Discover
Seachtain
![Seachtain Seachtain](https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts211/v4/dc/ad/5c/dcad5ce0-de9b-0aae-2cf3-5b4748c268c5/mza_13147030779276020815.jpg/400x400bb.jpg)
28 Episodes
Reverse
Ní gnáth rud é go mbeadh club CLG nuabhunaithe sa lá atá inniu ann ach ní gnáth club atá i gceist le East Belfast GAA – club chumann lúthchleas Gael in Oirthear Bhéal Feirste. Bunaithe sa bhliain 2020, tá an-rath ar an gclub – d'ainneoin dúshláin ar leith nach mbeadh ag gnáth club - bagairtí, buama bréige agus bolscaireacht. Ar phodchraoladh Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Rúnaí an chlub Irial Ó Ceallaigh agus iriseoir leis an BelTel, Liam Tunney.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
Suntasach - considerable
Oirthear Bhéal Feirste - East Belfast
Paróiste - parish
Uair dá raibh – back in the day
Saor in aisce - free
Béal dorais - béal dorais
Go stairiúil - historically
Dílseacht - loyalty
Teannas - tension
Daonra - population
Dianghlásáil - lockdown See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thall sa Bhreatain, tá na Tóraithe go mór ar chúl, agus tá Labour go mór chun tosaigh sna pobalbhreitheanna. Mar sin féin, is é Nigel Farage ó Reform UK, atá chun tosaigh sna ceannlínte - cén tionchar a bheas aige ar an olltoghchán thall i ndeireadh na dála?
Labhair Ciarán Dunbar le Ciarán Ó Pronntaigh agus le hUrsula Ní Ní Shabhaois
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
Toghcheantar - constituency
Cosúlacht - expectation
Seasmhach - consistent
Leadránach - boring
Tionchar - impact
Aird - attention
Claonadh - bias
Eite clé - left wing
Cruálach - cruel
Muinín - confidence
Ceannann céanna - same See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chaith Eamonn Mallie breis agus caoga bliain ag obair mar iriseoir. Ina leabhar úr, ‘Eyewitness to War and Peace’, pléann sé na heachtraí a d’athraigh an pholaitíocht ó thuaidh. Labhraíonn sé le Ciarán Dunbar faoin tréimhse fhoréigneach sin agus faoi na mórscéalta a bhris sé.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scaoileadh Molly Martens agus Tom Martens saor ón bpríosún sna Stáit Aontaithe le déanaí. Ciontaíodh iad as dúnorgain Jason Corbett, fear as Luimneach.
Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin leis an scéal seo a thabhairt chun solais.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
seirbhísí éigeandála - emergency services
na cúisithe - the accused
triail - trial
príosún - prison
atriail - retrial
dúnorgain - manslaughter
admhaigh - admit
féinchosaint - self-defence
torann - noise
tacht - strangle
fianaise - evidence
feighlí - caretaker
geallta - engaged
cumhach - homesick
de ghlanmheabhair - off by heart See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an comhaireamh fós ag leanúint ar aghaidh. Cinneadh mór le déanamh ag Simon Harris théis teip Shinn Féin.
Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Conchúr Ó Faoláin faoin scéal is déanaí óna hionaid chomhairimh.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
Comhaireamh - counting
Toghchán - election
Leigheas – heal
Dul chun cinn - advancement
Cáineadh - criticism
Easpa - lack
Todhchaí - future
Baol - risk
Seasamh - standing
Tacaíocht - support
Neamhspleách - independent
Feachtas - campaign
Ginmhilleadh - abortion
Olltoghchán - general election See omnystudio.com/listener for privacy information.
Rinne an Dr Fangzhe Qiu, agus a bhean chéile, iarracht a shaoránacht a bhaint amach sa tír seo trí Ghaeilge – ach bhí an-deacrachtaí acu. Thuig an Dr Qiu agus a bhean chéile go láithreach go mbeadh sé dúshlánach an sprioc seo a bhaint amach. Céard go díreach a tharla?
Labhraíonn an Dr Qiu le Ciarán Dunbar faoina haistear teanga agus faoin saol atá aige in Éirinn le fiche bliain anuas.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
Dícheall - Best endeavour.
