23 Samhain 2024 (Luimneach)
Description
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.
Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair ar
bhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe.
I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, ar
Hand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige.
Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
diúracán balaistíoch - ballistic missile
crann coill - hazel tree
saoráid mhíleata - military facility
ionsaí gnéasach - sexual assault
neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder
líomhaintí - allegations