Ba ráiteas é a shínigh na baill ar fad den Chomhairle Slándála, na Stáit Aontaithe ina measc. America and Israel are allies. Is comhghuaillithe iad Meiriceá agus Iosrael. Israel was not mentioned in the statement, however. Níor luadh Iosrael sa ráiteas, áfach. President Trump says Qatar and America are also allies. Deir Uachtarán Trump gur comhghuaillithe iad Catar agus Meiriceá freisin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2doh2trn Contact: irishlingos@gmail.com 16 people killed in train crash in Lisbon. 16 duine maraithe i dtubaiste traenach i Liospóin. At least sixteen people were killed when a cable car train derailed in the Portuguese capital, Lisbon, yesterday evening. Maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad nuair a d'imigh traein cháblach de na ráillí i bpríomhchathair na Portaingéile, Liospóin, tráthnóna inné. 21 other people were injured in the disaster. Gortaíodh 21 duine eile sa tubaiste. There were foreigners among the dead but it is not yet clear where they came from. Bhí eachtrannaigh i measc na marbh ach ní sé ráite fós cárbh as iad. Lisbon is a hilly city and tourists mostly use the light rail to explore its steeper areas. Cathair chnocach is ea Liospóin agus is turasóirí is mó a bhaineann leas as an iarnród sráide le sciuird a thabhairt ar na ceantair is crochta inti. The train was coming down from the top when it lost control and continued at full speed until it hit a building turning into the street. Ag teacht anuas ón ard a bhí an traein nuair a d'imigh sí ó smacht agus lean ar aghaidh faoin lán siúil nó gur bhuail sí foirgneamh ag casadh sa tsráid. It is believed that the train went out of control when the cable it was pulling broke. Meastar gur imigh an traein ó smacht nuair a bhris an cábla a bhí á tarraingt. The Portuguese Government has declared a national day of mourning in honour of the dead today. Tá lá náisiúnta dóbróin in ómós do na mairbh fógartha inniu ag Rialtas na Portaingéile. Tánaiste Simon Harris said that the Irish Embassy in Lisbon is ready to provide assistance if needed. Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil Ambasáid na hÉireann i Liospóin réidh le cabhair a thabairt má theastaíonn sí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22k3qlm9 Contact: irishlingos@gmail.com Thousands of Palestinian children living in classrooms. Na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí i seomraí ranga. Israeli military forces reportedly killed at least 24 Palestinians, including children, in various locations in Gaza today. Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael 24 Palaistíneach ar a laghad, páistí ina measc, in áiteanna éagsúla in Gaza inniu. Their base was killed in Gaza City, where the Israelis are pushing forward with the intention of expelling the entire population from the area. Ba i gCathair Gaza a maraíodh a mbunáite, mar a bhfuil na hIosraelaigh ag brú chun cinn agus rún acu an pobal ar fad a dhíbirt as an áit. It seems that the majority of the population will have no choice but to submit to the force, leave their homes, hit the road and seek refuge in the distance. Is cosúil nach mbeidh aon rogha ag formhór an phobail ach géilleadh don fhorneart, a mbailte a fhágáil, bóthar a bhualadh agus dídean a lorg i gcéin. However, some people are sick and tired of the constant distraction and are taking a stand. Mar sin féin, tá roinnt daoine tinn tuirseach den seachrán síoraí agus tá siad ag cur cos i dtaca. They are not willing to move again, they say, no matter what kind of victimization they are subjected to. Níl siad sásta bogadh arís eile, a deir siad, is cuma cén sórt íospartha a thabharfar dóibh. Instead of learning, as is customary for schoolchildren around the world at this time of year, over a thousand Palestinian children are living by day and sleeping by night in classrooms in Gaza, their only shelter from the missiles. Seachas a bheith ag foghlaim, mar is dual do dhaltaí scoile ar fud an domhain an tráth seo bliana, tá breis agus na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí de ló agus ina gcodladh d'oíche i seomraí ranga in Gaza, an t-aon díon atá acu ar na diúracáin. For the third year in a row, these children's education has been disrupted while every aspect of life in Gaza is going from bad to worse. Den tríú bliain as a chéile, tá oideachas na bpáistí sin curtha ar ceal agus gach gné den saol in Gaza ag dul ó mhaoil go mullach. It's not all brutality and compassionate people from outside are doing their best to come to the aid of the people of Gaza. Ní brúidiúlacht ar fad é agus tá daoine trócaireacha ón taobh amuigh ag déanamh a seacht ndícheall teacht i gcabhair ar mhuintir Ghaza. A humanitarian flotilla, twenty boats filled to the brim with relief supplies, are on their way to Gaza and they should be. Loingeas daonnúil, dhá scór bád lán go boimbéal le soláthairti fóirithinte, tá siad ar a mbealach go Gaza agus an chóir leo. But what are the chances of them reaching port, especially when such capable vessels as these have already been defeated by the Israelis! RTÉ News and Current Affairs Ach cén seans go mbainfidh siad port amach, go háirithe agus soithí fónta mar iad ruaigthe cheana ag na Iosraelaigh! Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22w8p9ut Contact: irishlingos@gmail.com Luas services suspended due to fire. Seirbhísí Luas ar fionraí de bharr dóiteáin. Luas services between Connolly Station and Ring Depot in Dublin were suspended this morning due to a fire that damaged a bridge on the Red Line. Cuireadh ar fionraí ar maidin inniu seirbhísí Luas idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Iosta na Rinne i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dhóiteán a rinne damáiste do dhroichead ar an Líne Dhearg. The fire, which has since been extinguished by Dublin Fire Brigade, started on George's Dock Bridge shortly after 6pm yesterday evening. Is ar Dhroichead Dhuga Sheoirse go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné a thosaigh an dóiteán atá múchta ó shin ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. The electricity cables and gas main underneath the bridge caught fire. Chuaigh trí thine na cáblaí leictreachais agus an príomhlíonra gáis thíos faoin droichead. Gas Networks Ireland says its staff assisted the Fire Brigade in tackling the fire but the company says the cause is not yet known. Deir Líonraí Gáis Éireann gur chabhraigh foireann dá gcuid leis an mBriogáid Dóiteáin dul i ngleic leis an dóiteán ach deir an comhlacht nach fios fós cad ba chúis leis. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
loading
Comments