Mionlach - minority
an Ísiltír - the Netherlands
Dochtúireacht - Doctorate
an Pholainn - Poland
Dúchais - Native
Éagsúlacht - Diversity
Saoránacht - Citizenship
Conspóid - Controversy
Intinn oscailte – open-minded
Imirce - Migration
Spaisteoireacht - Meandering
Caipitlíoch - Capitalist
Léargas - Insight
Saineolaí- Expert
Faoin tuath - Countryside See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cá mbeimis gan CLG agus cluichí Gaelacha? An CLG ar an bhfód le 150 bliain agus in éineacht leis tá an LGFA – peil na mban - atá 50 bliain ar an saol anois. On this episode of Seachtain - le Ciarán Dunbar tá Paul Rouse, Ollamh in UCD a dhíríonn isteach ar an stair spóirt - agus Hayley Kilgallon, mic léinn PhD ar an LGFA.
Foclóir:
Foinse - source
Iomáint - hurling
Deighilt – split
Caid: Another name for Gaelic football, usually referring to pre-codified varieties in the south west of Ireland
Bunchloch – foundation
Nua-aoiseach - modern
Oidhreacht – heritage
Rogha – choice
Ionannas - equality See omnystudio.com/listener for privacy information.
Gráinne Ní Aodha and Conchúr Ó Faoláin join Ciarán Dunbar with their take on the European Election in Dublin. Tá 23 iarrthóir ag seasamh i dtoghcheantar na hEorpa i mBaile Átha Cliath.
Tá ceithre shuíochán le líonadh agus tá triúr den cheathrar atá ann anois ag seasamh arís.
Cé hiad na hiarrthóirí seo, cad é na hábhair is mó atá tábhachtach do vótálaithe na príomhchathrach agus cad atá na pobalbhreitheanna ag cur in iúl dúinn?
Léirithe ag Róisín Ní Mhaoláin agus Tessa Fleming
Some words you may find useful:
Feachtasaíocht - campaigning
Ag filleadh - returning
Ardnósach - snobby
Suntasach - considerable
Tithíocht - housing
Daonlathach - democratic
Díospóireachtaí - debates
Reachtaíocht - legislation
Toghcheantar - constituency
Míchruinn - inaccurate
Smaointeoireacht - thinking
an Úcráin - Ukraine
Liobrálach - liberal
Eite dheas – right wingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Foclóir:
Toghcheantar - constituency
Canbhás - canvas
Bruachbhaile - suburb
Inimirce – immigration
Stocaireacht - lobbying
Iarrthóir - candidate
Tithíocht - housing
Fealsúnacht - philosophy
Bileoga - leaflets
Buille faoi thuairim - guess
Go rialta - regularly
Fear gnó - business man
Ionadaíocht - representation
Conspóideach - controversial
Neamhspleách - independent
Deighilt - divisionSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig sé chun solais go raibh an PSNI ag déanamh monatóireacht ar thaifid ghutháin iriseoirí ar leith ó Thuaidh. Iriseoirí a bhí ag tógáil achrainn faoin fhórsa – de réir an fhórsa féin. Tá Ceardchumann na n-Iriseoirí, dlíodóirí agus anois – Amnesty International ag éileamh go mbeadh fiosrúchán ann maidir leis an PSNI a bheith ag déanamh faireachais ar iriseoirí.
Labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming.
Foclóir:
Fórsaí slándála - security forces
Spiaireadóireacht - spying
Claonpháirteachas - Collusion
Faireachas – surveillance
Ag éileamh – demanding
Ceardchumann – trade union
Lámh in uachtar – the upper hand
Cinsireacht – censorship
Ball – member
Dlíodóirí - lawyers
Conspóideach - controversial
Iachall a chur ar – to force See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar an 17ú Bealtaine 1974, réab trí phléascadh ollmhóra trí chroílár Bhaile Átha Cliath agus phléasc buama eile taobh amuigh de theach tábhairne i mBaile Mhuineacháin. 50 bliana ar aghaidh, labhraíonn Caoimhín Ó Lochlainn faoi na cuimhní atá aige faoina mháthair agus an troid ar son na fírinne.
Foclóir:
Réab - erupt
Pléascán - blast
Rabhadh - warning
Go sonrach – in detail
Eachtra - incident
Sochraid - funeral
Troscán - furniture
Spiorad – spirit
Coitianta - common
Aird – attention
Fiosrúchán - investigation
Easpa – a lack of
Feachtas – campaign
Níos leithne - wider
Níos doimhne – deeper
Comóradh - commoration See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá suíomh nua Gaeilge lonnaithe sa Rúis ach tá amhras ann gur iarracht lag ar bholscaireacht atá ann. Tá ‘An Rúis Inniu’ ar fáil ar an suíomh ‘Pravda-IE'’. Ach an féidir linn na scéalta atá á phlé a chreidiúint? Céard go díreach é an mífháisnéis? Ar cheart dúinn imní a bheith orainn anseo in Éirinn nó an é gur chóir léamh faoi dhearcadh na Rúise?
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Aíonna: Cathal Mac Coille agus Emmet Ryan
Foclóir:
Bréagfháisnéis - false information
Bolscaireacht – propaganda
Infheistíocht - investment
Cinsireacht – censorship
Slógadh - mobilization
Doléite - illegible
Paindéim - pandemic
Dallamullóg - deception
Dochar – harm
Contráilte - incorrect
Beochraoladh – live transmission
Intleachtúil - intellectual
Eagarthóir - editor
Barraíocht - excess
Seafóideach - farcical
Ráflaí - rumours
Mionlach – minority See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá teannas polaitiúil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe arís is é inimirce is cúis leis. Maíonn rialtas na hÉireann go bhfuil an-chuid iarrthóirí tearmainn ag teacht isteach thar an teorainn agus go bhfuil an ceart ag Éirinn iad a chur ar ais arís. Tá an RA ag rá nach nglacfaidh siad leo agus gur fianaise é seo go bhfuil ‘Scéim Ruanda’ ag feidhmiú go maith.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Aíonna: Ursula Ní Shabhaois agus Amy Ní Riada
Foclóir:
Mídhleathach - illegal
Ag lorg tearmann – seeking asylum
Teifigh – refugees
Dídeanaí - refugees
Bagairt - threat
Díspreagadh - deter
Inimirce - immigration
Dodhéanta - impossible
Ualach - burden
céasadh intinne – mental torture
Deachtóir - dictator
Daonlathach – democratic
Is leochailí - most vulnerable
An Chúirt Uachtarach - Supreme Court
Cinedhíothú - Genocide
Treibheanna - TribesSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Cúisíodh Lucy Letby i 2023 as seachtar leanbh a rugadh roimh am a dhúnmharú agus as iarrachtaí a dhéanamh seisear eile a mharú. Tharla na hionsaithe idir 2015 agus 2016. Tá Letby os comhair na cúirte agus í ag iarraidh achomhairc. Labhair Seachtain leis an iriseoir Emer Moreau faoin chás.
Foclóir:
Comharthaí – signs
Aonad – unit
Dé réir cosúlachtaí – by all appearances
Ag dul amú – going wrong
Láithreach – immediately
Leathchúpla – one twin
Athshlánú – resuscitate
Nimhiú – poisoning
Cárta comhbhróin – sympathy card
Gan rabhadh – without warning
Coireanna uafásacha – horrible crimes
Gabh na póilíní uirthi – the police arrested her
Imscrúdú – investigation See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig Sir Jeffrey Donaldson agus a bhean an Bhantiarna Eleanor Donaldson os comhair Cúirt Dúiche an Iúir Dé Céadaoin. Labhair Seachtain le Liam Tunney, iriseoir leis an Belfast Telegraph, a bhí i láthair sa chúirt ar maidin.
Foclóir:
Cúiseamh - charge
gníomh ró-mhígheanasach – gross indecency
ionsaithe mhígheanasacha - indecent assault
íospartaigh líomhnaithe – alleged victim
Gearánach - complainant
Éigniú - rape
Líomhnaítear – it is alleged
Toiligh – consent
Meargánta - reckless See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir aos óg na nGaeltachtaí go bhfuil siad á mbrú amach as na ceantair inár tógadh iad. De réir an ghrúpa feachtasaíochta BÁNÚ ní féidir le daoine óga teach a cheannach, teach a fháil ar cíos nó teach a thógáil mar gheall ar an easpa soláthar. Labhair Seachtain le Maitiú de Hál faoi na fadhbanna, na réitigh agus an tionchar ar mhuintir na háite.
Host: Ciaran Dunbar
Guest: Maitiú de Hál
Foclóir:
A chur ina luí - explain to people
Ceap milleáin - scapegoat
Sain-riachtanais – specific needs
De hachmainn – within their resources
Fíor shrianta – very restricted
Seachadadh – delivery
Sólathar - supply
tithíocht inacmhainne – affordable housing
A threisiú - to stengthen
Dréacht treoirlínte - draft guidelines
Séarachas - sewage
Rialaithe – Governing
Sáite - immersed in
Ní raibh an dara rogha aici – she didn’t have a another choice
Práinn - urgency
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Former DUP leader due to appear before Newry Magistrates' Court on a raft of sex crime charges - séanann sé go láidir na líomhaintí seo. Cad é atá ar eolas againn faoin chás go dtí seo? Cad iad na cúisimh atá curtha i leith Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile?
Láithreoir: Tessa Fleming.
Tuairisceoir: Ciarán Dunbar
Cúisimh - charges
Liomháintí ghnéis - sexual allegations
Anaithnideacht – anonymity
Íospartach líomhnaithe - alleged victim
Cúirt Chorónach - Crown Court
Leid – inkling
Ní mór do – It's necessary
Séanann sé - he denies
Sa gearr-thréimhse - in the short term
Coinníollacha bannaí - bail conditions
Curtha ar fionraí - suspended
Feisire – Member of Parliament
Cosc - ban
Imscrúdú - investigation
Ní bheadh sé ar a leas aige – It wouldn’t be to his advantage
Ag saothrú - earning
Inaitheanta - recognisable
Oireann sé – it suits See omnystudio.com/listener for privacy information.
"Chuir siad fríd rud nár cheart dom a dul tríd.”
Tá leithscéal gafa ag aerfort Bhaile Átha Cliath le húdar clúiteach Gaeilge as eachtra a thit amach ina raibh uirthi a próistéis brollaigh a thaispeáint go poiblí. Labhair Seachtain le Realtán faoin eachtra seo, faoina turas ailse agus faoina cuid scríbhneoireachta.
Foclóir:
Cnapáin - lumps
A ceannsú - tame
A dhíbirt - banish
Cóir leighis – medical treatment
Ar lár - missing
Cíoch - breast
Meáchan - weight
Leacht – fluid
Broin – womb
Scanóirí - scanners
Cíochbheart - bra
Gan dua – without difficulty
I lár an aonaigh - in the middle
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Anois go bhfuil Simon Harris tofa mar Thaoiseach, d’fhógair sé go bhfuil sé i gceist aige freastal ar ranganna Gaeilge. Dúirt sé nach bhfuil mórán Gaeilge aige agus gur chóir dúinn níos mó a dhéanamh sa tír seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach an bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an Taoiseach? Labhraíonn Seachtain leis an Ollamh dlí Seán Ó Conaill ar an cheist. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cúisíodh Sir Jeffery Donaldson as líomhaintí gnéis stairiúla. Tá sé ráite ag Donaldson go séanfaidh sé na cúiseanna, ach tá na himpleachtaí le mothú sa chóras polaitíochta. Labhraíonn Tessa Fleming leis an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir.
Foclóir:
Líomhaintí gnéis - allegations of abuse
Cúis - to charge
Cathanna - battles
Aniar aduaidh – to come out of nowhere
I mbarr a réime - at the top of his game
Creatlach Windsor – Windsor Framework
Feisire Parlaiminte – Member of Parliament
A mheáigh - to estimate
Cigilteach – thorny or delicate
Tráth den saol – was once/once upon a time
Is aitheanta – most recognised
Rabhadh – warning
Cuireadh ar fionraí é - He was suspended
Ciontach - guilty
Neamhchiontach – not guilty See omnystudio.com/listener for privacy information.
Comments